Léim go dtí an príomhábhar
BLAG THIONSCADAIL FIONTAR & SCOIL NA GAEILGE

Logainmneacha na Nollag

Tá oícheanta fada an gheimhridh buailte linn agus tá na hullmhúcháin don Nollaig faoi lánseol i láthair na huaire. Tá na siopaí maisithe agus tá soilse ildaite crochta ar na sráideanna agus ar chuid mhór tithe araon. Agus Lá Nollag ag teannadh linn, caitear súil sa bhlagmhír seo ar roinnt logainmneacha ina ndéantar tagairt don Nollaig nó do ghné áirithe a shamhlaítear leis an bhféile seo de ghnáth. Tá eolas i dtaca leis na mílte logainmneacha stóráilte i mBunachar Logainmneacha na hÉireann (logainm.ie) agus roghnaítear dornán díobh anseo le cíoradh i gcaitheamh laethanta beaga na Nollag. »»»

Stádas UNESCO bronnta ar Chnuasach Bhéaloideas Éireann UCD

D’fhógair Joe McHugh T.D., Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Dé Céadaoin, 6 Nollaig, go bhfuil aitheantas faighte ag Cnuasach Bhéaloideas Éireann UCD, ceann de na cartlanna béaloidis agus staire cultúrtha is mó san Eoraip, ó Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe (UNESCO) as a bhailiúchán bunúsach - Cnuasach Choimisiún Béaloideasa Éireann 1935-1970 - atá curtha le Clár Idirnáisiúnta Chuimhne an Domhain UNESCO. »»»

Gradam eir Spiders buaite ag dúchas.ie

Reáchtáladh Gradaim eir Spiders maille le searmanas bronnta na ngradam ar an 30 Samhain i mbliana agus bhí an t-ádh leis an tionscadal dúchas.ie an duais don Suíomh Gaeilge is Fearr a bhuachan ar an oíche. Is iad na gradaim teicneolaíochta digití is seanbhunaithe in Éirinn agus i dTuaisceart Éirinn iad seo agus tugtar aitheantas do chomhlachtaí agus d’eagraíochtaí pobail a léiríonn cruthaitheacht agus nuálaíocht ar líne. »»»

Seanchas i dtaobh na hAimsire

Tá breis agus 250,000 scéal as Bailiúchán na Scol (1937-39) ar fáil ar an suíomh gréasáin dúchas.ie faoi láthair. Is minic a deirtear gur ábhar mór comhrá í an aimsir in Éirinn agus tagann líon na scéalta a bhaineann le seanchas aimsire ar dúchas.ie leis an dearcadh sin. Luaitear os cionn 6,000 scéal leis an topaic ‘seanchas aimsire’ i mBailiúchán na Scol agus tugtar léargas sa bhlagmhír seo ar rogha scéalta spéisiúla a fhaightear ann. »»»

Téarmaí Sacair

Mar is eol d’aos sacair na tíre go rímhaith, tá uair na cinniúna ag druidim le foireann sacair na hÉireann agus dhá chluiche cháilithe le himirt acu i gcoinne na Danmhairge i mí na Samhna. Imreofar an chéad cheann de na cluichí sin sa Chóbanhávan Dé Sathairn, an 11 Samhain, agus gan amhras, beidh tír is talamh cruinnithe le chéile ar bhóthar Lansdún don dara cluiche ar an 14 Samhain. »»»

Oidhreacht agus Béaloideas Chluain Dolcáin

Osclaíodh ionad oidhreachta nua i gCluain Dolcáin, Co. Bhaile Átha Cliath ag suíomh an tseanchloigthí áitiúil i gcaitheamh an tsamhraidh. Tugtar léargas sa bhlagmhír seo ar chuid den seanchas a bhaineann leis an gcloigtheach agus ar oidhreacht Chluain Dolcáin de réir na gcuntas i mBailiúchán na Scol, a foilsíodh ar dúchas.ie. »»»

Taithí a dhéanann máistreacht…

Chaith Mairéad Willis dhá mhí ag obair in Fiontar & Scoil na Gaeilge, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, i gcaitheamh an tsamhraidh agus déanann sí cur síos sa bhlagmhír seo ar an obair a bhí idir lámha aici. »»»

Suíomh nua dúchas.ie agus Bailiúchán Grianghraf seolta ag Joe McHugh T.D.

Sheol Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Joe McHugh T.D., suíomh athdheartha dúchas.ie agus leagan digitithe de Bhailiúchán Grianghraf Chnuasach Bhéaloideas Éireann ag ócáid i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann aréir, an 26 Meán Fómhair. »»»

Tuairisc ó bhall de Mheitheal Dúchas.ie

Agus Meitheal Dúchas.ie ar an bhfód le breis agus dhá bhliain anuas, tá go leor daoine i ndiaidh scéalta ón mbailiúchán a thras-scríobh dúinn. Scríobh ball den Mheitheal as Scoil Mhaodhóig, Co. Loch Garman tuairisc ghearr dúinn faoin gcaoi ar baineadh úsáid as an Meitheal sa seomra ranga. Seo a raibh le rá aici… »»»

Taighde agus taisteal an tsamhraidh

Cé go mbíonn cúrsaí níos ciúine san ollscoil i gcaitheamh an tsamhraidh, bíonn an fhoireann taighde anseo in Fiontar & Scoil na Gaeilge (FSG) ag obair leo go dícheallach i gcónaí. D’éirigh le baill den fhoireann freastal ar roinnt comhdhálacha le linn an tsamhraidh chun gnéithe éagsúla den obair agus den taighde a bhíonn idir lámha againn ó lá go lá a chur i láthair. Tugtar spléachadh sa bhlagmhír seo ar chuid den ábhar a pléadh in áiteanna difriúla le déanaí. »»»

An tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta 2017

Beidh na céadta imeachtaí cultúrtha ar siúl timpeall na tíre ar fad idir an 19-27 Lúnasa 2017 mar chuid den tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta. Reáchtáiltear an tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta in Éirinn faoi scáth Laethanta Oidhreachta na hEorpa, comhthionscnamh de chuid Chomhairle na hEorpa agus an Aontais Eorpaigh agus glacann breis agus daichead tír páirt sna ‘laethanta oidhreachta’ seo gach bliain. »»»

Domhnach Chrom Dubh

Déantar ceiliúradh ar Dhomhnach Chrom Dubh ar an Domhnach deireanach de mhí Iúil gach bliain. Is iomaí cur síos atá ar fáil ar Chrom Dubh i mBailiúchán na Scol. »»»

Cóipleabhair nua ó Scéim na Scol ar fáil do bhreis agus 70 scoil ar www.duchas.ie

Tá cóipleabhair ar fáil anois do scoileanna áirithe a ghlac páirt i Scéim na Scol agus nach raibh san áireamh sna himleabhair a seoladh cheana féin ar Dúchas.ie mar chuid de Bhailiúchán na Scol. »»»

Cath na Bóinne

Troideadh cath cáiliúil ar an 1 Iúil 1690 idir fórsaí Shéamuis II agus Liam Oráiste ar bhruacha na Bóinne. D’fhág an choimhlint sin idir Caitlicigh agus Protastúnaigh rian ar stair na tíre agus déantar ceiliúradh ar Chath na Bóinne ar an 12 Iúil gach bliain sa lá atá inniu ann. »»»

