Gaois

dath a chur (ar)

Leathnath

Ceannfhocail

dath, cuir

Cur síos

Cur leis an gcuntas; an scéal a mhaisiú.

Samplaí corpais

  • Do cimeádadh cúntas ó lá go lá ar an méid sin gnótha an fhaid a bhí an gnó ar siubhal, agus nuair a bhí an gnó déanta do cuireadh an cúntas anonn ag triall ar Eilís, agus do chuir Essecs leitir chúichi i dteannta an chúntais. Chuir sé an dath ab fhearr a dh'fhéad sé ar an obair.

  • Agus anois, b'shin é Sior Coneus Clifort marbh, comhacht na banríghne curtha fe chois i gcath an Chorrshléibhe, an taobh thiar d'Éirinn, ó'n Sionainn go faraige, ag Ó Domhnaill, cúig' Uladh soir ó thuaidh ar a 'thoil féin ag Ó Néill - agus an fiche míle fear imighthe fuar fánach. Ba ró-dheacair aon dath a chur ar an saghas san sgéil d'Eilís.

  • "Is cuma liom-sa," arsa Meadhbh, "cad é an dath a bheidh ar an sgéal acu nuair a raghaid siad abhaile go h-Eamhain. Bíodh sé breac nó buidhe acu an fhaid a bheidh siad abhfad uainn agus ná beidh aon bhaoghal go dtiocfaid siad thar n-ais."

Crostagairtí

Samplaí breise