Gaois

Spórt, ól agus robáil: Béaloideas Chontae Bhaile Átha Cliath

Tá réimse leathan ábhair i mBailiúchán na Scol as contae Bhaile Átha Cliath; gach gné den saol a bhí ann fadó idir chluichí a d’imir na páistí, eachtraí laochra áitiúla, is scéalta faoi logainmneacha mórthimpeall ar na scoileanna. Seo léas léargais ar na scéalta a scríobhadh sna 1930í.

Rinneadh cur síos ar go leor cluichí a bhí á n-imirt ag na páistí scoile san am sin. Is deas a bheith ag léamh faoi na cluichí a d’imir muid féin ar scoil agus tá sé níos deise arís foghlaim faoi na cluichí nár imríomar riamh. Feictear roinnt caitheamh aimsire a bhí ag aos óg na tíre roimh theacht nuatheicneolaíocht na linne seo. Ina measc Hiding a Pencil, Bird’s Colours, Cluichí i mBaile Brigín, Forfeit agus Piggy Beds.

Tá a lán scéalta bunaithe ar na laochra a bhí i gcontae Bhaile Átha Cliath fadó. Feictear lúthchleasaithe mar laochra agus thuas i mBaile Brigín is cinnte gur laoch a bhí i Harry Reynolds. An “Balbriggan Flyer” a bhí mar leasainm air. B’eisean an chéad Éireannach riamh a bhuaigh Craobhchomóratas an Domhain sa Rothaíocht sa bhliain 1896. Is léir go raibh muintir Bhaile Brigín an-bhródúil as. Sa scéal céanna feictear go raibh Thomas Cannon go maith ag rith, agus faigh amach cén duais a fuair sé.

Harry Reynolds (foinse)

Laoch éagsúil ar fad a bhí i mBaile Átha Cliath fadó ná Collier the Robber. Cén fáth a mbeadh robálaí ina laoch? Léigh an scéal agus gheobhaidh tú freagra ar an gceist sin.

Suite i mBaile na Manach tá ceann de na tithe tábhairne is sine i mBaile Átha Cliath, The Purty Kitchen. Tá mionchur síos tugtha agus tá dán scríofa chomh maith. Ní fheadair an bhfuil maisiú an tí mar an gcéanna na laethanta seo.

The Purty Kitchen, Baile na Manach (foinse)

Ar smaoinigh tú riamh conas gliomach a ghabháil? Bhuel, ná bí buartha, tá freagra le fáil in Dúchas. Bíodh muinín agat as an modh seo - comhairle í ón sráidbhaile iascaireachta cáiliúil, Binn Éadair.

Is suimiúil na scéalta a thagann as logainmneacha. Tá cúpla sampla pioctha amach anseo de chuntais spéisiúla as BÁC. Mar thús seo Poll an Bhalla ar an taobh thuaidh den Life. Ag fanacht i dtuaisceart na cathrach, seo scéal bunaithe ar Chill Easra. Ester bhocht!

Tá tuairimí éagsúla ar bhunús an logainm Béarla ar an Naigín ó dhaoine difriúla i mBÁC. Is cosúil go bhfuil na scéalaithe in Dúchas ar aon tuairim go raibh baint ag an áit leis an ól! Féach ar an scéal seo ó Ghlas Tuathail agus ar an scéal seo as Dún Laoghaire. Níl sé soiléir do mhuintir na háite cén bunús atá leis an logainm, fiú níl na saineolaithe logainmneacha céad faoin gcéad cinnte. Cliceáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil ar an logainm mistéireach seo ó na saineolaithe thuasluaite.

Seo sampla beag den bhéaloideas atá ar fáil. Is féidir léamh tríd na scéalta ar fad as contae Bhaile Átha Cliath agus aimseoidh tú tuilleadh seoidíní cosúil leis na scéalta thuas.