Gaois

Ábhar Chontae Thiobraid Árann

Tá clú agus cáil ar Chontae Thiobraid Árann mar gheall ar an iománaíocht agus luaitear bunú Chumann Lúthchleas Gael i nDurlas agus bunús na leasainmneacha Tipperary Stonethrowers agus Kilkenny Cats sa scéal seo.

Beirt iománaithe

Tá neart scéalta deasa le léamh freisin maidir le logainmneacha an chontae. An raibh a fhios agat go raibh bunús rómánsúil ag Sliabh na mBan?! Léigh an scéal anseo. Tá amhrán faoi Shliabh na mBan freisin agus cantar é ag cluichí spóirt sa chontae. Liostáiltear ainmneacha na nGaibhlte anseo. Léigh scéal anseo faoi Chnoc Sí Ghabhna. Tá scéal faoin láthair stairiúil íocónach, Carraig Phádraig anseo agus faoi Bhearnán Éile anseo, féach go bhfuil ceangal idir bunús an dá logainm de réir na scéalta seo.

Carraig Phádraig

Is léir gur thaitin tomhais le daltaí Chontae Thiobraid Árann mar tá neart le réiteach, mar shampla: ‘Droichead ar loch gan maide gan cloch?’ Tá an freagra le fáil anseo. Tá cuid mhór scéalta a bhaineann le cistí óir a cuireadh i bhfolach in áiteanna éagsúla: ‘Seo cuid de sna háiteanna ina raibh Cistí Óir i bhfolach, Gooley’s Hill, nó “Cnoc an Óir”’, léigh an chuid eile den scéal anseo.

Is léir go raibh an-spéis ag na Tiobradaigh san aimsir, cosúil le muintir na hÉireann i gcoitinne, mar tá neart scéalta ann faoin aimsir. Luaitear galair, leigheasanna agus luibheanna i roinnt de na scéalta. Chreideadh a lán daoine sna sióga fadó agus tá a lán scéalta fúthu sa bhailiúchán ar nós an scéil seo dar teideal ‘Taken by the Fairies’.

Tá míthuiscint ghreannmhar idir an Ghaeilge agus an Béarla le fáil ag deireadh an scéil seo faoi tháilliúir – an leagan Gaeilge den fhocal ‘troid’ agus an leagan Béarla den fhocal thread. Tá liostaí spéisiúla de na focail Ghaeilge a úsáidtear sa Bhéarla i scéalta áirithe, mar shampla:

Bogán – an egg with a soft shell,
Dúidín – a pipe with a short stem,
Taoibhín – patch on a boot.

Tuilleadh anseo.

Tá cuid de Mhachaire na Mumhan suite i gContae Thiobraid Árann agus ní nach ionadh go mbaineann a lán scéalta leis an bhfeirmeoireacht, mar shampla an scéal seo maidir le huirlisí a úsáideadh ar an bhfeirm.

Buiríos Ó Luigheach

Tá neart scéalta faoi nósanna i measc na scéalta a scríobh daltaí Chontae Thiobraid Árann, nósanna bainise ach go háirithe, mar shampla:

Married in blue your lover will be true,
Married in green ashamed to be seen,
Married in grey will live far away,
Married in yellow ashamed of the fellow,
Married in black will wish yourself back,
Married in red you wish you were dead,
Married in brown will live out of town,
Married in pink will turn to drink.

Níl anseo ach blaiseadh beag de na scéalta atá le léamh, tá an t-ábhar ar fad ar fáil ag www.dúchas.ie.