Gaois

Bailiúchán nua curtha leis an gCorpas Comhthreomhar

Rinneadh nuashonrú ar an gCorpas Comhthreomhar ar gaois.ie le déanaí agus cuireadh bailiúchán nua le hinneachar an chorpais. Is corpas comhthreomhar é seo de mhíreanna ailínithe Béarla-Gaeilge ó théacsanna reachtúla na hÉireann agus ó reachtaíocht an Aontais Eorpaigh. Tá thart ar 45 milliún focal sa chorpas anois, 23 milliún focal i nGaeilge agus 22 milliún focal i mBéarla.

Cuireadh bailiúchán úr leis an gcorpas le déanaí, is é sin, Riar na hOibre (Dáil Éireann/Seanad Éireann). Áirítear doiciméid neamhreachtacha de chuid Rannóg an Aistriúcháin, Oifig Thithe an Oireachtais sa bhailiúchán seo agus tá preasráitis, teidil, tairiscintí, rúin, rúin airgeadais agus ráitis le fáil i measc na ndoiciméad seo.

Ní gá ach focal nó frása a scríobh isteach sa bhosca cuardaigh agus an bailiúchán ‘Riar na hOibre (Dáil Éireann/Seanad Éireann)’ a roghnú chun na torthaí a scagadh de réir bailiúcháin. Is féidir teacht ar bhreis eolais maidir leis an gcorpas comhthreomhar anseo. Cuirfidh Fiontar & Scoil na Gaeilge leis an gcorpas de réir a chéile. Is féidir teacht ar liosta de gach téacs ailínithe atá le fáil sa chorpas comhthreomhar ach cliceáil anseo.