Torthaí ó shuirbhé 2016 ar úsáideoirí Logainm.ie

Foilsíodh suirbhé bliantúil ar Logainm.ie ag deireadh 2016 chun aiseolas a lorg ó úsáideoirí an tsuímh. Cé go bhfuil roinnt mhaith áiseanna ar fáil ar Logainm.ie, tugadh le fios ó fhreagraí an tsuirbhé nach bhfuil úsáideoirí áirithe ar an eolas fúthu! »»»

An Chincís

Is lá tábhachtach é Domhnach Cincíse i bhféilire na Críostaíochta óir deirtear ina thaobh gur thuirling an Spiorad Naomh ar na haspail lena linn. Titeann an Chincís ar an seachtú Domhnach i ndiaidh na Cásca agus déantar cur síos sa bhlagmhír seo ar chuid de na nósanna a bhaineann léi i mbéaloideas na hÉireann le fianaise ó Bhailiúchán na Scol. »»»

Seimineár Poiblí ar an Ríomhaireacht sa Ghaeilge

D’óstáil Fiontar & Scoil na Gaeilge seimineár ar an ríomhaireacht sa Ghaeilge ar an 8 Bealtaine agus reáchtáladh lá lán de chainteanna ó dhaoine éagsúla mar chuid den seimineár. Seoladh an leabhar, An Ríomhaire Ilteangach, le Michal Boleslav Měchura, mar chuid d’imeachtaí an lae chomh maith. »»»

Comhdháil SNSBI – Society for Name Studies in Britain and Ireland

Reáchtáladh comhdháil bhliantúil an earraigh de chuid SNSBI (Society for Name Studies in Britain and Ireland) in Oxfordshire, Sasana idir an 24-26 Márta 2017. Cuireadh réimse leathan ábhar i láthair a bhain le cúrsaí ainmeolaíochta in Éirinn agus sa Bhreatain – ainmneacha pearsanta, sloinnte agus logainmneacha san áireamh. Leagadh béim ar leith ar ainmneacha Oxfordshire agus ar an obair a rinne an t-ainmeolaí clúiteach Margaret Gelling ina dtaobh. »»»

Téarmaíocht Ghaeilge i Réimse na hImirce

Ó thús 2008, tá Fiontar agus Scoil na Gaeilge ag soláthar téarmaí Gaeilge do bhunachar ilteangach téarmaí an Aontais Eorpaigh, iate.europa.eu. Tá fáil in IATE ar théarmaí atá sainiúil don AE, chomh maith le téarmaí ón uile chineál réimse, amhail dlí, talmhaíocht, teicneolaíocht an eolais agus go leor eile. »»»

Torthaí ó shuirbhé 2016 ar úsáideoirí Dúchas.ie

Foilsíodh suirbhé bliantúil ar shuíomh Dúchas.ie i dtús na bliana chun aiseolas a lorg ó úsáideoirí an tsuímh. Ar an iomlán, tugadh le fios go bhfuil úsáideoirí an-sásta le Dúchas.ie, cúis mhór sásaimh dúinn. Bhain an chuid is mó de na moltaí le Meitheal Dúchas.ie seachas le Dúchas.ie féin. »»»

Laethanta na Bó Riabhaí

Is minic nach féidir brath ar an aimsir ag an tráth seo den bhliain agus is léir ó na scéalta i mBailiúchán na Scol ar Dúchas.ie gurbh in mar a bhí riamh. Tugtar Laethanta na Bó Riabhaí ar laethanta deiridh mhí an Mhárta agus ar laethanta tosaigh mhí Aibreáin. »»»

Torthaí ó shuirbhé 2016 ar úsáideoirí Gaois.ie

Foilsíodh suirbhé bliantúil ar Gaois.ie i dtús na bliana chun aiseolas a lorg ó úsáideoirí an tsuímh. Is léir ó na torthaí go bhfuiltear sásta den chuid is mó leis an suíomh agus le feidhmeanna an tsuímh, ach in amanna ní thuigtear go bhfuil neart acmhainní éagsúla ar fáil ann. Déanfar iarracht eolas a scaipeadh i measc an phobail faoi na hacmhainní ar Gaois.ie le linn 2017! »»»

Turas Naomh Pádraig Timpeall na hÉireann

Tá Lá Fhéile Pádraig ag teannadh linn agus is iomaí cineál ceiliúrtha a dhéanfar ar an 17 Márta timpeall na cruinne ar fad. Caitear súil thíos ar chuid de na logainmneacha a bhaineann le Pádraig. »»»

Seoladh Scáthán 2017

Seoladh Scáthán, iris Ghaeilge na mac léinn in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, le déanaí agus tháinig slua mór le chéile don ócáid seolta. Foilsíodh an iris don chéad uair 40 bliain ó shin agus rinneadh ceiliúradh ag an seoladh ar oidhreacht na hirise atá ar an bhfód ón mbliain 1977. »»»

Cuairt Chumann Merriman ar Bhaile Átha Cliath

Reáchtálfar Scoil Gheimhridh Chumann Merriman 2017 idir an 3-5 Márta ar Champas Phádraig, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Is é An Ghaeilge i mBaile Átha Cliath téama imeachtaí na bliana seo agus tá sraith cainteanna agus imeachtaí spéisiúla eagraithe don deireadh seachtaine. »»»

Meitheal Dúchas: tuairisc ar obair na bliana 2016

Tá Meitheal Dúchas ar an fhód anois le 2 bhliain anuas agus ní miste súil a chaitheamh ar dhul chun cinn na hoibre, go háirithe le bliain anuas. »»»

Suirbhé ar úsáideoirí gaois.ie

Bheimis buíoch díot ach suirbhé gearr faoi gaois.ie a líonadh amach. Beidh sé ar fáil go dtí meán lae an 3 Feabhra 2017. »»»

13.5 milliún focal i gCorpas na Gaeilge Comhaimseartha

Rinneadh cur síos sa bhlagmhír seo ar Chorpas na Gaeilge Comhaimseartha nuair a seoladh é i mí Aibreáin anuraidh. Ní raibh ach 5.3 milliún focal sa chorpas an tráth úd ach táimid ag cur le hábhar an chorpais ó shin i leith – idir ábhar úr a bhailiú agus a thiomsú agus ábhar atá sa chorpas cheana a nuashonrú. »»»

Díolaim Beathaí 1916 ar Ainm.ie

Cuireadh rannóg nua ar Ainm.ie roimh an Nollaig – Díolamaí. Tá sé beartaithe go gcuirfear rogha beathaí ón mBunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge a bhaineann le himeachtaí, le téamaí nó le tréimhsí áirithe sa rannóg nua seo. Is í an chéad díolaim atá á foilsiú ná Díolaim Beathaí 1916. »»»

Pleananna na hAthbhliana

Guíonn muid athbhliain faoi shéan agus faoi mhaise ar ár léitheoirí go léir. Tar éis bliain ghnóthach anseo in oifigí na dtionscadal taighde – idir aistriú campais (go Campas na Naomh Uile, i nDroim Conrach), ceardlanna, comhdhálacha agus mórthionscadal nua sluafhoinsithe – tá muid ag tabhairt aghaidh ar 2017 agus ag tnúth lena bhfuil romhainn. Tugtar spléachadh sa bhlagmhír seo ar chuid dár bpleananna don bhliain úr. »»»

