Gaois

ar shála

Nath fáthchiallach

Ceannfhocail

sáil

Cur síos

Díreach i ndiaidh a chéile.

Samplaí corpais

  • Bhí na daoine as a meabhair nách mór le neart áthais. Tháinig, ar shálaibh an sgéil sin, an tarna sgéal, go raibh beirtha arís air agus go raibh sé istigh níos daingne ná bhí sé riamh.

  • Do tháinig as an gcainnt sin gur eirigh na Fairisínigh go léir ar buile, gur las cogadh uathbhásach, ansan gur tháinig gorta i ndiaidh an chogaidh agus pláig i ndiaidh an ghorta; agus go raibh cogadh agus gorta agus pláig ag teacht ar shálaibh a chéile go dtí gur imireadar íde ghlan ar náisiún na nIúdach.

  • Ní raghaidh sé as a taithíghe mar a théidhean daoíne anois as a taithíghe, mar beidh meas uirthi agus beidh sí d'á labhairt ins gach áit ' nar féidir í labhairt, agus beid na leabhair Ghaeluinne ag teacht amach coitchianta, ar shálaibh a chéile, agus caoi aige ar iad do léighe.

Míniú breise

  • Díreach 'na dhiaidh, ceann i ndiaidh an chinn eile.
  • Anuas sa mhullach air.
  • Díreach ina dhiaidh.
  • Ar thóir, láithreach bonn baill, díreach i ndiaidh, go luath.
  • Díreach ina dhiaidh.

Samplaí breise