Gaois

An tSeachtain Náisiúnta Oidhreachta

Reáchtáiltear an tSeachtain Náisiúnta Oidhreachta i mí Lúnasa chuile bhliain agus is é téama na seachtaine i mbliana ná Caithimh Aimsire - Aimsir Chaite. Is cuid lárnach de shaol an duine iad caithimh aimsire agus ní taise do mhuintir na hÉireann é. Is féidir teacht ar go leor scéalta suimiúla i mBailiúchán na Scol a thugann spléachadh dúinn ar na caithimh aimsire ba choitianta in Éirinn fadó.

I dtosach báire, is léir ó roinnt scéalta go mbíodh an-tóir ag cailíní ar bhábóga. Bhí orthu na bábóga a dhéanamh iad féin; ní raibh siad ar díol sna siopaí an uair sin! Déantar cur síos ar an gcaoi a ndéantaí iad sa chuntas seo. D’úsáidtí páipéar agus éadaí agus dhéanaidís tithe as adhmad nó as clocha dóibh freisin.

Foinse: An Bailiúchán Grianghraf, C035.06.00010

Tugtar le fios sa chuntas seo go ndéantaí bábóga le féar nó le tornapaí agus go gcuirtí hata, gúna, stocaí, bróga agus cóta orthu. Mar a luadh thuas, dhéanadh cailíní tithe do na bábóga agus dar leis an gcuntas seo go n-úsáididís adhmad, cipíní agus “píosaí de gach rud ar fúaid a’ tighe” chun na tithe a dhéanamh.

Feicimid sa scéal seo gur thaitníodh sé leis na cailíní bláthfhleascanna agus slabhraí nóiníní a dhéanamh. Tagraítear dóibh sa scéal seo arís agus feicimid go raibh spéis ag cailíní sna caithimh aimsire seo a leanas freisin; cniotáil, fuáil, bláthanna a chur agus sméara dubha a bhaint.

Foinse: An Bailiúchán Grianghraf, M001.18.00480

Tugtar léargas spéisiúil dúinn ar chuid de na caithimh aimsire a bhíodh ag buachaillí i scéalta eile chomh maith. Sa chuntas seo, cuirtear in iúl dúinn go raibh cluiche ar a dtugtar asal agus cléibhín an-choitianta i measc na mbuachaillí óga. Thaitníodh sé leo sionnaigh a lorg lena madraí agus coiníní agus giorriacha a fhiach.

Foinse: An Bailiúchán Grianghraf, M003.01.00609

Ar ndóigh, bhí caithimh aimsire ann ina raibh spéis ag buachaillí agus cailíní araon. De réir an scéil seo, bhainidís an-taitneamh as cluichí ar a dtugtar fuinneoga arda, dallóg* agus *luascán agus déantar cur síos ar rialacha na gcluichí agus ar an gcaoi a n-imrídís iad.

Foinse: Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0599, Leathanach 503

Anuas air sin, tá caithimh aimsire eile ann a bhfuil an-tóir orthu fós in Éirinn, ar nós na peile agus na hiomána. Tugtar le fios sa chuntas seo go raibh na cluichí úd ar cheann de phríomhimeachtaí an deireadh seachtaine agus is amhlaidh atá sa lá atá inniu ann. Tá cúpla difríocht idir an dá thréimhse le tabhairt faoi deara, áfach. Ní bhíodh feisteas rómhaith ag foirne agus bhíodh “bróga troma” á gcaitheamh ag cuid de na himreoirí. Insítear dúinn chomh maith go nglacadh duine den lucht féachana páirt sna cluichí uaireanta – is cinnte nach raibh na rialacha chomh dian agus atá siad anois! Deirtear san iontráil seo go dtagadh imreoirí ón Aifreann agus go gcaithidís na bróga agus na héadaí céanna agus iad ag imirt!

Tá spéis na ndaoine sna cluichí an-fhollasach sa scéal seo. Dar leis go mbaineadh muintir na háite agus na himreoirí féin an-taitneamh as na cluichí peile. Luaitear, áfach, nach mbíodh ach daoine a raibh “cuimse airgid” acu ag dul isteach sa pháirc go minic mar go mbíodh ar an lucht féachana pingin nó scilling a íoc.

Dar ndóigh, níl sa bhlagmhír seo ach blaiseadh beag de chaithimh aimsire mar a scríobhtar fúthu i mBailiúchán na Scol. Mar cheiliúradh ar an tSeachtain Náisiúnta Oidhreachta i mbliana, is fiú go mór súil a chaitheamh ar Bhailiúchán na Scol agus tuilleadh scéalta a léamh faoi chaithimh aimsire in Éirinn fadó.

Údar: Fiona Faherty