Scéalta na Nollag ó Bhailiúchán na Scol

Tá an-chuid traidisiún agus nósanna ag baint leis an Nollaig in Éirinn agus tugtar spléachadh ar dhá thraidisiún a bhaineann le haimsir na Nollag sa bhlagmhír seo – an chleamaireacht agus dul sa dreoilín. Téann na gnásanna seo siar i bhfad agus maireann siad in áiteanna áirithe timpeall na tíre go fóill. »»»

Logainm.ie ainmnithe do ghradam eir Spiders

Bunaíodh Gradaim eir Spiders sa bhliain 1996 agus is príomhghradaim na teicneolaíochta digití in Éirinn iad. Tugtar aitheantas do chomhlachtaí agus d’eagraíochtaí pobail in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann a léiríonn cruthaitheacht agus nuálaíocht ar líne. »»»

Ceird na Tuíodóireachta

Is annamh a chloistear faoin tuíodóir sa lá atá inniu ann ach is léir ó scéalta Bhailiúchán na Scol go raibh tábhacht faoi leith ag baint le ceird na tuíodóireachta in Éirinn fadó. Tugtar spléachadh ar na traidisiúin a bhain leis an tuíodóireacht sa bhlagmhír seo. »»»

Scéalta 1916: Seán Ó Ríordáin agus Brian Ó Cuív

Tá comóradh céad bliain á dhéanamh ar Éirí Amach na Cásca i mbliana agus déantar iarracht sa tsraith blagmhíreanna seo aird a tharraingt ar an nasc idir na daoine a luaitear sa bhunachar ainm.ie agus an bhliain chinniúnach úd i stair na tíre. »»»

Téarmaí Dlí i mBunreacht na hÉireann

Cíortar cuid na héagsúlachtaí idir an leagan Gaeilge agus an leagan Béarla de Bhunreacht na hÉireann sa bhlagmhír seo. »»»

Beathaí nua curtha le Ainm.ie

Cuireadh sé bheatha nuascríofa leis an mBunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (www.ainm.ie) le déanaí. Mórshaothar luachmhar léinn é an cnuasach beathaisnéisí seo a chuimsíonn breis is 1,700 beathaisnéis ó 1560 go dtí an lá inniu. Tá an tionscadal beathaisnéisí Gaeilge seo á fhorbairt ó 2009 i leith ag Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU, i gcomhar le Cló Iar-Chonnacht agus le Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú, údair na naoi n-imleabhar a d’fhoilsigh An Clóchomhar idir 1986 agus 2007 faoin teideal Beathaisnéis. »»»

Scéalta Cleamhnais ó Bhailiúchán na Scol

Tá go leor le foghlaim faoi shean-nósanna cleamhnais na tíre seo ón réimse leathan scéalta i mBailiúchán na Scol. Nós coitianta ab ea é cleamhnas a dhéanamh idir dhá theaghlach agus maireann an nós seo i gceantair áirithe in Éirinn go fóill, mar shampla, Lios Dúin Bhearna i gCo. an Chláir. »»»

Bailiúchán Nathanna an Athar Peadar Ua Laoghaire

Tá bailiúchán nua nathanna cainte le fáil ar shuíomh gaois.ie anois – Bailiúchán Nathanna an Athar Peadar. Is aschur taighde é an bunachar sonraí seo a d’eascair as tráchtas PhD a rinneadh in Fiontar & Scoil na Gaeilge, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Tugtar léargas ann ar nathanna as saothar an Athar Peadar Ua Laoghaire agus tá cuntas ar 420 nath maille le breis agus 1,000 sampla úsáide as saothar foilsithe an Athar Peadar. »»»

Oíche Shamhna

Ó tosaíodh ar chuntas a choimeád ar an stair in Éirinn, breathnaítear ar Oíche Shamhna (an oíche roimh Fhéile na Marbh) mar thráth suntasach san fhéilire. Déantar iarracht sa bhlagmhír seo léargas a thabhairt ar bhéaloideas agus ar ghnásanna a bhaineann leis an tráth seo den bhliain. »»»

Cuardach de réir topaicí le fáil ar dúchas.ie

Tá áis brabhsála de réir topaicí ar fáil d’úsáideoirí an tsuímh dúchas.ie agus is féidir scéalta a bhfuil téamaí coitianta acu a chuardach anois. Is cuardach breise é an cuardach seo agus cuireann sé leis na cuardaigh eile – cuardach de réir daoine, cuardach de réir áiteanna agus cuardach téacs – atá ar fáil ar an suíomh cheana. Is féidir cuardaigh shonracha a dhéanamh ar thopaicí áirithe anois, ach is obair idir lámha é seo agus feabhsófar an áis de réir a chéile. »»»

Scéalta agus Seanchas as Contae Chorcaí

Cuireadh tús le mórscéim bailithe béaloidis i scoileanna náisiúnta na tíre ar an gcéad lá de mhí Iúil 1937 ar ar tugadh ‘Scéim na Scol’. Thiomsaigh daltaí as 5,000 bunscoil i Saorstát Éireann tuairim is 740,000 leathanach idir 1937 agus 1939. Ba é Coimisiún Béaloideasa Éireann a chuir an scéim bailithe seo ar bun, agus i gContae Chorcaí ghlac breis agus 450 scoil páirt sa scéim agus ba é 125 imleabhar toradh a gcuid saothair. Déantar iarracht sa bhlagmhír seo cuid de na seoda deasa de bhéaloideas an chontae a léiriú. »»»

Béaloideas Chontae Uíbh Fhailí

Níl aon amhras go bhfuil saibhreas béaloidis gan áireamh i measc ábhar Chontae Uíbh Fháilí i mBailiúchán na Scol. Is féidir cuardach a dhéanamh ar na scéalta ar fad ar dúchas.ie ag an nasc seo nó scoil ar leith sa chontae a roghnú ag an nasc seo. Tá clú agus cáil ar Chluain Mhic Nóis ar fud an domhain, agus tá neart scéalta faoin láthair eaglasta sin, agus faoi na toibreacha beannaithe, crosa, cloigthithe, agus séipéil atá inti san imleabhar a bhaineann le scoil Chluain Mhic Nóis. »»»

Téarmaí Teicneolaíocht Faisnéise – Téarmaí Róbataice

Rinneadh cur síos anuraidh ar chuid den taighde atá idir lámha againn ar théarmaíocht theicneolaíocht na faisnéise. Is é atá i gceist leis an taighde seo ná go gcuirfear le líon na dtéarmaí sa mhór-réimse ‘Ríomhairí, ríomheolaíocht’ ar téarma.ie. »»»

Bailiúchán na Scol agus Meitheal Logainm.ie Seolta!

