Gaois

Achtanna an Oireachtais 1922-2003 curtha le gaois.ie

Blog post is available in Irish only

Cuireadh mórbhailiúchán úr de reachtaíocht phríomha na hÉireann leis an gCorpas comhthreomhar Béarla-Gaeilge ar gaois.ie le déanaí. Bailiúchán cuimsitheach atá ann de bhreis agus 3,000 Acht ón tréimhse 1922–2003, a chuir Rannóg an Aistriúcháin, Tithe an Oireachtais, ar fáil do Fiontar & Scoil na Gaeilge.

Beidh míreanna ailínithe ó na hAchtanna i measc na dtorthaí cuardaigh a gheobhaidh úsáideoirí an chorpais agus is féidir na torthaí cuardaigh a scagadh de réir bailiúcháin, rud a ligfidh d’úsáideoirí díriú go sonrach ar na hAchtanna más maith leo. Tá an bailiúchán ar fáil le híoslódáil san fhormáid TMX (Translation Memory eXchange) ag www.gaois.ie/crp/ga/data/. Tá an fhormáid TMX oiriúnach le hiompórtáil i mbogearraí aistriúcháin ríomhchuidithe.

Tá thart ar 43 milliún focal sa chorpas anois, 22 milliún i nGaeilge agus 21 milliún i mBéarla agus áirítear idir reachtaíocht phríomha agus reachtaíocht thánaisteach na hÉireann mar aon le reachtaíocht an Aontais Eorpaigh ann. Is acmhainn fíorluachmhar í d’aistritheoirí, eagarthóirí, taighdeoirí agus speisialtóirí teanga eile a bhíonn ag iarraidh focail agus frásaí coibhéiseacha a chur i gcomparáid lena chéile sna leaganacha Béarla agus Gaeilge den reachtaíocht.

Méadóidh an mórbhailiúchán nua reachtaíochta príomha seo an réimse ábhair atá ar fáil sa chorpas agus cuirfidh sé le beachtas agus le héagsúlacht na dtorthaí cuardaigh da réir. Tá FSG fíorbhuíoch de Rannóg an Aistriúcháin as an mbailiúchán seo a chur ar fáil. Is féidir teacht ar na leaganacha iomlána de na nAchtanna i bhformáid inléite téacs ar achtanna.ie nó ar irishstatutebook.ie.

Is féidir teacht ar bhreis eolais faoin mbailiúchán nua seo agus faoin gCorpas Comhthreommhar Béarla-Gaeilge anseo.