Gaois

100,000 leathanach tras-scríofa ag Meitheal Dúchas.ie

Blog post is available in Irish only

breis is 100,000 leathanach tras-scríofa ag baill Mheitheal Dúchas.ie ó seoladh an tionscadal sluafhoinsithe in earrach na bliana 2015.

An Bailiúchán Grianghraf, M010.01.00017 © Cnuasach Bhéaloideas Éireann

Is mar chuid de thionscadal dúchas.ie a rinneadh digitiú ar ábhar Bhailiúchán na Scol, bailiúchán luachmhar de chuid Chnuasach Bhéaloideas Éireann, ar an gcéad lá. Iarradh cuidiú an phobail an t-ábhar sin a thras-scríobh den chéad uair i mí Feabhra 2015, agus glacadh go fial leis an gcuireadh sin. Tá 22% den ábhar Gaeilge agus 25% den ábhar Béarla atá ar fáil ar dúchas.ie tras-scríofa go deonach ag c.2,000 ball den Mheitheal go n-uige seo agus tá an tacaíocht sin ag dul ó neart go neart.

Tá na baill lonnaithe i ngach cearn den domhan ó Éirinn go Meiriceá Thuaidh go dtí an Astráil. Is iad na tras-scríbhneoirí is mó a bhí gníomhach ó seoladh Meitheal Dúchas.ie ná ‘An Dothra Bheag’ (6,242 lch), ‘Rhiannon’ (5,548), Scott Leminski (4,884) agus mic léinn Ollscoil Ohio State (4,808), agus tá buíochas faoi leith ag dul dóibh as an tiomantas atá léirithe acu don tionscadal ó cuireadh tús leis beagnach 3 bliana agus an lá inniu.

Ní hamháin go bhfuil éagsúlacht ábhair i mBailiúchán na Scol, ach tá radharc ar pheannaireacht mar a bhí ag páistí scoile sna 1930idí le feiceáil chomh maith, mar aon le léargas ar an gcineál teanga a bhí in úsáid ag an am – idir Bhéarla agus Ghaeilge. Maidir leis an nGaeilge, tá roinnt samplaí ar fáil de chanúintí éagsúla atá imithe i léig nó atá imithe as ó shin - Co. an Chláir, Co. Mhuineacháin agus Co. Lú, mar shampla. Tá na scéalta ina n-úsáidtear na canúintí seo an-luachmhar ar fad mar fhianaise theangeolaíoch.

Ní gá do na baill bheith buartha go rithfidh siad as obair, óir cuirfear na mílte leathanach ó Phríomhbhailiúchán Chnuasach Bhéaloideas Éireann ar fáil ar dúchas.ie agus ar Mheitheal Dúchas.ie le linn 2018. Más spéis leat a bheith páirteach sa tionscadal, níl le déanamh ach cliceáil anseo agus an fhoirm clárúcháin a líonadh. Beidh tú i do bhall den Mheitheal taobh istigh de chúpla soicind; agus ag tras-scríobh leat gan mhoill.