#311472
(c) trí thástáil a dhéanamh i leith cásanna eiseamláireacha ina bhfuil éileamh ard gáis as an ngnáth agus suaitheadh soláthair ann, amhail cliseadh na bpríomhbhonneagar tarchurtha, na stoc gáis nó na gcríochfort GNL, agus suaitheadh soláthar ó sholáthraithe tríú tír, agus aird á tabhairt ar an stair, ar an dóchúlacht, ar an séasúr, ar an minicíocht agus ar an bhfad a bhaineann leis na tráthanna a dtarlaíonn na nithe sin agus freisin, i gcás inarb iomchuí, ar rioscaí geopholaitiúla, agus trí iarmhairtí dóchúla na gcásanna sin a mheasúnú;
(c) running various scenarios of exceptionally high gas demand and supply disruption, such as failure of the main transmission infrastructures, storages or LNG terminals, and disruption of supplies from third country suppliers, taking into account the history, probability, season, frequency and duration of their occurrence as well as, where appropriate, geopolitical risks, and assessing the likely consequences of these scenarios;