Gaois

Ábhar Bhailiúchán na Scol ó Chontae Luimnigh ar www.duchas.ie seolta ag an Aire

Blog post is available in Irish only

Tá ábhar béaloidis as Contae Luimnigh seolta go hoifigiúil ar dúchas.ie ag Jan O’Sullivan, TD, Aire Oideachais agus Scileanna. Seoladh an t-ábhar ag ócáid a tionóladh i Seomra na Comhairle, Luimneach, inniu. Is toradh é dúchas.ie ar chomhpháirtíocht idir Cnuasach Bhéaloideas Éireann (UCD), Fiontar (DCU), agus an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Ábhar béaloidis a thaifead daltaí scoile idir 1937 agus 1939 is ea Bailiúchán na Scol, cuid thábhachtach de Chnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Tá breis agus leathmhilliún leathanach i gceist, a thaifead tuairim is 50,000 dalta bunscoile sna 26 chontae.

Tá ábhar as na contaetha sin á chur ar fáil ar thaisclann nua de bhéaloideas na hÉireann, dúchas.ie, ó dheireadh 2013 agus is í aidhm an tionscadail go mbeidh imleabhair uile Bhailiúchán na Scol ar fáil ar líne faoi dheireadh 2016. Tá ábhar ó naoi gcontae eile – Baile Átha Cliath, Maigh Eo, Dún na nGall, Port Láirge, Gaillimh, Liatroim, Cill Dara, Ciarraí agus Sligeach – ar fáil ar an suíomh cheana.

Cuirfidh Éireannaigh agus lucht an diaspóra araon suim sa suíomh seo. Is áis iontach é dúchas.ie do thaighdeoirí a chuireann suim i léann an bhéaloidis, sa stair áitiúil, sa tseandálaíocht, i gcúrsaí ginealais, sa teangeolaíocht agus i réimsí taighde eile. Is féidir an bailiúchán a chuardach faoi láthair de réir áiteanna agus de réir daoine; seolfar cuardach de réir topaicí go luath. Seoladh rannóg nua ar an suíomh, Meitheal Dúchas, ag tús 2015, togra sluafhoinsithe a iarrann ar úsáideoirí scéalta Gaeilge ó Bhailiúchán na Scol a thras-scríobh.

Ghlac níos mó 160 scoil páirt sa scéim i gcontae Luimnigh agus tiomsaíodh 50 imleabhar mór d’ábhar béaloidis.

Dúirt an tAire Oideachais agus Scileanna, Jan O’Sullivan, TD, ‘Tá an-áthas orm ábhar Luimnigh de chuid Bhailiúchán na Scol a sheoladh go hoifigiúil inniu. Bailíodh an t-ábhar seo geall le 80 bliain ó shin agus tugann sé léargas ríspéisiúil ar ghnéithe éagsúla den saol mar a bhí an uair sin, agus is cinnte go mbeidh sé ina fhoinse fhíorluachmhar ag taighdeoirí, staraithe, múinteoirí agus ag an bpobal i gcoitinne.’

Tá dúchas.ie á fhorbairt ag Fiontar, aonad teagaisc agus taighde trí mheán na Gaeilge in DCU, agus ag Cnuasach Bhéaloideas Éireann in UCD, ceann de na cnuasaigh béaloidis is mó ar domhan. Tá an tionscadal á chómhaoiniú ag UCD agus ag an Roinn Ealaíon, Oidhreacha agus Gaeltachta le tacaíocht ón gCrannchur Náisiúnta.

Tá ról comhairleach ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann (DRI) in obair dúchas.ie maidir le caighdeáin agus idir-inoibritheacht i gcartlannú digiteach.