Sheol an tAire Stáit Seán Kyne dhá shuíomh gréasáin de chuid Fiontar ag An Comórtas Náisiúnta Treabhdóireachta Dé Céadaoin an 21 Meán Fómhair – Meitheal Logainm.ie agus Bailiúchán na Scol ina iomláine. »»»

Éirí Amach 1798 agus Béaloideas Oirdheisceart na Tíre

Bhí 1798 ar na blianta ba thábhachtaí i stair na tíre seo agus is cinnte gur fhág imeachtaí na bliana sin a lorg ar bhéaloideas oirdheisceart na tíre. Idir scirmisí, chathanna, laochra agus bhithiúnaigh, faightear an-léargas ar imeachtaí agus ar rannpháirtithe áirithe na gcontaetha seo i mBailiúchán na Scol. »»»

Scéalta 1916: Beatha agus Bás i ndiaidh Éirí Amach na Cásca

Táthar ag iarraidh sa tsraith blagmhíreanna seo aird a tharraingt ar chuid de na beathaisnéisí atá le fáil i mbunachar ainm.ie a bhaineann leo siúd a ghlac páirt in Éirí Amach 1916. »»»

Ó Ollscoil Notre Dame go hOllscoil Chathair Bhaile Átha Cliath

Chaith Jack McGinn dhá mhí ag obair in Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcaitheamh an tsamhraidh agus déanann sé cur síos sa bhlagmhír seo ar an obair a bhí idir lámha aige. »»»

Coirm agus Ceol i mBailiúchán na Scol

Tá Fleadh Cheoil na hÉireann 2016 faoi lán seoil in Inis, Co. an Chláir faoi láthair agus is fiú súil a thabhairt ar chuid de na scéalta a bhaineann le cúrsaí ceoil i mBailiúchán na Scol mar sin. »»»

Béaloideas Chontae na hIarmhí

Tá ábhar cuardaigh as formhór na gcontaetha in Éirinn le fáil in dúchas.ie anois agus dírítear ar scéalta a bhaineann le Contae na hIarmhí sa bhlagmhír seo. »»»

Béaloideas Chontae Ros Comáin

Tá réimse leathan d’ábhar spéisiúil le fáil sna himleabhair ó Chontae Ros Comáin i mBailiúchán na Scol, a foilsíodh ar dúchas.ie le déanaí agus tugtar sampla de chuid de na scéalta éágsúla sa bhlagmhír seo. »»»

Scéalta Spóirt i mBailiúchán na Scol

Deirtear gur maith an t-iománaí an fear ar an gclaí agus is fíor é an ráiteas sin go fóill, go háirithe agus cluichí móra peile agus iománaíochta ag teannadh linn i gcaitheamh an fhómhair. Caitear súil sa bhlagmhír seo ar roinnt scéalta a bhaineann le cúrsaí peile agus iománaíochta i mBailiúchán na Scol agus tugtar léargas ar chuid de na scéalta suimiúla a bhaineann leis an dá spórt. »»»

Sióga agus Piseoga i mBailiúchán na Scol

Is léir ó na scéalta i mBailiúchán na Scol go bhfuil áit lárnach ag an mbéaloideas i saol na ndaoine in Éirinn agus go bhfuil tábhacht fós ag baint le cuid de na sean-nósanna agus na piseoga a ndéantar cur síos orthu in dúchas.ie. Tá na sióga fite fuaite ina chéile leis na scéalta atá le fáil i mBailiúchán na Scol agus tugtar léargas sa bhlagmhír seo ar chuid de na scéalta sin. »»»

Acmhainní Gaois.ie

Tá Fiontar ag forbairt acmhainní teanga, téarmeolaíochta, logainmníochta agus béaloidis mar aon le tionscadail eile i réimse na teicneolaíochta teanga agus na ndaonnachtaí digiteacha le deich mbliana anuas. Is ardán é gaois.ie chun acmhainní teanga agus téarmaíochta áirithe atá forbartha ag Fiontar a chur ar fáil don phobal. »»»

Scéalta 1916: Ról na mBan in Éirí Amach na Cásca

Bean a bhain cáil amach i ngeall ar a háilleacht agus a buanna mar bhanaisteoir ab ea Máire Nic Shiubhlaigh. Bhí sí ina ball de d’Ard-Chraobh Chonradh na Gaeilge ón 21 Feabhra 1900 ar aghaidh. Nuair a osclaíodh Amharclann na Mainistreach don chéad uair i ndiaidh na Nollag sa bhliain 1904, bhí an phríomhpháirt aici i ndráma Kathleen Ní Houlihan le W.B.Yeats agus chuir sí an lucht féachana faoi dhraíocht lena cumas aisteoireachta. »»»

Béaloideas Chontae na Mí

Tá an-chuid scéalta spéisiúla as Contae na Mí i mBailiúchán na Scol. Dar ndóigh, tá baint mhór ag an Mí leis an ríochas. Lárionad na tíre a bhí inti, áit a mbíodh Ard-Rí na hÉireann lonnaithe fadó i dTeamhair. »»»

Oíche Fhéile Eoin

Déantar ceiliúradh ar Oíche Fhéile Eoin nó ar Oíche Fhéile Sin Seáin ar an 23 Meitheamh agus is tráthúil, dá bhíthin sin, breathnú ar na tuiscintí agus ar na gnásanna a bhain leis an bhféile sin ag dul siar agus go deimhin an chaoi a gcuirtear in iúl iad i mBailiúchán na Scol. »»»

Seanchas Chontae an Longfoirt

Tá a lán le foghlaim faoi nósanna agus faoi shaol mhuintir an Longfoirt ón réimse leathan scéalta a bailíodh sna 1930idí. Mar shampla, bhí an-bhaint ag an Longfort le himeachtaí Éirí Amach 1798. I mí Mheán Fómhair na bliana sin shocraigh an Ginearál Humbert go rachadh sé chun comhraic le fórsaí na Breataine i mBéal Átha na Muc i dtuaisceart an chontae, gar do Cho. Liatroma. »»»

Béaloideas Chontae an Chabháin

Tugtar léargas ar sheanchas Chontae an Chabháin sa bhlagmhír seo. Is féidir teacht ar an ábhar ar fad i mBailiúchán na Scol ar dúchas.ie nó ar scéal a bhaineann le háit ar leith sa chontae tríd an mapa a chuardach. »»»

Scéalta 1916: Frongoch – Ollscoil na Réabhlóide

Sa bhlagmhír seo táthar ag iarraidh aird a tharraingt ar chuid de na beathaisnéisí atá le fáil i mbunachar ainm.ie agus ar scéalta na ndaoine a raibh baint acu le hÉirí Amach 1916. »»»

An Brainse Logainmneacha

Bunaíodh an Brainse Logainmneacha mar rannóg ar leith in Oifig na Suirbhéireachta Ordanáis sa bhliain 1956. Ní go dtí an bhliain 1999 a aistríodh é go dtí An Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán mar a tugadh ar an roinn rialtais an tráth úd. »»»

Téarmaí Teicneolaíocht Faisnéise – Aipeanna agus Bogearraí

Tá borradh tar éis teacht ar úsáid aipeanna le blianta beaga anuas agus tá an chuma ar an scéal anois go bhfuil aip ann chun gach a bhfuil uait a chur ar fáil le haon chlic amháin. »»»

