Gaois

idir an dá shúil

Nath fáthchiallach

Ceannfhocail

dhá, súil

Cur síos

Ag díriú ar dhuine nó ar rud go lom díreach.

Samplaí corpais

  • D'fheuch Mac Conglinne idir an dá shúil air. "Seachain tú féin, a dhuine mhacánta!" ar seisean. "Is caol an rud an dlígh. Ná cuir barra méire orm, nó is duit is measa."

  • Ní'l aon lá i gcaitheamh na seacht gcéad blian san ná raibh ar a gcumas do mhuintir na h-Éirean, dá dtagaidís go léir ar aon aigne agus bualadh i n-aonfheacht, buille, mar a deirir, do bhualadh idir an dá shúil ar Shasana, buille a dhéanfadh í chur seacht slata i ndiaigh a cúil ar fleasg a droma.

  • D'féach sé idir an dá shúil orm agus sult ar lasadh 'n-a shúilibh féin. Dar fiadh, a Athair, ach siné an sgéal is greannmhaire d'ár airigheas-sa de sgéaltaibh greannmhara riamh!

Samplaí breise