Gaois

Blag Gaois (eochairfhocal: Daonnachtaí Digiteacha)

Daonnachtaí Digiteacha

25 blagmhír

  1. Léargas ar roinnt beathaí nua ar ainm.ie

    22 Feabhra 2018

    Cuireadh ocht mbeatha nuascríofa leis an an mBunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge, www.ainm.ie, roimh an Nollaig. Tá an tionscadal beathaisnéisí Gaeilge seo á fhorbairt ó 2009 i leith ag Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU, i gcomhar le Cló Iar-Chonnacht, le Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú (údair na naoi n-imleabhar a d’fhoilsigh An Clóchomhar idir 1986 agus 2007 faoin teideal Beathaisnéis) agus le painéal comheagarthóirí a bunaíodh in 2013.

  2. Gradam eir Spiders buaite ag dúchas.ie

    4 Nollaig 2017

    Reáchtáladh Gradaim eir Spiders maille le searmanas bronnta na ngradam ar an 30 Samhain i mbliana agus bhí an t-ádh leis an tionscadal dúchas.ie an duais don Suíomh Gaeilge is Fearr a bhuachan ar an oíche. Is iad na gradaim teicneolaíochta digití is seanbhunaithe in Éirinn agus i dTuaisceart Éirinn iad seo agus tugtar aitheantas do chomhlachtaí agus d’eagraíochtaí pobail a léiríonn cruthaitheacht agus nuálaíocht ar líne.

  3. Taighde agus taisteal an tsamhraidh

    24 Lúnasa 2017

    Cé go mbíonn cúrsaí níos ciúine san ollscoil i gcaitheamh an tsamhraidh, bíonn an fhoireann taighde anseo in Fiontar & Scoil na Gaeilge (FSG) ag obair leo go dícheallach i gcónaí. D’éirigh le baill den fhoireann freastal ar roinnt comhdhálacha le linn an tsamhraidh chun gnéithe éagsúla den obair agus den taighde a bhíonn idir lámha againn ó lá go lá a chur i láthair. Tugtar spléachadh sa bhlagmhír seo ar chuid den ábhar a pléadh in áiteanna difriúla le déanaí.

  4. Logainm.ie ainmnithe do ghradam eir Spiders

    4 Nollaig 2016