Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

5 thoradh in 5 dhoiciméad

  1. #581116

    Go háirithe, féachann sé leis an ceart chun cosanta agus an ceart chun trialach córa a áirithiú, de réir mar a bhunaítear iad in Airteagal 47 agus Airteagal 48 de.

    In particular, it seeks to ensure the rights of the defence and fair trial, as established in Articles 47 and 48 thereof.

    Rialachán (AE) Uimh. 606/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le haitheantas frithpháirteach do bhearta cosanta in ábhair shibhialta

  2. #2376056

    Cearta nós imeachta duine faoi choinneáil riaracháin a áirithiú, i gcomhréir le prionsabail chearta an duine lena n-áirítear an Ceart Chun Trialach Córa.

    Ensure the procedural rights of an administrative detainee, in compliance with human rights principles including the Right to Fair Trial.

    Moladh Uimh. 1/2022 ó Chomhairle Comhlachais Ae-an tSeoirsia an 16 Lúnasa 2022 maidir le Clár Oibre Comhlachais AE-an tSeoirsia 2021-2027 [2022/1422]

  3. #282196

    Ba chóir go n-urramódh an chúirt nó an binse an ceart chun trialach córa agus prionsabal an phróisis sáraíochta, go háirithe agus cinneadh á dhéanamh maidir le gá a bheith le héisteacht ó bhéal agus maidir leis na meáin chun fianaise a ghlacadh agus a mhéid a ghlacfar fianaise.

    The court or tribunal should respect the right to a fair trial and the principle of an adversarial process, in particular when deciding on the necessity of an oral hearing and on the means of taking evidence and the extent to which evidence is to be taken.

    Rialachán (CE) Uimh. 861/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 lena mbunaítear Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga

  4. #1708250

    Leis an Treoir seo, urramaítear na prionsabail a aithnítear in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpaigh (CAE), urramaítear cearta agus saoirsí bunúsacha agus cloítear leis na prionsabail a aithnítear, go háirithe, sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear na cinn sin a leagtar amach i dTeidil II, III, V agus VI di lena gcuimsítear, inter alia, an ceart go n-urramófaí an saol príobháideach agus saol an teaghlaigh agus an ceart go ndéanfaí sonraí pearsanta a chosaint, prionsabail na dlíthiúlachta agus na comhréireachta i dtaca le cionta coiriúla agus pionóis, lena gcumhdaítear freisin an ceanglas maidir le cruinneas, soiléireacht agus intuarthacht sa dlí coiriúil, toimhde na neamhchiontachta, mar aon le cearta na ndaoine atá faoi dhrochamhras agus na ndaoine atá cúisithe in imeachtaí coiriúla dlíodóir a fháil, an ceart gan iad féin a ionchoiriú agus an ceart chun trialach córa.

    This Directive respects the principles recognised by Article 2 of the Treaty on European Union (TEU), respects fundamental rights and freedoms and observes the principles recognised, in particular, by the Charter of Fundamental Rights of the European Union, including those set out in Titles II, III, V and VI thereof which encompass, inter alia, the right to respect for private and family life and the right to protection of personal data, the principles of legality and proportionality of criminal offences and penalties, covering also the requirement of precision, clarity and foreseeability in criminal law, the presumption of innocence, as well as the rights of suspects and accused persons to have access to a lawyer, the right not to incriminate oneself and the right to a fair trial.

    Treoir (AE) 2018/1673 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le sciúradh airgid a chomhrac tríd an dlí coiriúil

  5. #2393582

    Go ndéantar foráil sa Choinbhinsiún maidir le coinníollacha dochta agus coimircí láidre chun a áirithiú gur féidir le Ballstáit an Aontais cearta bunúsacha, saoirsí agus prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais mar a chumhdaítear i gConarthaí an Aontais Eorpaigh agus sa Chairt um Chearta Bunúsacha a urramú agus a chosaint, lena n-áirítear, go háirithe, prionsabail na comhréireachta, dlíthiúlacht agus riachtanas cionta coiriúla agus pionóis, ráthaíochtaí nós imeachta agus cearta nós imeachta, an ceart chun sásaimh bhreithiúnaigh éifeachtaigh, toimhde na neamhchiontachta, an ceart chun trialach córa, agus cearta cosanta daoine atá faoi réir imeachtaí coiriúla, an ceart nach ndéanfaí duine a thriail ná a phionósú faoi dhó in imeachtaí coiriúla i ngeall ar an gcion coiriúil céanna, mar aon leis an gceart chun príobháideachais, an ceart go ndéanfaí sonraí pearsanta agus sonraí cumarsáide leictreonaí a chosaint, lena n-áirítear aistrithe chuig údaráis i dtíortha lasmuigh den Aontas agus an ceart. chun tuairimí a nochtadh agus an ceart chun faisnéise.

    The Convention provides for strict conditions and strong safeguards to ensure that EU Member States can respect and protect fundamental rights, freedoms and general principles of EU law as enshrined in the European Union Treaties and the Charter of Fundamental Rights, including, in particular, the principles of proportionality, legality and necessity of criminal offences and penalties, procedural guarantees and rights, the right to effective judicial redress, the presumption of innocence, the right to a fair trial, and the rights of defence of persons subject to criminal proceedings, the right not be tried or punished twice in criminal proceedings for the same criminal offence, as well as the right to privacy, the right to the protection of personal data and of electronic communications data when such data is processed, including for transfers to authorities in countries outside the European Union, and the right to freedom of expression and information.

    Cinneadh (AE) 2022/895 ón gComhairle an 24 Bealtaine 2022 lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht thar ceann an Aontais Eorpaigh le haghaidh coinbhinsiún cuimsitheach idirnáisiúnta maidir le cur i gcoinne úsáid na dteicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide chun críoch coiriúil