Acmhainní Gaois.ie
July 13, 2016
Tá Fiontar ag forbairt acmhainní teanga, téarmeolaíochta, logainmníochta agus béaloidis mar aon le tionscadail eile i réimse na teicneolaíochta teanga agus na ndaonnachtaí digiteacha le deich mbliana anuas. Is ardán é gaois.ie chun acmhainní teanga agus téarmaíochta áirithe atá forbartha ag Fiontar a chur ar fáil don phobal.