Bailiúchán na Scol – Scéalta ó Chontae an Chláir

Tá Biddy Early i mbéal an phobail i gContae an Chláir le 200 bliain anuas. Tá trácht uirthi i scéalta a bailíodh i gContae na Gaillimhe agus i gContae Thiobraid Árann chomh maith céanna le Contae an Chláir féin. Tá neart leaganacha ann de scéal Biddy. »»»

Torthaí ó shuirbhé 2015 ar úsáideoirí logainm.ie

Foilsíodh suirbhé bliantúil ar logainm.ie ag deireadh 2015 chun aiseolas a lorg ó úsáideoirí an tsuímh. Tugadh le fios go bhfuil úsáideoirí logainm.ie lonnaithe i ngach cearn den domhan – sna Stáit Aontaithe, san Iodáil agus san Íoslainn, i measc tíortha eile. »»»

Ábhar Béarla le tras-scríobh ar dúchas.ie

Cuireadh tús le Meitheal Dúchas.ie i dtosach na bliana seo caite agus tugadh cuireadh don phobal tras-scríobh a dhéanamh, ar bhonn deonach, ar scéalta agus ar ábhar i nGaeilge i mBailiúchán na Scol. D’éirigh go hiontach leis an Meitheal go dtí seo agus táimid fíorbhuíoch do gach aon duine a chuidigh linn. »»»

Torthaí ó shuirbhé 2015 ar úsáideoirí dúchas.ie

Foilsíodh suirbhé bliantúil ar dúchas.ie ag deireadh 2015 chun aiseolas a lorg ó úsáideoirí an tsuímh. Tugadh le fios go bhfuil úsáideoirí dúchas.ie lonnaithe i ngach cearn den domhan – sna Stáit Aontaithe, sa bhFionlainn agus san Astráil, i measc tíortha eile. »»»

Meitheal Logainm.ie

Seoladh Meitheal Logainm.ie ag ceardlann réamhchomhdhála dar teideal Uirlisí chun mionlogainmneacha a chomhroinnt mar chuid de chomhdháil SNSBI ar an 14 Aibreán 2016. Uirlis sluafhoinsithe bunaithe ar logainm.ie atá ann agus is féidir mionainmneacha a thaifeadadh i mbunachar sonraí poiblí agus iad a roinnt ar líne. »»»

Scéalta ó Chontae Mhaigh Eo

Is deacair a gceart a thabhairt do chultúr agus do scéalta mhuintir Mhaigh Eo in alt gearr mar seo. Téann stair an chontae siar i bhfad, rud a léirítear go soiléir i mBailiúchán na Scol. »»»

Corpas na Gaeilge Comhaimseartha

Tiomsaíodh corpas nua, Corpas na Gaeilge Comhaimseartha, in Fiontar le déanaí agus is féidir teacht air ar an suíomh gaois.ie anois. Bailiúchán aonteangach téacsanna Gaeilge i bhformáid dhigiteach is ea Corpas na Gaeilge Comhaimseartha. Áirítear ann téacsanna Gaeilge a bhfuil eagarthóireacht déanta orthu agus a foilsíodh ó thús an 21ú haois i leith. »»»

Torthaí ó shuirbhé 2015 ar úsáideoirí gaois.ie

Foilsíodh suirbhé bliantúil ar gaois.ie den chéad uair ag deireadh 2015 chun aiseolas a lorg ó úsáideoirí an tsuímh. Ba léir ó na freagraí nach bhfuil úsáideoirí gaois.ie lonnaithe in Éirinn amháin ach i dtíortha mar an Iodáil agus an Fhionlainn – i measc tíortha eile. »»»

Ábhar Chontae Thiobraid Árann

Tá clú agus cáil ar Chontae Thiobraid Árann mar gheall ar an iománaíocht agus luaitear bunú Chumann Lúthchleas Gael i nDurlas agus bunús na leasainmneacha Tipperary Stonethrowers agus Kilkenny Cats sa scéal seo. »»»

Ceardlann Leathlae: Uirlisí chun Mionlogainmneacha a Chomhroinnt

Beidh an 26ú comhdháil bhliantúil de chuid SNSBI (Society for Name Studies in Britain and Ireland) á reáchtáil in Ollscoil Mhá Nuad idir an 15-18 Aibreán. Pléifear gnéithe éagsúla den ainmeolaíocht in Éirinn agus sa Bhreatain Mhór le linn na comhdhála. »»»

Naomh Pádraig

Is iomaí cineál ceiliúrtha a rinneadh ar Lá Fhéile Pádraig le míle bliain nó níos mó agus is léir ó na scéalta i mBailiúchán na Scol gur fhág Naomh Pádraig rian ar an tír agus ar an bpobal i gcoitinne. Tá fianaise den rian seo le feiceáil sna scéalta atá ar fáil le tras-scríobh ar Dúchas.ie. »»»

Torthaí ó shuirbhé 2015 ar úsáideoirí téarma.ie

Foilsíodh suirbhé bliantúil ar tearma.ie ag deireadh 2015 chun aiseolas a lorg ó úsáideoirí an tsuímh. Is léir ó na torthaí go bhfuil úsáideoirí tearma.ie lonnaithe i ngach cearn den domhan – sna Stáit Aontaithe, san Iodáil agus i Vítneam fiú, i measc tíortha eile. »»»

Téarmaí Teicneolaíocht Faisnéise

Foilsíodh trí bhaisc de théarmaí teicneolaíocht faisnéise le déanaí: slándáil ar líne (211 téarma), gléasanna móibíleacha (125 téarma) agus ríomhchumarsáid (71 téarma). »»»

Béaloideas Chontae Lú

Faightear blaiseadh de scéalta seanchais agus béaloidis ó Chontae Lú mar aon le scéalta a bhaineann le cúrsaí staire sa chontae i mBailiúchán na Scol. ‘Ón Drobhaois go dtí an Bhóinn’ a shamhlaítear le limistéar stairiúil Chúige Uladh. »»»

Meitheal Dúchas.ie mar Áis sa Seomra Ranga

Táimid ag díriú ar na múinteoirí arís sa bhlagmhír seo. An uair seo tabharfar léargas ar mhodh úsáide a d’fhéadfadh a bheith oiriúnach don seomra ranga. Leagtar amach plean samplach ina gclúdaítear aidhmeanna, torthaí foghlama mar aon le plean d’ocht gceacht agus measúnachtaí. »»»

Seanchas faoi logainmneacha i mBailiúchán na Scol

Tá an-chuid logainmneacha spéisiúla ar fáil in Éirinn agus is minic a bhíonn dlúthnasc idir logainmneacha agus scéalta béaloidis i gceantair éagsúla. Caithfimid súil anseo ar roinnt logainmneacha spéisiúla agus déanfaimid cur síos ar chuid de na scéalta seanchais a bhaineann leo. »»»

Béaloideas Chontae Chill Chainnigh

Ní nach ionadh go luaitear oidhreacht láidir iomána sna scéalta béaloidis a bhaineann le contae Chill Chainnigh i mBailiúchán na Scol. Ní hamháin sin, ach bíonn an iomáint faoi chaibidil sna hamhráin chomh maith. »»»

Sean-nósanna an Charghais

Caithfimid súil anseo ar chuid de na seantraidisiúin a bhaineann leis an gCarghas agus le haimsir na Cásca. Faightear blaiseadh maith de na sean-nósanna spéisiúla i mBailiúchán na Scol agus tugtar léargas ar chuid acu anseo – cuid acu a mhaireann go fóill agus cuid eile acu atá imithe i léig. »»»

