Gaois

Baisc imleabhar nua ón bPríomhbhailiúchán Lámhscríbhinní foilsithe (Deireadh Fómhair 2019)

Tá 30 imleabhar nua as an bPríomhbhailiúchán Lámhscríbhinní digitithe, innéacsaithe agus ar fáil ar dúchas.ie anois. Baineann an t-ábhar leis na 1930idí. Seo thíos liosta de na himleabhair, de na bailitheoirí agus de na háiteanna.

Uimhir imleabhair Bailitheoir/ceantar
0139 Seán Ó hEochaidh, Gleann Cholm Cille, Co. Dhún na nGall
0172 Seán de Buitléir, Co. Loch Garman
0184 Nioclás Breathnach, An Rinn, Dún Garbhán agus an Ghráinsigh, Co. Phort Láirge
0207 Bailitheoirí éagsúla i gCo. na Gaillimhe
0236 Brian Mac Lochlainn, Iomaí, Baile na Cille, Maíros agus Ros, Co. na Gaillimhe
0237 Brian Mac Lochlainn, Iomaí, Maíros agus Inis Bó Finne, Co. na Gaillimhe
0239 Tadhg Ó Murchadha, Uíbh Ráthach, Co. Chiarraí
0241 Seosamh Ó Dálaigh, Corca Dhuibhne, Co. Chiarraí
0245 Nioclás Breathnach, An Rinn, Aird Mhór agus an tSráidbhaile, Co. Phort Láirge
0246 Nioclás Breathnach, An Rinn agus Seisceannán, Co. Phort Láirge
0247 Peadar Ó Niallagáin agus Eibhlín Ní Shéaghdha, Corca Dhuibhne, Co. Chiarraí
0249 Bríd Ní Chollaráin, Co. Mhaigh Eo agus Co. na Gaillimhe
0250 Bríd Ní Chollaráin, Co. Shligigh, Co. Mhaigh Eo agus Co. na Gaillimhe
0251 Bailitheoirí éagsúla i gCo. Chiarraí, Co. Phort Láirge agus Co. Shligigh
0253 Bailitheoirí éagsúla i gCo. Chorcaí agus i gCo. Loch Garman
0254 Bailitheoirí éagsúla i gCo. Chiarraí
0255 Seosamh Ó Dálaigh, Corca Dhuibhne, Co. Chiarraí
0256 Seosamh Ó Dálaigh, Corca Dhuibhne, Co. Chiarraí
0258 Proinnsias de Búrca, Ros, Co. Mhaigh Eo agus Co. na Gaillimhe
0261 Aodh Ó Domhnaill, Rann na Feirste agus Proinnsias Ó Gallchobhair, Inbhear, Co. Dhún na nGall
0262 Séamus Ó Dubhgáin, Gaoth Dobhair agus Aodh Ó Duibheannaigh, Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
0263 Seán Ó Flannagáin, An Bheitheach, Pádhraic Óg Ó Flaithbheartaigh, Cois Fharraige agus Seán Mac Eoin, an Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
0264 Áine Ní Ruadháin, Cill Lasrach, Pádhraic Bairéad, an Chill Mhór, Co. Mhaigh Eo agus Liam Mac Giolladhuinn, giotaí as Co. Liatroma agus Co. Fhear Manach
0266 Éamonn Ó Duibhir, Coill na Manach, Co. Thiobraid Árann, agus Pádraig Ó Maoldhomhnaigh, Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe
0270 Seán Ó hEochaidh, Gleann Cholm Cille, Cill Charthaigh agus Ard an Rátha, Co. Dhún na nGall
0271 Brian Mac Lochlainn, Iomaí, Baile na Cille, Maíros agus Ros Muc, Co. na Gaillimhe
0276 Proinnsias de Búrca, An Ros, Co. na Gaillimhe agus Cill Mheáin agus Sruthair, Co. Mhaigh Eo
0280 Bailitheoirí éagsúla ar fud Cho. Dhún na nGall
0281 Bailitheoirí éagsúla ar fud Cho. na Gaillimhe
0305 Liam Mac Coisdeala ar fud Cho. na Gaillimhe

Is féidir teacht ar an ábhar seo uile ag www.duchas.ie/ga/cbe.

Is é An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní an bailiúchán is déanaí atá á dhigitiú ag foireann dúchas.ie, agus ábhar as á fhoilsiú go ráithiúil. Is éard atá sa bhailiúchán seo 2,400 imleabhar ceangailte d’ábhar a bailíodh ó 1932 i leith. Bhailigh bailitheoirí lánaimseartha agus páirtaimseartha formhór an ábhair faoi scáth Choimisiún Béaloideasa Éireann (1935–1971). I nGaeilge atá timpeall dhá thrian den ábhar a chuimsíonn gach gné de thraidisiún béil na hÉireann.

Is toradh é dúchas.ie ar chomhpháirtíocht a cuireadh ar bun in 2012 idir Cnuasach Bhéaloideas Éireann in UCD, Leabharlann Dhigiteach UCD, agus Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU. Tá sé mar aidhm ag an tionscadal bailiúcháin uile Chnuasach Bhéaloideas Éireann a dhigitiú agus a chur ar fáil don phobal ar líne. Tá an tionscadal á chómhaoiniú ag An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta le tacaíocht ón gCrannchur Náisiúnta, agus ag an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath le cabhair airgeadais ó Fhondúireacht Bhéaloideas Éireann. Teagmháil: eolas@duchas.ie