Gaois

Baisc imleabhar nua ón bPríomhbhailiúchán Lámhscríbhinní foilsithe

Gach ráithe, cuirtear baisc imleabhar nua as Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní Chnuasach Bhéaloideas Éireann ar fáil. Déantar digitiú agus innéacsú ar an ábhar agus foilsítear ar dúchas.ie é. Sonraítear an t-ábhar nua leis an lipéad ‘NUA’ taobh leis an iontráil:

Foilsíodh an bhaisc is déanaí, 15 imleabhar san iomlán, ag tús mhí Iúil. Seo thíos liosta de na himleabhair, de na bailitheoirí agus de na ceantair atá i gceist:

Uimhir imleabhair Bailitheoir/ceantar
0190 Seán de Buitléir, Co. Loch Garman
0194 Brighid Ní Chollaráin, Cill Lasrach, Co. Mhaigh Eo agus Cill Mhic Thaidhg, Co. Shligigh
0203 Bailitheoirí éagsúla ar fud Cho. Chorcaí
0210 Brighid Ní Chollaráin, Buiríos Ceara agus Tuath Aitheachta, Co. Mhaigh Eo
0216 Micheál Ó Riagáin, An Spidéal agus Eibhlín Ní Chaollaidhe, Carna, Co. na Gaillimhe
0217 Seosamh Ó Gríbhthín, Corca Dhuibhne, Domhnall Ó Súilleabháin, Uíbh Ráthach, agus Seán Ó Súilleabháin, Tuath Ó Siosta, Co. Chiarraí
0218 Eibhlín Ní Shéaghdha, Máirtín Ó Súilleabháin agus Peadar Ó Niallagáin, Corca Dhuibhne, Co. Chiarraí
0219 Bailitheoirí éagsúla ar fud Cho. Chorcaí
0224 Anna Ní Eigheartaigh, Cill Charthaigh agus Proinnsis Ó Gallchubhair, Inis Caoil agus Inbhear, Co. Dhún na nGall
0229 Brian Mac Lochlainn, Iomaí agus Baile na Cille, Co. Gaillimhe
0231 An Bráthair Lúcás, Cois Fharraige agus An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
0232 Proinnsias de Búrca, An Ros, Conga agus Tamhain, Co. na Gaillimhe
0257 Liam Mac Coisdealbha, Mainistir Chnoc Muaidhe, Eadargúil, Co. na Gaillimhe agus Cill Mhiáin, Co. Mhaigh Eo
0274 Liam Mac Meanman, Míobhaigh, Co. Dhún na nGall
0279 Máire Ní Chadhla, Corca Dhuibhne, Co. Chiarraí agus Cill Míde, Co. Luimnigh

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0232, Leathanach 0023

Chomh maith leis sin, cuireadh baisc 25 imleabhar leis an suíomh ag tús Aibreáin. Ábhar a bailíodh sna ceantair Ghaeltachta is mó a bhí i gceist sa bhaisc sin. Tá na sonraí ar fad ar fáil thíos:

Uimhir imleabhair Bailitheoir/ceantar
0160 Liam Mac Coisdealbha, Carna, Co. na Gaillimhe
0163-0167 Proinnsias de Búrca, Dúiche Sheoigheach
0173 Próinséas Ó Ceallaigh, Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
0175 Domhnall Ó Súilleabháin, Uíbh Ráthach, Co. Chiarraí
0176 Bailitheoirí éagsúla; ábhar as Dún na nGall, Ciarraí agus Corcaigh
0177 Mícheál Ó Riagáin, An Spidéal, Co. na Gaillimhe
0178 Pádhraic Ó Cadhain, Dúiche Sheoigheach
0183 Nioclás Breathnach, Na Déise, Co. Phort Láirge
0188 Proinnsias de Búrca, Dúiche Sheoigheach
0189 Tomás Ó Ciardha, Corcaigh, Port Láirge agus Loch Garman
0191 Bailitheoirí éagsúla; ábhar as Gaillimh agus as Maigh Eo
0193 Brighid Ní Chollaráin, Cill Lasrach, Co. Mhaigh Eo
0195 Pádhraic Ó Ceannaigh agus Henry Corduff, Cill Mobhí agus Cill Chomáin, Co. Mhaigh Eo
0198 & 0199 Pádraig Ó Conaill, Míros, Co. Chorcaí
0201 Bailitheoirí éagsúla; An Blascaod Mór agus áiteanna eile i gCorca Dhuibhne, Co. Chiarraí
0233 Seán Ó hEochaidh, Gleann Cholm Cille, Co. Dhún na nGall
0234 Liam Mac Meanman, Cill Taobhóg agus Cluain Dabhaodóg, Co. Dhún na nGall
0238 Liam Mac Coisdealbha, Carna agus Eadargúil, Co. na Gaillimhe agus Cill Mhiáin, Co. Mhaigh Eo
0248 Bailitheoirí éagsúla; ábhar as Dúiche Sheoigheach, Carna agus An Spidéal, Co. na Gaillimhe agus Cill Lasrach, Co. Mhaigh Eo
0260 Liam Mac Meanman, Inis Caoil, Cluain Dabhaodóg agus Míobhaigh, Co. Dhún na nGall

Tá an Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní á dhigitiú ag foireann dúchas.ie de réir a chéile. Tá Bailiúchán na Scol agus Bailúchán Grianghraf CBÉ digitithe acu cheana. Is éard atá sa Phríomhbhailiúchán ná 2,400 imleabhar ceangailte d’ábhar béaloidis. Thiomsaigh bailitheoirí lánaimseartha agus páirtaimseartha Choimisiún Béaloideasa Éireann (1935-1971) formhór an ábhair seo i lár na haoise seo caite. I nGaeilge atá timpeall dhá thrian den ábhar a chuimsíonn gach gné de thraidisiún béil na hÉireann.