Gaois

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

118 toradh in 99 doiciméad

  1. #1681656

    Éagóir, cos ar bolg, saint agus scrios na timpeallachta - agus an chistin sa bhaile a bheith ina cíor thuathail!

  2. #1756996

    Tá an pholaitíocht aontachtach ina cíor thuathail faoi láthair, gan fhios acu cé hiad a gcairde, nó cén dóigh is féidir an *infidel*, dar leo, a chur ó dhoras.

  3. #1798146

    “Thóg sí cíor agus rinne sí bróis cheart den mhéid a bhí déanta agam agus le tréan diúnais dúirt sí, ‘Ní maith liom Jennifer Aniston’.

  4. #1971428

    Ní bhfuair sí an drochscéala ní ba luaithe mar go raibh an tsráid inar chónaigh sí ina cíor thuathail.

  5. #1972123

    'Cas an scáthán rud beag i mo threo,' ar sise le Macdara, agus cíor cnáimhe ina lámh aici.

  6. #1979648

    Ina theannta sin, míníonn sé cén fáth a raibh cathair Bhriostó ina cíor thuathail i ngeall ar theacht gan choinne an Poursuivant mhíofair Elias Creepe chun na háite.

    An Litir Abú, an Litir Amú: Tríológ Liam Mhic Cóil

  7. #208790

    Óir níor íoc an bhean úd de mhuintir a’ Búrc Chlann Róibín na dleachta abhann atá ag muintir na mBotún leis na cianta cianársa ar an tSionainn ar thrasnú na habhann sin di ar a haistear siar di féin agus dá gramaisc agus iad ag iarraidh cíor thuathail a dhéanamh d’fhorlámhas Chlainne Cathail ar Chríocha Fáil’.

  8. #385885

    Bhí drogall ar an Uachtarán Obama a ladhar a chur isteach i gcogadh eile sa Mheánoirthear ach ghríosaigh Hillary é chun tacú le hionsaí NATO ar fhórsaí Gaddafi, ionsaithe a d’fhág an tír sin ina cíor thuathail.

  9. #386479

    Idir an dá linn, tá an eacnamaíocht ina cíor thuathail, tá airgeadra na tíre, an real, thuas go mór lá amháin agus thíos go mór an chéad lá eile, tá an tír á céasadh ag plá an zika agus níl ach cúig mhí fágtha go dtí go mbeidh na Cluichí Oilimpeacha ar siúl in Rio de Janeiro.

  10. #616700

    Intinn Mháirín ina cíor thuaifil ag baint lán na súl as nó go mb’éigean di aird a thabhairt ar a graithe.Bhí Bairbre ag snámh na gcos go mall réidh i dtreo chorr na leapan, gan osna, gan éagaoin, nuair a dhírigh Máirín suas í. Imní uirthi gur titim ina cnap chos na leapan a dhéanfadh sí dá dtógfadh sí taca a láimhe uaithi.

  11. #749183

    Maidin Luain Cásca a shiúladar amach, raidhfilí ar iompar, fís aonair sa chroí aonair is cur faoi bhráid na comhthuairimíochta acu ar fad, croí na núíosach is na ndóchasach clúmhór araon, cuid acu anois iardhóchasach i ndiaidh ar tharla, bád na n-arm i dtóin poill, ordú is frith-ordú, cíor thuathail faoin tír, Ruairí dílis i lámha na constáblachta.

  12. #795185

    • ainmfhocal aonsiollach agus ainmfhocal aonsiollach – an t-ainmfhocal ar ball nó cuid den ainmhí nó den éan é a chur chun tosaigh agus -(e)ach a chur leis an gceann eile: ceannstríocach (< ceann + stríoc), céirchraicneach (< céir + craiceann), cíorfheanach (< cíor + fean), earrdhingeach (< earr + ding), píbstríocach (< píb + stríoc), srónbhiorach;

  13. #921038

    Raca, nó cíor mar a deir an Muimhneach, a thug tú dó agus bheadh sé níos éasca caisleán a dhéanamh san aer ná an raca céanna a tharraingt tríd an gcoca féir atá ar bharr a chinn siúd.

  14. #1022493

    Cúis ghrinn is ea cleite an Ard Aingil Ghabriel, agus anáil an Spioraid Naoimh i mbuidéal, agus mirlín Mhaolóig Naofa, agus cíor Chiaráin tSaidhre, agus forchraiceann Fhursa, fiacail Fhionnáin, lansa Labhráis, cuileog Mhochua, oíche Shamhna, an crú capaill os cionn an dorais, cat na seacht n-eireaball, an bhean rua ar maidin, an leipreachán albino, neantóga ar son pléisiúir.

    Neamhnaoimh ina seasamh os ár gcomhair – Alan Titley

  15. #1033367

    Caithfidh nach raibh cead pleanála acu mar bhí an Tiarna i bhfeirg leo: “Téanam, a dúirt Sé, téimis síos agus déanaimis cíor thuathail dá dteanga ar an bhfód i dtreo nach dtuigfidís caint a chéile a thuilleadh.” Agus má léimise Trabant i gceart, bheimis mallaithe go deo murach tíolacadh na Cincíse, is e sin le rá ní gá go mbeadh aon teanga amháin againn chun go dtuigfimis a chéile.

    Meine connexions zur family sind total okay – Gabriel Rosenstock

  16. #1043281

    An tír uilig faoi gheasa aici agus ag crochadh ar gach uile fhocal a tháinig as a béal leathan croí-chruthach, béaldaite gona cíor fhiacal gheal bhán agus í ag spalpadh Béarla i dtuin mhealltach, Mheiriceánach mar a dhéanfadh Bandia.

  17. #1150627

    Coimhthiú, sáinniú, scoiteachas, aonaracht, anord, cíor thuathail, an greann ropánta Chapliniúil, an síorfhanacht, an fuadar mire, bagairt thíoránach na cumhachta, seomra nach bhfuil aon éalú as, fearais nach bhfuil aon bhrí fágtha iontu, cumhacht agus ainchumhacht, fearg agus éadóchas – is níl ansin agat ach an chéad deich nóiméad.

  18. #1176795

    Agus ansin leath bealaigh isteach sa chogadh, thart faoi 1942, shíl Rialtas Shasana go raibh sé thar am acu a thuilleadh de sholas an lae a shábháil agus a úsáid, agus chuir siad i bhfeidhm ‘aimsir dhúbalta shamhraidh’, a rinne cíor thuathail dá raibh de chláracha ama ar an dá thaobh den teorainn.

  19. #1216456

    An tsochraid thart, chaith Seáiní é féin ar a leaba, cíor thuathail ina chloigeann, is d’fhan sé ansin go ceann ocht n-uair an chloig, na holagóin is na caointe ag stealladh as.

  20. #1241005

    ‘Geallaim sin, a Éadaoin,’ arsa Eochaidh, ‘Agus beirim luach trí scór bó duit, cúigear ban freastail, cíor airgid le do thromfholt gruaige a chíoradh, agus unsa óir in aghaidh gach ribe den chasfholt flúirseach céanna.’