Meitheal Dúchas: tuairisc ar obair mhí Eanáir

Cuireadh tús le TED, comhdháil ina bpléitear cúrsaí teicneolaíochta, siamsaíochta agus dearthóireachta i bhfoirm cainteanna gearra, in 1984. Tá méadú mór tar éis teacht ar an gcomhdháil thar na blianta agus bíonn raon ábhar níos leithne faoi chaibidil sna cainteanna anois. »»»

Lá Fhéile Bríde

Tá meas agus cáil ar Naomh Bríd ar fud na hÉireann agus i bhfad i gcéin. Titeann Lá Fhéile Bríde ar an gcéad lá de mhí Feabhra gach bliain agus cuirtear tús leis an earrach ar an dáta céanna. Tá go leor nósanna in Éirinn a bhaineann le Lá Fhéile Bríde »»»

Téarmaí as Ionstraimí Reachtúla (TIR)

Bailiúchán ilghnéitheach téarmaí is ea an bailiúchán Téarmaí as Ionstraimí Reachtúla (TIR) atá ar fáil ag www.gaois.ie/trm/ga/ – téarmaí nach bhfuil de cheangal eatarthu ach gur baineadh iad as Ionstraimí Reachtúla áirithe. »»»

Leagan nua den bhunachar téarmaíochta

Seoladh leagan nua den bhunachar téarmaíochta ar gaois.ie le déanaí agus is féidir teacht air ag an nasc seo. »»»

Beathaí nua curtha le ainm.ie

Cuireadh seacht mbeatha nuascríofa leis an mBunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge, www.ainm.ie le deireanas. Tá breis agus 1,700 beathaisnéis ó 1560 sa chnuasach beathaisnéisí ar líne anois. »»»

Meitheal Dúchas: tuairisc ar obair mhí na Nollag

Tá Meitheal Dúchas.ie ar an bhfód anois ó mhí na Feabhra 2015 agus ag dul ó neart go neart a bhuí lenár 400 ball díograiseach. Mar is eol daoibh, pléadh roinnt tionscadal spéisiúil le linn na bliana a raibh an sluafhoinsiú mar dhlúthchuid díobh. Caithimid súil siar anseo ar na tionscadail éagsúla a luamar i gcaitheamh 2015. »»»

Dea-rúin na hAthbhliana

Guíonn muid athbhliain faoi shéan agus faoi mhaise ar ár gcuid léitheoirí go léir. Tá muid dár gcroitheadh as ár suan anseo in Fiontar i ndiaidh shos na Nollag. Agus gach mac máthar ag caint ar dhea-rúin agus spriocanna don bhliain úr, shíl muid go mba thráthúil an rud é réamhspléachadh a thabhairt daoibh sa bhlagmhír seo ar chuid de na forbairtí atá beartaithe againn don bhliain seo romhainn. »»»

Nótaí Mínithe ar Logainm.ie

Cuireann foireann an Bhrainse Logainmneacha nótaí mínithe le hiontrálacha éagsúla i mBunachar Logainmneacha na hÉireann (logainm.ie) agus is díol spéise iad dóibh siúd a bhfuil suim acu i gcúrsaí logainmníochta. »»»

An Nollaig

Agus aimsir na Nollag ar na bacáin is tráthúil breathnú ar na tuiscintí agus ar na gnásanna a bhain leis an Nollaig ag dul siar agus go deimhin an chaoi a gcuirtear in iúl iad i mBailiúchán na Scol. »»»

Meitheal Dúchas: tuairisc ar obair mhí na Samhna

An róbat thú? An fíordhuine thú? A leithéid de cheist! Tá seans maith ann go bhfuil an cheist aisteach seo curtha ort go minic agus tú ag brabhsáil ar líne. Cumadh an téarma ‘CAPTCHA’ ag tús an fichiú haois agus seasann an t-acrainm do ‘Completely Automated Public Turing test to tell Computer and Humans Apart’. »»»

Suirbhé ar úsáideoirí gaois.ie

Bheimis buíoch díot ach suirbhé gearr faoi gaois.ie a líonadh amach. Cuirfear ainm gach duine a luann a sheoladh ríomhphoist san áireamh i gcrannchur le haghaidh éarlais leabhair ar luach €150. Rithfear an crannchur ar an 11 Nollaig 2015. »»»

Bailiúchán na Scol – Scéalta ó Chontae Mhuineacháin

Tugtar léargas ar bhéaloideas agus ar stair áitiúil ó Chontae Mhuineacháin sna scéalta a dhéantar a thaifeadadh i mBailiúchán na Scol – scéaltaí spóirt, ceoil, seanchais agus neart scéalta spéisiúl eile chomh maith. »»»

Téarmaí Físchluichíochta foilsithe ar Téarma.ie

Tá an dara baisc as an mbailiúchán nua Téarmaí Teicneolaíocht Faisnéise foilsithe anois ar tearma.ie. »»»

Imeacht ar scor Chaoilfhionn Nic Pháidín

Tháinig deireadh le ré fhada bhisiúil nuair a d’imigh Stiúrthóir na dTionscadal in Fiontar, an Dr Caoilfhionn Nic Pháidín, ar scor ar an 30 Deireadh Fómhair 2015. Ceapadh Caoilfhionn in DCU i dtús báire mar Stiúrthóir ar Fiontar sa bhliain 1999. »»»

Bailiúchán na Scol – Scéalta ó Chontae Laoise

Tá stair shaibhir ilghnéitheach ag Contae Laoise a théann siar i bhfad. D’fhág gach ré a rian ar an gcontae – na taoisigh Ghaelacha, na Normannaigh, na manaigh, na hÚgónaigh, na tiarnaí talún agus lucht Chonradh na Talún. Ní haon ionadh go leagtar béim ar chúrsaí talún agus cumhachta sna cuntais a fhaightear sna seacht n-imleabhar déag ó Chontae Laoise i mBailiúchán na Scol. »»»

Corpas comhthreomhar Béarla-Gaeilge de théacsanna reachtúla

Is é atá sa chorpas comhthreomhar ná bailiúchán téacsanna reachtaíochta i bhformáid dhigiteach. Téacsanna ailínithe is ea iad inar féidir cuardach a dhéanamh ar théama nó ar fhrása i nGaeilge nó i mBéarla. Gintear liosta torthaí bunaithe ar an gcuardach corpais agus is féidir torthaí an chuardaigh a fheiceáil le hais a chéile ar an scáileán. »»»

Lá Fhéile Mártain

Faightear spléachadh i mBailiúchán na Scol ar shean-nósanna agus ar sheantraidisiúin a bhaineann le laethanta áirithe den bhliain. Is sampla maith é an lá inniu, an 11 Samhain nó Lá Fhéile Mártain. »»»

Meitheal Dúchas: tuairisc ar obair mhí Dheireadh Fómhair

“Together, we are discovering secrets hidden deep inside our collections that illuminate our history and our world.” »»»

