Gaois

Fógra séanta

Cruthaíodh an áis seo mar acmhainn inmheánach cuardaigh d’fhoireann eagarthóireachta ghrúpa taighde Gaois agus mar chuid den phróiseas sin rinneadh aithint optúil carachtar (OCR) ar chuid de na hionstraimí reachtúla lena n-ullmhú le cur leis an gcorpas. Ina dhiaidh sin ba ghá pacáiste bogearraí a úsáid chun ailíniú a dhéanamh orthu. Chruthaigh an dá phróiseas uathoibríocha seo líon beag earráidí téacsúla agus cé go bhfuil gach iarracht déanta ag Gaois na hearráidí sin a cheartú tá mionearráidí fánacha fós le sonrú i gcuid de na míreanna. Is fiú a lua freisin go raibh líon beag botún cló sna buntéacsanna agus nach ndearnadh aon eagarthóireacht orthu sin. Tá fáilte roimh aiseolas ó úsáideoirí maidir le hearráidí a thugtar faoi deara. Más cuí, réiteofar iad de réir a chéile.

Reachtaíocht na hÉireann: Thug Rialtas na hÉireann cead do Gaois míreanna ailínithe ó reachtaíocht na hÉireann a chur ar fáil ar an suíomh gréasáin seo. Tá an suíomh á chur ar fáil don phobal mar acmhainn teanga amháin seachas mar acmhainn údarásach dlí. Cé go bhfuil gach iarracht déanta ag Gaois ar chruinneas na sonraí ar an suíomh gréasáin seo a dheimhniú, ní ghlacann Gaois aon fhreagracht as ráthaíochtaí, gealltanais ná barántaí a bhaineann le cruinneas ná iomláine na faisnéise a sholáthraítear ar an suíomh gréasáin ná leis an bhfaisnéis a bheith chun dáta ná ní thugann Gaois ráthaíochtaí, gealltanais ná barántaí den sórt sin ná ní ghlactar aon dliteanas ar bith ag eascairt as aon earráidí ná neamhghníomhartha. Tugtar rabhadh d'úsáideoirí gurb é an leagan oifigiúil den reachtaíocht an leagan atá foilsithe i gcóip chrua ag Oifig an tSoláthair agus is ar an úsáideoir atá an fhreagracht na bunfhoinsí sin a cheadú más cuí.

Reachtaíocht an Aontais Eorpaigh: Thug an Coimisiún Eorpach cead do Gaois míreanna ailínithe ó reachtaíocht roghnaithe an Aontais Eorpaigh a chur ar fáil ar an suíomh gréasáin seo. Tá an suíomh á chur ar fáil don phobal mar acmhainn teanga amháin seachas mar acmhainn údarásach dlí. Cé go bhfuil gach iarracht déanta ag Gaois ar chruinneas na sonraí ar an suíomh gréasáin seo a dheimhniú, ní ghlacann Gaois aon fhreagracht as ráthaíochtaí, gealltanais ná barántaí a bhaineann le cruinneas ná iomláine na faisnéise a sholáthraítear ar an suíomh gréasáin ná leis an bhfaisnéis a bheith chun dáta ná ní thugann Gaois ráthaíochtaí, gealltanais ná barántaí den sórt sin ná ní ghlactar aon dliteanas ar bith ag eascairt as aon earráidí ná neamhghníomhartha. Tugtar rabhadh d'úsáideoirí gurb é an leagan oifigiúil de reachtaíocht an Aontais Eorpaigh an leagan atá foilsithe i gcóip chrua d'Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus is ar an úsáideoir atá an fhreagracht na bunfhoinsí sin a cheadú más cuí.