Gaois

An Brainse Logainmneacha

Bunaíodh an Brainse Logainmneacha mar rannóg ar leith in Oifig na Suirbhéireachta Ordanáis sa bhliain 1956. Ní go dtí an bhliain 1999 a aistríodh é go dtí An Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán mar a tugadh ar an roinn rialtais an tráth úd. Is é cúram an Bhrainse Logainmneacha taighde a dhéanamh ar logainmneacha na tíre chun leaganacha cearta Gaeilge a aimsiú agus a sholáthar le húsáid mar leaganacha oifigiúla. Tugtar stádas dlíthiúil do na foirmeacha a dheimhníonn an Brainse trí orduithe logainmneacha agus foilsítear gach logainm a dheimhnítear ar Bhunachar Logainmneacha na hÉireann (www.logainm.ie). Tá an bunachar sonraí seo, a chruthaigh Fiontar, Ollscoil Bhaile Átha Cliath, i gcomhar leis an Bhrainse Logainmneacha, ina áis chuimsitheach bhainistíochta chun sonraí logainmneacha agus taifid chartlainne a riar agus a chur ar fáil go poiblí.

saineolas iontach le fáil sa Bhrainse Logainmneacha – idir an fhoireann féin agus sna foinsí ilghnéitheacha ar fad atá stóráilte ann. Tá leabharlann ann ina bhfuil taifeadtaí fuaime, seanleabhair agus seanléarscáileanna, agus ní faisnéis ar logainmneacha amháin atá le fáil iontu. Faightear léargas ar ainmneacha daoine, a muintir agus a maoin saolta, ar luach na talún agus cruth na tíre agus, ar ndóigh, ar an teanga chomh maith. Tugann na nithe seo eolas breise dúinn faoi bhunús na logainmneacha, agus bíonn litrithe agus leaganacha éagsúla na logainmneacha á scrúdú ann chomh maith. Is ar an mhéid sin a bhunaítear an leagan oifigiúil den logainm a chuirtear ar an suíomh poiblí. Ina theannta sin, cuireann foireann an Bhrainse Logainmneacha nótaí mínithe le hiontrálacha éagsúla i mBunachar Logainmneacha na hÉireann agus is díol spéise iad dóibh siúd a bhfuil suim acu i gcúrsaí logainmníochta. Is féidir a thuilleadh a léamh faoin ghné sin den obair sa bhlagmhír seo.

Ar ndóigh, tá an-chuid foinsí le fáil ann nach ndearnadh a rangú ná a scrúdú go fóill. Is ar ainmneacha riaracháin is mó a bhíonn taighde an Bhrainse dírithe, is é sin, ainmneacha contaetha, barúntachtaí, paróistí dlí, bailte fearainn agus toghranna. Ach, mar a fheictear ar logainm.ie, soláthraítear leaganacha Gaeilge ar bhailte, ionaid daonra, cnoic, sráidainmneacha, aibhneacha agus nithe eile chomh maith.

Is de réir an chontae a dhéantar an taighde den chuid is mó, agus dírítear ar bharúntacht san iarraidh. Déantar liosta de logainmneacha a mhaireann sa bharúntacht agus cuirtear leaganacha stairiúla nó éagsúla leo de réir mar a dhéantar taighde ar na foinsí cuí. Chomh maith leis sin, déantar nóta d’ainmneacha agus do dhátaí na bhfoinsí agus d’aon eolas breise a fhaightear ann. Déantar nóta chomh maith de logainmneacha nach maireann a thuilleadh sa bharúntacht. Cuirtear na leaganacha éagsúla sin ar fáil don phobal faoin fhotheideal taifid chartlainne faoin logainm cuí ar logainm.ie.

Chomh maith leis an taighde leanúnach seo a dhéanamh agus a fhoilsiú, freagraítear ceisteanna ón phobal maidir le leaganacha cearta Gaeilge de logainmneacha na tíre. Is féidir dul i dteagmháil leis an Bhrainse trí ríomhphost a chur chuig logainmneacha@ahg.gov.ie nó le DCU ar logainm@dcu.ie.