Gaois

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

9 dtoradh in 7 ndoiciméad

  1. #1695633

    Tar éis an tsaoil, ní bhronnfar feochadán as Albain, ná rós as Sasana ná cainneann as an Bhreatain Bheag ar Uachtarán Mheiriceá i Washington i gcaitheamh na mblianta.

  2. #489527

    Stobhach lintilí agus glasraí fréimhe (I gcomhair seisir) – 2 taespúnóg lus an choire (coriander) – Leath taespúnóige tuirmiric – 25g sinséar úr, grátáilte – 2 oinniún, mionghearrtha – 3 meacan dearg, mionghearrtha – Meacan bán amháin, mionghearrtha – 2 cainneann – 450g muisiriún – 2 ionga gairleoige – 175g lintilí dearga – 50g lintilí donna nó glasa – 750ml uisce beirithe – Ola olóige i gcomhair friochadh Frioch na hoinniúin, meacain dearga, meacan bán agus cainneann i bpota mór le píosa beag ola ar feadh 3 nó 4 nóiméad.

  3. #840880

    Chomh maith leis sin, bheadh glasraí de chineál éigin againn, turnapa, gabáiste, biatas dearg, cainneann, nó a leithéid, agus arís, ba mhaith an t-anlann an t-ocras, agus ba bheag den ghlasra sin a bheadh fágtha ar mo phlátasa, ach go háirithe.