Léim go dtí an príomhábhar
BLAG THIONSCADAIL FIONTAR & SCOIL NA GAEILGE

Baisc imleabhar nua ón bPríomhbhailiúchán Lámhscríbhinní foilsithe (Deireadh Fómhair 2019)

Dúchas.ie, An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Béaloideas, Seanchas

Tá 30 imleabhar nua as an bPríomhbhailiúchán Lámhscríbhinní digitithe, innéacsaithe agus ar fáil ar dúchas.ie anois. Baineann an t-ábhar leis na 1930idí. Seo thíos liosta de na himleabhair, de na bailitheoirí agus de na háiteanna.

0139Seán Ó hEochaidh, Gleann Cholm Cille, Co. Dhún na nGall
0172Seán de Buitléir, Co. Loch Garman
0184Nioclás Breathnach, An Rinn, Dún Garbhán agus an Ghráinsigh, Co. Phort Láirge
0207Bailitheoirí éagsúla i gCo. na Gaillimhe
0236Brian Mac Lochlainn, Iomaí, Baile na Cille, Maíros agus Ros, Co. na Gaillimhe
0237Brian Mac Lochlainn, Iomaí, Maíros agus Inis Bó Finne, Co. na Gaillimhe
0239Tadhg Ó Murchadha, Uíbh Ráthach, Co. Chiarraí
0241Seosamh Ó Dálaigh, Corca Dhuibhne, Co. Chiarraí
0245Nioclás Breathnach, An Rinn, Aird Mhór agus an tSráidbhaile, Co. Phort Láirge
0246Nioclás Breathnach, An Rinn agus Seisceannán, Co. Phort Láirge
0247Peadar Ó Niallagáin agus Eibhlín Ní Shéaghdha, Corca Dhuibhne, Co. Chiarraí
0249Bríd Ní Chollaráin, Co. Mhaigh Eo agus Co. na Gaillimhe
0250Bríd Ní Chollaráin, Co. Shligigh, Co. Mhaigh Eo agus Co. na Gaillimhe
0251Bailitheoirí éagsúla i gCo. Chiarraí, Co. Phort Láirge agus Co. Shligigh
0253Bailitheoirí éagsúla i gCo. Chorcaí agus i gCo. Loch Garman
0254Bailitheoirí éagsúla i gCo. Chiarraí
0255Seosamh Ó Dálaigh, Corca Dhuibhne, Co. Chiarraí
0256Seosamh Ó Dálaigh, Corca Dhuibhne, Co. Chiarraí
0258Proinnsias de Búrca, Ros, Co. Mhaigh Eo agus Co. na Gaillimhe
0261Aodh Ó Domhnaill, Rann na Feirste agus Proinnsias Ó Gallchobhair, Inbhear, Co. Dhún na nGall
0262Séamus Ó Dubhgáin, Gaoth Dobhair agus Aodh Ó Duibheannaigh, Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
0263Seán Ó Flannagáin, An Bheitheach, Pádhraic Óg Ó Flaithbheartaigh, Cois Fharraige agus Seán Mac Eoin, an Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
0264Áine Ní Ruadháin, Cill Lasrach, Pádhraic Bairéad, an Chill Mhór, Co. Mhaigh Eo agus Liam Mac Giolladhuinn, giotaí as Co. Liatroma agus Co. Fhear Manach
0266Éamonn Ó Duibhir, Coill na Manach, Co. Thiobraid Árann, agus Pádraig Ó Maoldhomhnaigh, Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe
0270Seán Ó hEochaidh, Gleann Cholm Cille, Cill Charthaigh agus Ard an Rátha, Co. Dhún na nGall
0271Brian Mac Lochlainn, Iomaí, Baile na Cille, Maíros agus Ros Muc, Co. na Gaillimhe
0276Proinnsias de Búrca, An Ros, Co. na Gaillimhe agus Cill Mheáin agus Sruthair, Co. Mhaigh Eo
0280Bailitheoirí éagsúla ar fud Cho. Dhún na nGall
0281Bailitheoirí éagsúla ar fud Cho. na Gaillimhe
0305Liam Mac Coisdeala ar fud Cho. na Gaillimhe

Is féidir teacht ar an ábhar seo uile ag www.duchas.ie/ga/cbe.

Is é An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní an bailiúchán is déanaí atá á dhigitiú ag foireann dúchas.ie, agus ábhar as á fhoilsiú go ráithiúil. Is éard atá sa bhailiúchán seo 2,400 imleabhar ceangailte d’ábhar a bailíodh ó 1932 i leith. Bhailigh bailitheoirí lánaimseartha agus páirtaimseartha formhór an ábhair faoi scáth Choimisiún Béaloideasa Éireann (1935–1971). I nGaeilge atá timpeall dhá thrian den ábhar a chuimsíonn gach gné de thraidisiún béil na hÉireann.

Is toradh é dúchas.ie ar chomhpháirtíocht a cuireadh ar bun in 2012 idir Cnuasach Bhéaloideas Éireann in UCD, Leabharlann Dhigiteach UCD, agus Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU. Tá sé mar aidhm ag an tionscadal bailiúcháin uile Chnuasach Bhéaloideas Éireann a dhigitiú agus a chur ar fáil don phobal ar líne. Tá an tionscadal á chómhaoiniú ag An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta le tacaíocht ón gCrannchur Náisiúnta, agus ag an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath le cabhair airgeadais ó Fhondúireacht Bhéaloideas Éireann. Teagmháil: eolas@duchas.ie

Lógó gaois.ie
gaois.ie