Gaois

1,000 Leantóir ag téarma.ie ar Instagram

Blog post is available in Irish only

Cruthaíodh cuntas nua Instagram don Bhunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge (téarma.ie) i dtús na bliana 2018 agus tá breis agus 1,000 leantóir ag an gcuntas anois. Táimid fíorbhuíoch de gach duine a thug 💙 do na téarmaí a cuireadh ar fáil go dtí seo agus táimid ag súil le neart eile leantóirí a aimsiú sa dara leath den bhliain!

Tá ‘téarma an lae’ á phostáil go laethúil ó mhí Eanáir 2018 agus is féidir teacht ar na téarmaí uile a cuireadh ar Instagram téarma.ie trí ‘téarma.ie’ nó #téarmaanlae a chuardach. Tá cuntais Facebook, Twitter agus Instagram téarma.ie ar fad nasctha le chéile agus roinntear ‘téarma an lae’ ar na hardáin meán sóisialta seo i dteannta a chéile. Tús maith leath na hoibre!