Domhnach Chrom Dubh
31 Iúil 2017
Déantar ceiliúradh ar Dhomhnach Chrom Dubh ar an Domhnach deireanach de mhí Iúil gach bliain. Is iomaí cur síos atá ar fáil ar Chrom Dubh i mBailiúchán na Scol.
31 Iúil 2017
Déantar ceiliúradh ar Dhomhnach Chrom Dubh ar an Domhnach deireanach de mhí Iúil gach bliain. Is iomaí cur síos atá ar fáil ar Chrom Dubh i mBailiúchán na Scol.
29 Márta 2017
Is minic nach féidir brath ar an aimsir ag an tráth seo den bhliain agus is léir ó na scéalta i mBailiúchán na Scol ar Dúchas.ie gurbh in mar a bhí riamh. Tugtar Laethanta na Bó Riabhaí ar laethanta deiridh mhí an Mhárta agus ar laethanta tosaigh mhí Aibreáin.
24 Meitheamh 2016
Déantar ceiliúradh ar Oíche Fhéile Eoin nó ar Oíche Fhéile Sin Seáin ar an 23 Meitheamh agus is tráthúil, dá bhíthin sin, breathnú ar na tuiscintí agus ar na gnásanna a bhain leis an bhféile sin ag dul siar agus go deimhin an chaoi a gcuirtear in iúl iad i mBailiúchán na Scol.
16 Márta 2016
Is iomaí cineál ceiliúrtha a rinneadh ar Lá Fhéile Pádraig le míle bliain nó níos mó agus is léir ó na scéalta i mBailiúchán na Scol gur fhág Naomh Pádraig rian ar an tír agus ar an bpobal i gcoitinne. Tá fianaise den rian seo le feiceáil sna scéalta atá ar fáil le tras-scríobh ar Dúchas.ie.
9 Feabhra 2016
Caithfimid súil anseo ar chuid de na seantraidisiúin a bhaineann leis an gCarghas agus le haimsir na Cásca. Faightear blaiseadh maith de na sean-nósanna spéisiúla i mBailiúchán na Scol agus tugtar léargas ar chuid acu anseo – cuid acu a mhaireann go fóill agus cuid eile acu atá imithe i léig.
1 Feabhra 2016
Tá meas agus cáil ar Naomh Bríd ar fud na hÉireann agus i bhfad i gcéin. Titeann Lá Fhéile Bríde ar an gcéad lá de mhí Feabhra gach bliain agus cuirtear tús leis an earrach ar an dáta céanna. Tá go leor nósanna in Éirinn a bhaineann le Lá Fhéile Bríde.
11 Samhain 2015
Faightear spléachadh i mBailiúchán na Scol ar shean-nósanna agus ar sheantraidisiúin a bhaineann le laethanta áirithe den bhliain. Is sampla maith é an lá inniu, an 11 Samhain nó Lá Fhéile Mártain.