Gaois

Acmhainní Oideachais ar logainm.ie

Blog post is available in Irish only

Is cuid lárnach d’oidhreacht na hÉireann iad na logainmneacha. Ní nach ionadh mar sin gur ábhar staidéir iad i bhfad is i gcéin. Tá roinnt mhaith acmhainní foghlama agus foinsí léitheoireachta ar fáil ar logainm.ie do dhaoine a bhfuil suim acu san ábhar. Tá na hacmhainní seo roinnte i dtrí ghrúpa, gach ceann acu ag díriú ar leibhéal áirithe, agus gach ceann acu as Gaeilge. Tá idir acmhainní statacha agus acmhainní idirghníomhacha ar fáil. Cuimsíonn na hacmhainní gnéithe teanga, staire agus tíreolaíochta in éineacht. Fiontar (DCU), i bpáirt leis an mBrainse Logainmneacha agus le comhairleoirí oideachais a chruthaigh na hacmhainní oideachais seo.

Freastalaíonn an chéad bhaisc acmhainní ar mhúinteoirí agus ar dhaltaí bunscoile, ag díriú ar pháistí sna ranganna sinsearacha sa bhunscoil ach go háirithe (nó fiú sna bunranganna meánscoile). Tá sé scéim oibre ann, ag tosú le réamhrá ar an ábhar agus cúig théama éagsúla ina dhiaidh sin. Tá plean ranga, gníomhaíochtaí, stór focal agus bileog oibre (ar nós an chinn thíos) curtha ar fáil i dtaobh gach ceann acu.

Moltar na hacmhainní iar-bhunscoile do dhaltaí san idirbhliain agus dóibh siúd atá á dteagasc, ach is féidir leas a bhaint astu ag leibhéil eile chomh maith. Tá 10 n-aonad teagaisc ann, ag tosú arís le réamhrá ar an ábhar agus ag leanúint ar aghaidh le 9 dtéama éagsúla. Cuimsítear réimse leathan scileanna sna ceachtanna: tá ailt eolais le léamh, tá comhad fuaime ann, tá ceisteanna le freagairt, tá ábhair plé molta agus tá ceachtanna scríbhneoireachta le déanamh. Tá treoir do thionscadal taighde ann chomh maith a chuideoidh leis na daltaí tabhairt faoi thaighde ar logainmneacha ina gceantar féin.

Is é an tríú baisc acmhainní atá ar fáil ar an suíomh ná cúrsa tríú leibhéal. Tá sé seo dírithe ar mhic léinn ollscoile atá ag tabhairt faoi staidéir ar an nGaeilge agus mar áis do léachtóirí atá ag plé leis an ábhar mar mhodúl ann féin nó mar chuid de mhodúl eile, ach bheadh fiúntas ann mar áis d’éinne a bhfuil suim acu san ábhar. Tá an cúrsa leagtha amach mar 11 léacht ollscoile, tá plean do gach léacht ann mar aon le leabharliosta cuimsitheach, agus leagan forbartha de dhá léacht shamplacha ar fáil ar an suíomh.

Chomh maith leis na hacmhainní seo féin, reáchtáiltear comórtais bunaithe orthu ó am go chéile. Cuirtear eolas faoi seo sa bhosca nuachta ar an suíomh agus sa nuachtlitir seachtainiúil (cláraigh anseo).

Is féidir teacht ar na hacmhainní uile ag www.logainm.ie/ga/edu/