Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

8 dtoradh in 6 dhoiciméad

  1. #724792

    An ceart chun oideachais

    Right to education

    Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (2016)

  2. #724793

    Tá ag gach duine an ceart chun oideachais agus chun rochtain a fháil ar ghairmoiliúint agus ar oiliúint leanúnach.

    Everyone has the right to education and to have access to vocational and continuing training.

    Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (2016)

  3. #2375995

    An ceart chun oideachais ar ardchaighdeán a áirithiú do chách, lena n-áirítear dóibh siúd ó chúlra faoi mhíbhuntáiste; bearta breise a ghlacadh chun oideachas agus oiliúint ionchuimsitheach a chur chun cinn;

    Ensure the right to quality education for all, including those from disadvantaged backgrounds; taking further steps to promote inclusive education and training;

    Moladh Uimh. 1/2022 ó Chomhairle Comhlachais Ae-an tSeoirsia an 16 Lúnasa 2022 maidir le Clár Oibre Comhlachais AE-an tSeoirsia 2021-2027 [2022/1422]

  4. #1998501

    Ba cheart go gcuirfeadh an Bhliain Eorpach borradh faoi chur chun feidhme rathúil Phrionsabal 1 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, lena dtugtar chun suntais “go bhfuil an ceart chun oideachais, oiliúna agus foghlama ar feadh an tsaoil ar ardchaighdeán agus cuimsitheach ag gach duine”.

    The European Year should boost the successful implementation of Principle 1 of the European Pillar of Social Rights, which highlights that ‘everyone has the right to quality and inclusive education, training and life-long learning’.

    Cinneadh (AE) 2021/2316 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Nollaig 2021 maidir le Bliain Eorpach na hÓige (2022) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  5. #2202416

    Má dheartar nó má úsáidtear iad go míchuí, d’fhéadfadh na córais sin an ceart chun oideachais agus oiliúna chomh maith leis an gceart nach ndéantar idirdhealú ina n‑aghaidh a shárú agus d’fhéadfadh siad patrúin idirdhealaitheacha stairiúla a bhuanú.

    When improperly designed and used, such systems may violate the right to education and training as well as the right not to be discriminated against and perpetuate historical patterns of discrimination.

    Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE LENA LEAGTAR SÍOS RIALACHA COMHCHUIBHITHE MAIDIR LEIS AN INTLEACHT SHAORGA (GNÍOMH UM AN INTLEACHT SHAORGA) AGUS LENA LEASAÍTEAR GNÍOMHARTHA ÁIRITHE REACHTACHA DE CHUID AN AONTAIS

  6. #2784714

    In Airteagal 14(1) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’), sonraítear go bhfuil ag gach duine an ceart chun oideachais agus chun rochtain a fháil ar ghairmoiliúint agus ar oiliúint leanúnach.

    Article 14(1) of the Charter of Fundamental Rights of the European Union (the ‘Charter’) states that everyone has the right to education and access to vocational and continuing training.

    Cinneadh (AE) 2023/936 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 maidir le Bliain Eorpach na Scileanna (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  7. #2923350

    Measann na heagraithe gur ‘coinníoll cumasúcháin ríthábhachtach é an ceart chun oideachais faoi shaoránacht Eorpach chun na cearta a thugann an tAontas Eorpach a fheidhmiú’ agus gur bealach é an t-oideachas sin ‘chun an tAontas Eorpach a thabhairt níos gaire dá shaoránaigh uile’ agus chun ‘athléimneacht pobal agus saoránach aonair a mhéadú maidir le nochtadh don iliomad cineálacha mífhaisnéise’.

    The organisers consider that ‘a right to education about European citizenship is a critical enabling condition for the exercise of rights granted by the European Union’ and that this education ‘is a way to bring the European Union closer to all of its citizens’ and to increase ‘the resilience of communities and individual citizens to exposure to multiple forms of misinformation’.

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2521 ón gCoimisiún an 8 Samhain 2023 maidir leis an iarraidh ar chlárú an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal An tEorpachas a ghlacadh chugainn féin: Tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh chun do Shaoránacht Náisiúnta agus do Shaoránacht Eorpach a Nascadh de bhun Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2023) 7583)

  8. #2923352

    Maidir le cuspóirí an tionscnaimh, measann an Coimisiún go bhféadfadh sé foráil a mholadh lena mbunófaí ceart chun oideachais faoin Aontas agus faoi shaoránacht an Aontais ar bhonn Airteagal 25 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

    As regards the objectives of the initiative, the Commission considers that it could propose a provision establishing a right to education about the Union and Union citizenship on the basis of Article 25 of the Treaty on the Functioning of the European Union (TFEU).

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2521 ón gCoimisiún an 8 Samhain 2023 maidir leis an iarraidh ar chlárú an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal An tEorpachas a ghlacadh chugainn féin: Tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh chun do Shaoránacht Náisiúnta agus do Shaoránacht Eorpach a Nascadh de bhun Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2023) 7583)