an tseamróg a bheith (ag)
FíornathCeannfhocail
Cur síos
An chraobh; dea-thoradh.
Samplaí corpais
Dob'áluinn an tseóid an chailís sin. Dar leis an mbeirt ní raibh seóid eile mar í le fághail sa domhan an uair sin. Nuair a bhí tamal beag caithte acu ag feuchaint uirthi agus ag déanamh iongnadh dhi do thóg Gormfhlaith léi í agus chuir sí i gcoimeád í. Agus, ar sise, beidh an tseamróg ag an t-é a gheóbhaidh amach as mo láimh-se airís í!
B'fhéidir dá gcuirtí go mbeadh an buadh aici sa n-obair sin fé mar atá ins na h-oibreachaibh eile. Donchadh: B'fhéidir é. Ach bheadh an tseamróg agat dá bhféadfá an méid sin a chur 'na luíghe ar chuid de mhuíntir Chorcaighe. Tadhg: Ní thabharfad féi.
Bhí, nídh nár bh'iongna, uathbhás agus iongna agus alltacht ortha-san. Chuadar abhaile go dtí cathair Tuíre, agus bheadh an tseamróg ag an té fhéadfadh iad a mhealladh, as san amach, chun páirt a ghabháil le h-aon treabhchas daoine, i gcoinnibh Héróid.
Crostagairtí
Samplaí breise
Tá seamróg na gceithre gcluas agat. Tá rath ort, tá an t-ádh id bhóthar. Tá buadh agat. Tá an tseamair Mhuire agat.
94. Agus, ar sise, beidh an tseamróg ag an t-é a gheóbhaidh amach as mo láimh-se airís í. The person who will take it from me again will have something to boast of.
1. Bheadh an tseamróg agat. Chreidtí an té a gheobhadh seamróg na gceithre chluas go mbeadh fios aige agus go mbeadh gach rath agus séan air. Mar sin nuair a thugann duine faoi rud thar a chumas, deirtear leis "níor mhór an tseamróg a bheith agat chun é sin a dhéanamh".