Scéalta as Contae Luimnigh

Is féidir béaloideas agus stair áitiúil ó Chontae Luimnigh a léamh ar www.duchas.ie anois. Ábhar a thaifead daltaí scoile idir 1937 agus 1939 is ea Bailiúchán na Scol, cuid thábhachtach de Chnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. »»»

Meitheal Logainm.ie

Tá sé i gceist againn, as seo go ceann roinnt míonna, áis darb ainm ‘Meitheal Logainm.ie’ a fhorbairt. Deis a bheas anseo do ghrúpaí taighde áitiúil, nó do thaighdeoirí aonair, codanna dá gcuid taighde ar mhionainmneacha a chur le bunachar lárnach agus a thaispeáint ar chuid de shuíomh logainm.ie. »»»

Ábhar Bhailiúchán na Scol ó Chontae Luimnigh ar www.duchas.ie seolta ag an Aire

Tá ábhar béaloidis as Contae Luimnigh seolta go hoifigiúil ar dúchas.ie ag Jan O’Sullivan, TD, Aire Oideachais agus Scileanna. Seoladh an t-ábhar ag ócáid a tionóladh i Seomra na Comhairle, Luimneach, inniu. »»»

Ceardlann: Uirlisí chun Mionlogainmneacha a Chomhroinnt (DCU, Déardaoin 14 Aibreán 2016)

Tá ceardlann leathlae á reáchtáil ag Fiontar, mar chuid de chomhdháil SNSBI, chun comhroinnt mionlogainmneacha a phlé. »»»

Gluais Sheáin Uí Dhonnabháin ar fáil ar logainm.ie

In 1824 chinn rialtas na Breataine go ndéanfaí suirbhéireacht ar Éirinn. Ba chuid lárnach den tsuirbhéireacht sin logainmneacha na tíre a bheith ar phár léarscáileanna. »»»

Meitheal Dúchas: tuairisc ar obair mhí Mheán Fómhair

Is ardán ar líne é Movements.org a dhéanann easaontaigh atá lonnaithe i sochaithe leatromacha a nascadh le daoine ar fud na cruinne a bhfuil na scileanna cuí acu chun cabhrú leo. »»»

Téarmaí Teicneolaíocht Faisnéise foilsithe ar Téarma.ie

Tá na chéad téarmaí as an mbailiúchán nua Téarmaí Teicneolaíocht Faisnéise foilsithe anois ar tearma.ie. »»»

Scéalta uafáis, báid agus Cath Eachroma: Ábhar Chontae na Gaillimhe in Dúchas

Ghlac breis agus 300 scoil páirt i Scéim na Scol i gCo. na Gaillimhe agus is i nGaeilge atá 42% den ábhar a bailíodh.  »»»

Acmhainní Oideachais ar logainm.ie

Is cuid lárnach d’oidhreacht na hÉireann iad na logainmneacha. Ní nach ionadh mar sin gur ábhar staidéir iad i bhfad is i gcéin.  »»»

Meitheal Dúchas: tuairisc ar obair mhí Lúnasa

Mí eile caite i saolré na Meithle, agus deis eile againn, mar sin, féachaint ar thionscadal eile a bhaineann úsáid as an sluafhoinsiú d’fhonn cuspóirí ar leith a chur chun cinn. »»»

Ceithre Acht nua curtha le corpas comhthreomhar Gaois.ie

Cuireadh leaganacha ailínithe de cheithre Acht nua leis an gcorpas comhthreomhar Béarla-Gaeilge de théacsanna reachtúla ar Gaois.ie le gairid. »»»

Léarscáileanna Dáileacháin agus Míreanna Coitianta

Is iomaí mír éagsúil atá in úsáid i logainmneacha na tíre seo, agus tugann na míreanna seo léargas dúinn faoi na ceantair lena mbaineann siad. »»»

Protastúnaigh mhná Chúige Uladh in Ainm.ie

Tá cuntais ar bhreis agus 1,700 duine ar ainm.ie, daoine a raibh baint acu le saol na Gaeilge ó 1560 go dtí an lá atá inniu ann. »»»

Scéalta agus Scéalaithe as Contae Phort Láirge

Bhí traidisiún láidir Gaolainne riamh i gCo.Phort Láirge, go háirithe in iarthar an chontae. »»»

An Leabhrán Béaloideas Éireann ar dúchas.ie

Tá leathanach acmhainní eolais ar dúchas.ie agus cuirtear leis de réir a chéile. Cuireadh an leabhrán spéisiúil Béaloideas Éireann leis le déanaí. Is leabhrán 38 leathanach é a dhréachtaigh Séan Ó Súilleabháin, an béaloideasaí mór le rá. »»»

Meitheal Dúchas: tuairisc ar obair mhí Iúil

In 2014, chuir an New York Times, nuachtán a bhfuil cáil dhomhanda aige, tús le tionscnamh nua bunaithe ar mhodh an tsluafhoinsithe. »»»

Meitheal Dúchas.ie mar Áis do Mhic Léinn Tríú Leibhéal

I láthair na huaire tá cuireadh á thabhairt do dhaoine scéalta Gaeilge ó Bhailiúchán na Scol a thras-scríobh mar chuid de Mheitheal Dúchas.ie. »»»

Athruithe ar shuíomh Ainm, agus alt spéisiúil

Beidh sé tugtha faoi deara ag lucht úsáide Ainm.ie go bhfuil leagan amach an tsuímh athraithe le laethanta beaga anuas. »»»

Spórt, ól agus robáil: Béaloideas Chontae Bhaile Átha Cliath

Tá réimse leathan ábhair i mBailiúchán na Scol as contae Bhaile Átha Cliath; gach gné den saol a bhí ann fadó idir chluichí a d’imir na páistí, eachtraí laochra áitiúla, is scéalta faoi logainmneacha mórthimpeall ar na scoileanna. »»»

Meitheal Dúchas: tuairisc ar obair mhí an Mheithimh

Sula ndéanfaimid cíoradh ar staitisticí na Meithle don mhí seo caite, ba mhaith linn bhur n-aird a dhíriú ar thionscnamh eile atá ag baint leas as toil an phobail ar mhaithe leis an bpobal agus na Daonnachtaí Digiteacha trí chéile. »»»

Eilimintí Eaglasta i logainmneacha na hÉireann

Sa phóstaer seo thíos taispeántar dáileadh eilimintí eaglasta ar leith i logainmneacha na hÉireann. »»»

Taifid fuaime curtha leis an 26 contae ar logainm.ie

Tá an ghné nuálaíoch seo curtha i gcrích anois ar www.logainm.ie ag 26 cainteoir as 26 chontae. »»»

Cúpla focal ó bhall den mheitheal, Aedin Clements

Ón uair a thosaigh mé ag obair mar leabharlannaí an léinn Éireannaigh anseo in Indiana, in Ollscoil Notre Dame, bhí léachtóirí ag cur ceist orm faoi chartlann Chnuasach Bhéaloideas Éireann. »»»

Bailiúchán Foinsí Logainm.ie

Áis thar a bheith úsáideach is ea Bailiúchán Foinsí logainm.ie don té atá ag iarraidh taighde a dhéanamh ar logainmneacha. »»»

Meitheal Dúchas: tuairisc ar obair mhí na Bealtaine

Is téarma réasúnta nua é sluafhoinsiú ach téann an coincheap i bhfad siar. »»»

