Gaois

Banríonacha agus Bandéithe i Logainmneacha na hÉireann

Déanfar ceiliúradh i mbliana ar chearta vótála a bhaint amach do mhná na hÉireann den chéad uair sa bhliain 1918. Ina theannta sin, toghadh an chéad bhean, an Chuntaois Markievicz, chun na parlaiminte céad bliain ó shin. Pléitear na tagairtí do mhná i logainmneacha na hÉireann sa bhlagmhír seo mar chomóradh ar an mbliain chinniúnach úd. Baineann seanchas faoi leith leis na háiteanna seo agus tugtar “finscéalta logainmníochta” ar na scéalta a bhfuil dlúthnasc acu le logainmneacha na tíre. Tugtar spléachadh ar chuid de na háiteanna spéisiúla ina luaitear mná cáiliúla ón dtraidisiún béil in Éirinn thíos.

An Bhóinn/River Boyne, Cill Dara, Lú, An Mhí, Uíbh Fhailí:

Tá tábhacht stairiúil agus seandálaíochta ag baint leis an abhainn seo agus faightear breis eolais maidir le bunús an ainm ó scéal miotaseolaíochta. Is ón mbandia Bóann a fhaigheann an abhainn seo a hainm. De réir an tseanchais, chuaigh Bóann chuig tobar draíochta cé nach raibh cead aici dul ann. Bhí sí fiosrach, áfach, agus níor ghlac sí leis an rabhadh a fuair sí óna fear. D'éirigh an t-uisce agus bádh í sa tobar. Tá cosúlacht idir an scéal seo agus roinnt scéalta seanchais eile chomh maith, mar shampla, bádh Eithne nuair a bhí sí ag iompar clainne in Abhainn na hUíne.

Cnoc Áine/Knockainy, Luimneach:

Foirm réigiúnach eile de bhandia an fhlaithis ab ea Áine. Deirtear gur chónaigh sí ar an gcnoc sa dúiche seo – Cnoc Áine. Bhí baint aici le Loch Goir agus creidtear gur thit Gearóid Iarla faoi gheasa aici. Dar le roinnt scoláirí, maireann Áine sa cheantar mar bhean sí agus tá sampla den scéal seo ar fáil i scéalta Bhailiúchán na Scol ar dúchas.ie.

'The Legend of Áine's Golden Comb.'

Eamhain Mhacha/Navan, Ard Mhacha:

Deirtear go bhfuair an dún seo a ainm ón mbandia álainn óg, Macha. Bhí sí ag taisteal timpeall na tíre agus bhuail sí le feirmeoir. Thit sé i ngrá léi ar an toirt, go háirithe nuair a chonaic sé gur oibrí toilteanach den scoth ab ea í. Níor mhaith léi a fíorfhéiniúlacht a bheith ar eolas ag an bpobal agus theastaigh uaithi an caidreamh a choimeád faoi rún. Lá amháin chuaigh a fear céile chuig rásaí a d'eagraigh an rí. Bhí an-spórt aige ann agus is cosúil gur ól sé an iomarca ann. Mhaígh sé go raibh a bhean chéile i bhfad níos tapúla ná capaill an rí. Níor thaitin sé sin leis an rí agus d'ordaigh sé do Mhacha rásaíocht a dhéanamh i gcoinne chapaill rása an rí. Cé go raibh sí ag súil le páiste, rith Macha chun beatha a fir céile a shábháil. Bhuaigh sí an rás ach fuair sise bás nuair a rugadh cúpla di. Is focal Sean-Ghaeilge é 'Eamhain' a chiallaíonn 'cúpla'.

Capaill rása

Leaba Dhiarmada agus Ghráinne, Dún na nGall:

Scéal cáiliúil fiannaíochta is ea Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne. Tá eolas ag gach mac máthair ar an gcaoi ar chuir Gráinne (iníon Ardrí na hÉireann) Diarmuid Ó Duibhne (duine de na Fianna) faoi gheasa. D’éalaigh an bheirt toisc nach raibh fonn ar Ghráinne seanfhear (Fionn Mac Cumhaill) a phósadh. Thaistil siad ar fud na tíre, ach níor fhan siad in aon áit rófhada mar go raibh a fhios acu go raibh Fionn agus na Fianna sna sála orthu. Tagraíonn na séadchomharthaí seo do na háiteanna sa scéal inar chodail Diarmuid agus Gráinne. Tá an ceann seo suite ar Thoraigh.

Oileán Baoi/Dursey Island, Corcaigh:

Creidtear go bhfuair an t-oileán seo a ainm ón gCailleach Bhéarra. Ceaptar gur 'Baoi' an t-ainm a bhí uirthi agus gur chónaigh sí anseo. Foirm speisialta de bhandia na talún a bhí inti, an tseanbhean chríonna seo. Bhí dlúthbhaint ag iardheisceart na hÉireann leis na mairbh, mar shampla, Cnoc Fírinne i Luimneach. Chónaigh Donn Fírinne, dia an bháis, ansin. Is rud spéisiúil é go raibh samhlú den bhandia mar sheanbhean an-aosta ina cónaí sa chuid chéanna den tír.

Oileán Baoi, Corcaigh

An bhfuil áit ar bith eile i do cheantar féin a bhaineann le bean (nó mná) ar eolas agat agus nach bhfuil le fáil i mbunachar logainm.ie? D'fhéadfá an mionlogainm agus an scéal a ghabhann leis a thaifeadadh ar Mheitheal Logainm.ie. Léigh tuilleadh anseo.

Údar: Michelle Dunne