Gaois

Béaloideas Chontae an Chabháin

Tugtar léargas ar sheanchas Chontae an Chabháin sa bhlagmhír seo. Is féidir teacht ar an ábhar ar fad i mBailiúchán na Scol ar dúchas.ie nó ar scéal a bhaineann le háit ar leith sa chontae tríd an mapa a chuardach ag an nasc seo. Contae na Lochanna a thugtar ar Chontae an Chabháin go minic agus deirtear go bhfuil 365 loch ann – ceann do gach uile lá den bhliain. Ní chuirfidh sé iontas ar an léitheoir mar sin go bhfuil áit lárnach ag na lochanna i mbéaloideas an chontae. Tá Loch Síleann ar an loch is mó sa chontae cé go bhfuil cuid de i gCo. na Mí agus i gCo. na hIarmhí freisin. Insítear sa scéal seo gur tobar sí a bhí ann ar dtús. Ba ghá an tobar a chlúdach go daingean i ndiaidh an t-uisce a tharraingt. Tháinig taoiseach ó Chúige Mumhan agus mharaigh sé muintir na háite ar fad sa dóigh go raibh rún an locha ceilte air. Lá amháin níor dhruid iníon an taoisigh an tobar agus scaird an tobar gur leath an t-uisce ar fud an cheantair máguaird. Creidtear gurb é sin an chúis a tugadh Síleann, nó Sí-Linn ar an loch.

Loch Síleann

Ní nach ionadh go bhfuil roinnt scéalta faoi chúrsaí iascaireachta le fáil i mBailiúchán na Scol chomh maith. Mar shampla, tá scéal suimiúil le léamh anseo faoi iascaireacht liús ar Loch Síleann. Tugtar léargas sa scéal ar luach an liúis agus ar fhlúirse na liús sa loch. Faightear cuntas eile ar chúrsaí iascaireachta sa scéal seo. Déantar cur síos ann ar iascaire a théadh timpeall na háite ag díol scadán – ní hamháin go mbíodh sé sásta scadáin a thabhairt dóibh siúd a bhí beo ach do thaibhsí chomh maith!

Ar Loch Theampall an Phoirt tá clú agus cáil ar oileán an Phoirt nó Oileán Naomh Maodhóg atá ainmnithe as pátrún an pharóiste. Bhí eaglais ag an naomh ar an oileán seo agus tá scéal anseo faoin mhodh iompair idir an t-oileán agus an tír mhór – leac chloiche. Deirtear sa scéal gur cuireadh leanbh a bhí le baisteadh ar an leac agus gur seoladh é amach chuig an oileán. Bhaist Maodhóg an leanbh agus sheol sé ar ais é go slán sábháilte. Insítear sa scéal seo gur scoilt an leac agus beirt ar bord uirthi i lár an locha toisc go raibh duine acu ag mallachtach. Chuaigh cuid den leac go tóin poill leis an mhallachtóir agus thug an píosa eile an duine neamhurchóideach slán chun an chladaigh.

Tá cuid de na hamhráin áitiúla le fáil i scéalta an chontae chomh maith agus is féidir teacht ar The Flowers of Breffni ag an nasc seo nó amhrán grá dar teideal The Flower of Lovely Miltown ag an nasc seo. Tá cuntas ar ‘aibítir na lusanna’ sa scéal seo agus faightear blaiseadh de thús na haibítre thíos.

I gcúrsaí spóirt, thabhaigh an Cabhán clú dó féin mar gheall ar an pheil sna 1930idí – in 1933 bhí siad ar an chéad chontae i gCúige Uladh le Craobh Uile-Éireann a thabhairt leo. Bhí ag éirí thar cionn le Ciarraí sna blianta sin agus iad ag tabhairt faoin chúigiú bua i ndiaidh a chéile go dtí gur chuir an Cabhán stop leo sa chluiche leathcheannais sa bhliain 1933 – tá amhrán a cumadh faoin bhua iontach sin le léamh anseo. De réir an scéil seo, bhíodh Fionn féin i mbun spóirt thart faoi Shliabh gCleath. I scéal eile anseo, deirtear gur iompair sé cúig chloch mhóra ó Bhinn Chuilceach go Shantemon – clocha atá ina seasamh ansin i gcónaí.

Is féidir teacht ar scéalta uile Chontae an Chabháin agus tuilleadh ar dúchas.ie – caithigí súil ar an mbailiúchán béaloidis!