Meitheal Dúchas.ie do Mhúinteoirí

Fadó cuireadh óige na tíre ag obair ag cruthú an bhailiúcháin seo agus ba dheas an rud é dá mbeadh óige na tíre sa lá atá inniu ann ag cur na scéalta sin ar fáil ar líne.  »»»

Scéalta as Sligeach – Nósanna agus Pisreoga

Bhí an-chuid nósanna agus piseog ag muintir Shligigh fadó, de réir dealraimh, go háirithe nósanna a bhaineann leis an aimsir nó le laethanta faoi leith.  »»»

Naisc le Placenamesni.org

Cuireadh críoch le tionscadal meaitseála idir sonraí Logainm.ie agus PlacenamesNI.org ag deireadh 2014. »»»

Scéalta faoi thaibhsí in Dúchas

Roghnaíomar cúig cinn de na scéalta is scanrúla as Bailiúchán na Scol daoibh. »»»

Scéalta spéisiúla as Cill Dara

Tá dlúthbhaint ag Co. Chill Dara le Naomh Bríd agus is as an láthair eaglasta a bhí aici a ainmníodh an baile agus an contae, agus tá a rian fágtha ag Naomh Bríd ar ábhar Chill Dara i mBailiúchán na Scol chomh maith. »»»

Meitheal Dúchas: tuairisc ar obair mhí Aibreáin

Tá an Mheitheal ar an bhfód le trí mhí anuas anois agus tá dul chun cinn seasmhach á bhaint amach againn a bhuí sin leis na baill dhíograiseacha atá cláraithe linn go dtí seo. »»»

Torthaí ó shuirbhé ar úsáideoirí dúchas.ie

Foilsíodh an chéad suirbhé bliantúil ar dúchas.ie idir 15 Eanáir agus 6 Feabhra chun aiseolas a lorg ó úsáideoirí an tsuímh. »»»

Ábhar as Ciarraí

Is doiligh a cheart a thabhairt d’ábhar Chiarraí as Bailiúchán na Scol san alt gairid seo ach déanfar iarracht seoda deasa de bhéaloideas an chontae a chur ar a shúile don léitheoir. »»»

Cúpla focal ó bhall den Mheitheal

Agus Meitheal Dúchas.ie ar an bhfód le dhá mhí, d’iarr muid ar dhuine de na baill is forásaí cúpla focal a scríobh dúinn faoin bhfáth ar thug sé faoi agus faoin tairbhe atá le baint as an obair, dar leis. »»»

Meitheal Dúchas.ie agus ábhar bhéaloidis Chiarraí agus Chill Dara seolta ag an Aire

Sheol Joe McHugh TD, Aire Stáit, An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Meitheal Dúchas.ie agus ábhar béaloidis as dhá chontae nua go hoifigiúil ag ócáid a tionóladh in DCU inné. »»»

Beathaí nua curtha le ainm.ie

Cuireadh dornán beathaí nuascríofa le ainm.ie le deireanas.  »»»

Cuairt ó Austin Ó Duibh

Cúis áthais d’fhoireann eagarthóireachta Fiontar cuairt Austin Ó Duibh, aistritheoir leis an gCoimisiún Eorpach, Dé Máirt an 14 Aibreán. »»»

An Téarmeolaí is sciobtha in Éirinn?

Comhghairdeas le Gearóid Ó Cleircín, a bhuaigh rás cúig chiliméadar DCU ar 15 Aibreán, in am 17:15. »»»

Torthaí ó shuirbhé 2014 ar úsáideoirí logainm.ie

Foilsíodh suirbhé bliantúil ar logainm.ie idir 15 Feabhra agus 6 Márta chun aiseolas a lorg ó úsáideoirí an tsuímh. »»»

Meitheal Dúchas: tuairisc ar obair mhí an Mhárta

Tá an Mheitheal i mbun oibre le dhá mhí anuas agus táimid an-sásta leis an dul chun cinn leanúnach atá á bhaint amach. »»»

Fuaim le logainmneacha Chontae an Chabháin

Is féidir le cuairteoirí ar logainm.ie éisteacht anois le comhaid fuaime atá curtha le 243 logainm i gContae an Chabháin. »»»

4,806 scéal tras-scríofa ag mic léinn Ohio State University!

Tá tréanobair déanta ag grúpa mac léinn san Ohio State University, faoi stiúir an Dr Ray Cashman sa Center for Folklore Studies. »»»

Cúpla logainm spéisiúil

Agus muid i mbun na hoibre, tagaimid ar logainmneacha spéisiúla, greannmhara (nó an dá rud) go minic. »»»

Foilseachán nua faoi Bhaile Átha Cliath ar fáil ar Logainm

Tá míreanna as ‘Dublin 1756 – 1847’, an chéad eagrán eile den tsraith faoi stair Bhaile Átha Cliath ón Irish Historic Towns Atlas, le fáil ar logainm.ie anois, agus iad nasctha leis na logainmneacha cuí. »»»

Meitheal Dúchas: tuairisc ar obair mhí Feabhra

Agus cúpla mí de thástáil agus d’fhorbairt curtha i gcrích anseo in Fiontar, chuir muid an Mheitheal le suíomh Dúchas ar an 10 Feabhra. »»»

Meitheal Dúchas.ie ar fáil anois

Táimid ag glacadh céim mhór chun tosaigh ar thionscadal Dúchas.ie agus cuireadh á thabhairt againn don phobal tras-scríobh a dhéanamh, ar bhonn deonach, ar scéalta agus ar ábhar a bailíodh sa Ghaeltacht (nó i nGaeilge) trí úsáid a bhaint as cur chuige an tsluafhoinsithe buíochas lenár suíomh úrnua. »»»

Torthaí ó shuirbhé 2014 ar úsáideoirí focal.ie

Foilsíodh suirbhé bliantúil ar focal.ie ag deireadh 2014 chun aiseolas a lorg ó úsáideoirí an tsuímh. Tháinig ardú 68% ar líon na bhfreagraí ó shuirbhé 2013 agus fuaireamar amach go bhfuil úsáideoirí focal.ie lonnaithe i ngach cearn den domhan, sna Stáit Aontaithe, san Astráil agus san Iodáil i measc tíortha eile. »»»

Scéalta as Liatroim

I ndeireadh mhí Iúil 1935, labhair Séamus Ó Duilearga, Stiúrthóir Oinigh Choimisiún Béaloideasa Éireann, ag cruinniú chraobhacha Liatroma de Chumann Múinteoirí Éireann. »»»

Bliain úr, tionscadail nua

Agus 2015 faoi bhealach, tá áthas orainn a rá go bhfuil muid ag tosú amach ar chúpla conradh nua. »»»

Tá Focal.ie 10 mbliana ar an bhfód an mhí seo!

Is i mí Eanáir 2005 a cuireadh tús leis an obair ar an mBunachar Náisiúnta Téarmaíochta, Focal.ie, le maoiniú ón AE. Chaith Fiontar an chéad chúpla bliain úd ag forbairt bunachair sonraí agus ag ionchur na mílte téarma as liostaí Word a bhí curtha le chéile ag an gCoiste Téarmaíochta. »»»

Lógó gaois.ie
gaois.ie