Gaois

Acmhainní Gaois.ie

Blog post is available in Irish only

Tá Fiontar ag forbairt acmhainní teanga, téarmeolaíochta, logainmníochta agus béaloidis mar aon le tionscadail eile i réimse na teicneolaíochta teanga agus na ndaonnachtaí digiteacha le deich mbliana anuas. Is ardán é gaois.ie chun acmhainní teanga agus téarmaíochta áirithe atá forbartha ag Fiontar a chur ar fáil don phobal. Is torthaí taighde iad na hacmhainní seo ar shaothar taighdeoirí aonair agus ar thionscadail taighde a maoiníodh go seachtrach.

Faoi láthair, tá sé rannóg ar leith le fáil ar an suíomh gréasáin gaois.ie, is iad sin, (i) Corpas na Gaeilge Comhaimseartha (bailiúchán aonteangach téacsanna Gaeilge); (ii) Corpas Comhthreomhar Béarla-Gaeilge (corpas comhthreomhar de théacsanna reachtúla); (iii) Bunachar Téarmaíochta Béarla-Gaeilge; (iv) blag ina ndéantar cur síos ar scéalta nuachta ó fhoireann na dtionscadal taighde; (v) nuachtlitir ina dtugtar achoimre ar nuacht na seachtaine a bhaineann leis na tionscadail taighde éagsúla agus (vi) leathanach eolais ina ndéantar cur síos ar an bhfoireann taighde agus ar na foilseacháin a bhaineann le gnéithe éagsúla den taighde a rinneadh nó atá idir lámha in Fiontar. Tugtar léargas thíos ar na trí mhór-acmhainn atá le fáil ar an suíomh gréasáin gaois.ie i láthair na huaire.

Corpas na Gaeilge Comhaimseartha:

Is ionann Corpas na Gaeilge Comhaimseartha agus bailiúchán aonteangach téacsanna Gaeilge i bhformáid dhigiteach. Rinneadh cur síos ar an gcorpas sa bhlagmhír seo nuair a seoladh é i dtús mhí Aibreáin i mbliana. Áirítear ann téacsanna Gaeilge a bhfuil eagarthóireacht déanta orthu agus a foilsíodh ó thús an 21ú haois i leith. Tá réimse leathan ábhar le fáil sa chorpas agus tá 5.3 milliún focal ann faoi láthair ach táthar ag cur leis go rialta. Táimid an-bhuíoch de na foilsitheoirí agus de na sealbhóirí cóipchirt a thug cead dúinn a gcuid ábhair a úsáid. Is féidir cuardach a dhéanamh sa chorpas trí fhocal nó trí fhrása ar leith a scríobh isteach sa bhosca cuardaigh. Gintear liosta torthaí cuardaigh ina léirítear an téarma cuardaigh i gcomhthéacs a úsáide. Is féidir na torthaí cuardaigh a theorannú trí fhoinse amháin a roghnú sa bhosca ‘Scag de réir bailiúcháin’ ar thaobh na láimhe deise.

Corpas comhthreomhar Béarla-Gaeilge de théacsanna reachtúla:

Is corpas comhthreomhar é seo de mhíreanna ailínithe Béarla-Gaeilge ó théacsanna reachtúla na hÉireann agus ó reachtaíocht an Aontais Eorpaigh. Is mar acmhainn teanga seachas mar acmhainn údarásach dlí atá an corpas á chur ar fáil don phobal. Tá thart ar 9 milliún focal sa chorpas, 4.5 milliún i nGaeilge agus 4.5 milliún i mBéarla. Is féidir cuardach a dhéanamh ar théarma nó ar fhrása i mBéarla nó i nGaeilge agus gintear liosta de na míreanna sa chorpas ina bhfuil an téarma nó an frása sin le fáil. Is féidir leis an úsáideoir an liosta míreanna sin a fheiceáil taobh le taobh lena gcóimhíreanna sa teanga eile. Is féidir teacht ar a thuilleadh eolais maidir le hinneachar an chorpais ag an nasc seo agus rinneadh cur síos ar fheidhmeanna cuardaigh an chorpais sa bhlagmhír seo roimhe seo. Ina theannta sin, tá reachtaíocht na hÉireann as an gcorpas comhthreomhar ar fáil anseo le híoslódáil i bhfoirm liosta san fhormáid TMX. Tiomsaítear péirí de shleachta Gaeilge agus Béarla don úsáideoir agus déantar athnuachan ar an liosta seo go ráithiúil.

Bunachar Téarmaíochta:

Tá ceithre bhailiúchán sa bhunachar sonraí seo faoi láthair: (i) Téarmaí as Ionstraimí Reachtúla (TIR); (ii) téarmaí agus abairtí ó bhunachar Rannóg an Aistriúcháin, Oifig Thithe an Oireachtais; (iii) téarmaí as an bhfoclóir Téarmaí Dlí (Oifig an tSoláthair 1959) agus (iv) téarmaí as an bhfoclóir Focal sa Chúirt (Ó Catháin 2000). Tá na téarmaí sa bhailiúchán TIR ag eascairt as tionscadal LEX. Bailiúchán ilghnéitheach téarmaí atá ann gan de cheangal eatarthu ach gur baineadh iad as Ionstraimí Reachtúla áirithe. Is féidir blagmhír a léamh faoin mbailiúchán sonrach seo ag an nasc seo. Tá an t-ábhar ó bhunachar Rannóg an Aistriúcháin á riar ag Rannóg an Aistriúcháin féin agus déantar é a nuashonrú go tráthrialta. Ina theannta sin, tiomsaíodh liostaí téarmaí as dhá fhoclóir dhátheangacha téarmaí dlíTéarmaí Dlí (Oifig an tSoláthair 1959) agus Focal sa Chúirt (Ó Catháin 2000), foclóir dátheangach téarmaí dlí a ndearnadh mionleasuithe air. Is féidir na bailiúcháin go léir a chuardach trí fhocal nó trí fhrása a chuardach sa bhosca cuardaigh. Is féidir tuilleadh eolais a fháil i leith inneachar an bhailiúcháin ag an nasc seo.

Cuirfear tuilleadh ábhair agus acmhainní breise ar gaois.ie de réir a chéile agus is fiú súil a choimeád ar an suíomh gréasáin le haghaidh an ábhair nua amach anseo!