Léim go dtí an príomhábhar
BLAG THIONSCADAIL FIONTAR & SCOIL NA GAEILGE

Baisc imleabhar nua ón bPríomhbhailiúchán Lámhscríbhinní foilsithe

Dúchas.ie, An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Béaloideas, Seanchas

Gach ráithe, cuirtear baisc imleabhar nua as Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní Chnuasach Bhéaloideas Éireann ar fáil. Déantar digitiú agus innéacsú ar an ábhar agus foilsítear ar dúchas.ie é. Sonraítear an t-ábhar nua leis an lipéad ‘NUA’ taobh leis an iontráil:

Foilsíodh an bhaisc is déanaí, 15 imleabhar san iomlán, ag tús mhí Iúil. Seo thíos liosta de na himleabhair, de na bailitheoirí agus de na ceantair atá i gceist:

0190Seán de Buitléir, Co. Loch Garman
0194Brighid Ní Chollaráin, Cill Lasrach, Co. Mhaigh Eo agus Cill Mhic Thaidhg, Co. Shligigh
0203Bailitheoirí éagsúla ar fud Cho. Chorcaí
0210Brighid Ní Chollaráin, Buiríos Ceara agus Tuath Aitheachta, Co. Mhaigh Eo
0216Micheál Ó Riagáin, An Spidéal agus Eibhlín Ní Chaollaidhe, Carna, Co. na Gaillimhe
0217Seosamh Ó Gríbhthín, Corca Dhuibhne, Domhnall Ó Súilleabháin, Uíbh Ráthach, agus Seán Ó Súilleabháin, Tuath Ó Siosta, Co. Chiarraí
0218Eibhlín Ní Shéaghdha, Máirtín Ó Súilleabháin agus Peadar Ó Niallagáin, Corca Dhuibhne, Co. Chiarraí
0219Bailitheoirí éagsúla ar fud Cho. Chorcaí
0224Anna Ní Eigheartaigh, Cill Charthaigh agus Proinnsis Ó Gallchubhair, Inis Caoil agus Inbhear, Co. Dhún na nGall
0229Brian Mac Lochlainn, Iomaí agus Baile na Cille, Co. Gaillimhe
0231An Bráthair Lúcás, Cois Fharraige agus An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
0232Proinnsias de Búrca, An Ros, Conga agus Tamhain, Co. na Gaillimhe
0257Liam Mac Coisdealbha, Mainistir Chnoc Muaidhe, Eadargúil, Co. na Gaillimhe agus Cill Mhiáin, Co. Mhaigh Eo
0274Liam Mac Meanman, Míobhaigh, Co. Dhún na nGall
0279Máire Ní Chadhla, Corca Dhuibhne, Co. Chiarraí agus Cill Míde, Co. Luimnigh


An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0232, Leathanach 0023

Chomh maith leis sin, cuireadh baisc 25 imleabhar leis an suíomh ag tús Aibreáin. Ábhar a bailíodh sna ceantair Ghaeltachta is mó a bhí i gceist sa bhaisc sin. Tá na sonraí ar fad ar fáil thíos:

0160Liam Mac Coisdealbha, Carna, Co. na Gaillimhe
0163-0167Proinnsias de Búrca, Dúiche Sheoigheach
0173Próinséas Ó Ceallaigh, Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
0175Domhnall Ó Súilleabháin, Uíbh Ráthach, Co. Chiarraí
0176Bailitheoirí éagsúla; ábhar as Dún na nGall, Ciarraí agus Corcaigh
0177Mícheál Ó Riagáin, An Spidéal, Co. na Gaillimhe
0178Pádhraic Ó Cadhain, Dúiche Sheoigheach
0183Nioclás Breathnach, Na Déise, Co. Phort Láirge
0188Proinnsias de Búrca, Dúiche Sheoigheach
0189Tomás Ó Ciardha, Corcaigh, Port Láirge agus Loch Garman
0191Bailitheoirí éagsúla; ábhar as Gaillimh agus as Maigh Eo
0193Brighid Ní Chollaráin, Cill Lasrach, Co. Mhaigh Eo
0195Pádhraic Ó Ceannaigh agus Henry Corduff, Cill Mobhí agus Cill Chomáin, Co. Mhaigh Eo
0198 & 0199Pádraig Ó Conaill, Míros, Co. Chorcaí
0201Bailitheoirí éagsúla; An Blascaod Mór agus áiteanna eile i gCorca Dhuibhne, Co. Chiarraí
0233Seán Ó hEochaidh, Gleann Cholm Cille, Co. Dhún na nGall
0234Liam Mac Meanman, Cill Taobhóg agus Cluain Dabhaodóg, Co. Dhún na nGall
0238Liam Mac Coisdealbha, Carna agus Eadargúil, Co. na Gaillimhe agus Cill Mhiáin, Co. Mhaigh Eo
0248Bailitheoirí éagsúla; ábhar as Dúiche Sheoigheach, Carna agus An Spidéal, Co. na Gaillimhe agus Cill Lasrach, Co. Mhaigh Eo
0260Liam Mac Meanman, Inis Caoil, Cluain Dabhaodóg agus Míobhaigh, Co. Dhún na nGall

Tá an Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní á dhigitiú ag foireann dúchas.ie de réir a chéile. Tá Bailiúchán na Scol agus Bailúchán Grianghraf CBÉ digitithe acu cheana. Is éard atá sa Phríomhbhailiúchán ná 2,400 imleabhar ceangailte d’ábhar béaloidis. Thiomsaigh bailitheoirí lánaimseartha agus páirtaimseartha Choimisiún Béaloideasa Éireann (1935-1971) formhór an ábhair seo i lár na haoise seo caite. I nGaeilge atá timpeall dhá thrian den ábhar a chuimsíonn gach gné de thraidisiún béil na hÉireann.

Lógó gaois.ie
gaois.ie