1,000 Leantóir ag téarma.ie ar Instagram
June 8, 2018
Cruthaíodh cuntas nua Instagram don Bhunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge (téarma.ie) i dtús na bliana 2018 agus tá breis agus 1,000 leantóir ag an gcuntas anois.
June 8, 2018
Cruthaíodh cuntas nua Instagram don Bhunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge (téarma.ie) i dtús na bliana 2018 agus tá breis agus 1,000 leantóir ag an gcuntas anois.
January 11, 2018
Rinneadh athchóiriú ar leathanach Facebook téarma.ie le déanaí agus cruthaíodh cuntas úrnua don Bhunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. Cuireadh deireadh le seanleathanach téarma.ie ar Facebook ós rud go raibh sé fós nasctha le seanainm an tsuímh, focal.ie. Chomh maith leis sin, cruthaíodh cuntas nua ar Instagram. As seo amach, beidh na cuntais Facebook, Instagram agus Twitter nasctha le chéile agus déanfar ‘téarma an lae’ a phostáil ar na hardáin meán sóisialta seo i dteannta a chéile.