Gaois

gan leithead bonn a dhá chos

Nath fáthchiallach

Ceannfhocail

bonn, cos, dhá, leithead, talamh

Cur síos

Puinn den talamh.

Samplaí corpais

  • Mise an fear a dhíbir thu ó thalamh do shinsir agus nár fhág leithead bonn do dhá chos de thalamh Uladh agat.

Úsáid

Úsáidtear an nath seo san fhoirm dhiúltach amháin.

Míniú breise

  • Do sciobas do chuid tailimh go léir uait. Thógas a bhfuil agat.
  • Níor fhág rian den talamh.
  • Gan aon talamh.
  • Níor fhág se oiread agus troigh ceárnach de thalamh Uladh agat.

Samplaí breise

  • 1. (b) (b) Area, space, of certain width. Bhí leithead ár mbonn, ár gcos, de thalamh na hÉireann againn, we had planted our feet on Irish soil.