#1373655
Cuirtear i leith Drumm go raibh baint aige i gcomhcheilg le hairgead a aistriú ó Anglo, go dtí 'Irish Life and Permanent' agus 'Irish Life Assurance' - idir Márta-Meán Fómhair 2008. Rinneadh é seo a dúradh chun go mbeadh an chuma ar an scéal go raibh €7.2bn níos mó ná mar a bhí i ndáiríre i gcuntais Anglo. Séanann Drumm freisin cúiseanna eile atá curtha ina leith a bhaineann le cuntais bhréagacha a chur i láthair an mhargaidh i Nollaig na bliana 2008.