Gaois

An Leabhrán Béaloideas Éireann ar dúchas.ie

leathanach acmhainní eolais ar dúchas.ie agus cuirtear leis de réir a chéile. Cuireadh an leabhrán spéisiúil Béaloideas Éireann leis le déanaí. Is leabhrán 38 leathanach é a dhréachtaigh Séan Ó Súilleabháin, an béaloideasaí mór le rá.

Bhí dhá bhliain déag caite ag Ó Súilleabháin ina mhúinteoir bunscoile sula ndeachaigh sé leis an bhéaloideas agus chuidigh an taithí sin go mór leis agus é ag iarraidh treoirlínte soiléire a bhreacadh síos do na múinteoirí agus do na daltaí scoile ar fud na tíre a bheadh ag glacadh páirt i Scéim na Scol 1937-38. I mí Mheán Fómhair 1937 a d'eisigh an Roinn Oideachais an leabhrán seo agus an leagan Béarla Irish Folklore and Tradition (atá ar fáil ar an suíomh chomh maith).

Tá an leabhrán roinnte ina thrí chuid: réamhrá; comhairle; ábhar d'aistí. Sa réamhrá féin, leagadh béim ar thábhacht náisiúnta na hoibre agus ar ról na múinteoirí/ndaltaí san obair bharrthábhachtach seo: 'Obair náisiúnta iseadh seanchas na h-Éireann do chnuasach. Ní fearr daoine chun lámh chonganta do thabhairt san obair sin ná na múinteoirí agus na leanbhaí fásta atá fé n-a gcúram.' Ní hamháin sin ach obair phráinneach a bhí ann dar leis an leabhar: 'Anois an t-am chun an eolais do shábháil agus do chur i n-iúl do'n tsaoghal. Mara ndeintear anois é beidh sé gan déanamh go deo.' Sa chomhairle, bhí treoir phraiticiúil maidir le sonraí an dalta agus sonraí an fhaisnéiseora a bhreacadh síos: ainm agus baile fearainn a bhí de dhíth. Bhí comhairle ann fiú faoi leagan amach na n-aistí: 'Fágtar imeall ¾'' folamh ar gach leathanach ar an dtaobh istigh.'

Is é 'Ábhar d'aistí' corp an leabhráin ina bhfuil liosta de 55 ceannteideal nó téama éagsúla agus na hábhair seo san áireamh: cistí óir i bhfolach; tomhais; daoine cáiliúla; seancheirdeanna; cruatan; áitainmneacha; lucht siúil; leigheasanna; cluichí; mo cheantar féin; seanfhocail; prátaí; paidreacha; an chuigeann; fathaigh agus cailleacha; seanfhoirgnimh agus a lán téamaí eile. Is i bhfoirm ceisteanna atá na hábhair leagtha amach agus Ó Súilleabháin ag iarraidh nach ndéanfadh na hoidí nó na daltaí faillí i mioneolas ar bith. Féach mar shampla an méid eolais a bhí le cur san áireamh agus aiste á scríobh ar 'Leipreacháin agus Murúcha':

Maidir leis na ceannteidil, deir Séamus Ó Catháin: 'Ba léamh mór aigeanta a thug Seán ar mhianach an bhéaloidis, gan a bhfuil i gceist le bunbhrí lárnach an traidisiúin bhéil a ligean i ndearmad ag an am céanna.... meascán meáite, tuisceanach, spreagúil é a d'fhóir go maith don ócáid' ('Súil siar ar Scéim na Scol 1937-38').