Gaois

Béaloideas Chontae Lú

Faightear blaiseadh de scéalta seanchais agus béaloidis ó Chontae Lú mar aon le scéalta a bhaineann le cúrsaí staire sa chontae i mBailiúchán na Scol. ‘Ón Drobhaois go dtí an Bhóinn’ a shamhlaítear le limistéar stairiúil Chúige Uladh. Mar sin de, bhí ceangal ag Contae Lú le Cúige Uladh riamh anall, rud atá soiléir ó na giotaí de Ghaeilge dhúchasach a bailíodh mar chuid de Scéim na Scol, mar shampla, an tseanphaidir seo ó leithinis cháiliúil Chuaille:

‘An i do chodladh atá tú, a mháthair?
Chan eadh ach ag téanamh aisling a ghrá
Goidé an aisling é, a mháthair
Tá go bhfaca mé fear caol dubh…’

Tá giotaí eile Gaeilge le fáil i measc imleabhair thuaisceart an chontae, roinnt paidreacha as Ó Méith anseo agus an t-amhrán seo Seán Ó Daoighre (leagan áitiúil de Seán Ó Duibhir) a bailíodh ar an teorainn le hArd Mhacha i bparóiste an Chreagáin.

Ní hionadh go bhfuil neart seanchais ann a bhaineann le ceantar Chuaille agus na sléibhte maorga sin. Bhíodh Fionn Mac Cumhaill féin ag tarraingt ar an áit, de réir dealraimh, agus ní mó ná sásta a bhí sé nuair a chonaic sé a chéile comhraic os a chomhair ar na Beanna Boirche. Is féidir léamh anseo agus i leagan eile anseo faoin dóigh ar chaith sé urchar cloiche leis – rud a d’fhág An Chloch Mhór ina seasamh ansin ó shin.

Radharc ón Chloch Mhór i dtreo Shléibhte Chuaille

Má bhí éachtaí Fhinn fós i mbéal an phobail, níor ligeadh Cú Chulainn, laoch Uladh, i ndearmad ach oiread. Is féidir léamh sa scéal seo faoin dóigh ar cheangail sé é féin le cloch – Cloch an Fhir Mhóir – agus gur chuir sé a chosa i dtaca i gcoinne a naimhde go dtí gur éag sé.

Tá cáil i gcónaí ar thuama meigiliteach ar shléibhte Chuaille chomh maith, Uaigh na Mná Móire, agus tá seanchas anseo gur casadh bean ard álainn ar fhear áitiúil agus é sa Spáinn. Mheall sé ar ais go hÉirinn í agus an ghrian agus an ghealach geallta aige di, ach gur thit sí marbh nuair a chonaic sí a shuaraí is a bhí a chuid maoine. Ceapadh amhrán fada ar na heachtraí seo chomh maith, agus tá sé le léamh anseo.

I gcúrsaí cuimhneacháin, is bliain thábhachtach í 2016 do mhuintir na hÉireann trí chéile. Ach i gcontae Lú, tá tábhacht bhreise ag baint leis, ós rud é go bhfuil 200 bliain ann ó dódh Teach na Fiaghé (Wildgoose Lodge) i mBaile an Riabhaigh. Bhí fear de mhuintir Uí Loingsigh agus a mhac cleamhnais sa teach sin oíche amháin nuair a rinne baill de na Ribínigh iarracht an teach a chreachadh. Tharla troid agus crochadh triúr de na Ribínigh mar gheall ar an ról a bhí acu san eachtra seo. Mar ghníomh díoltais, dódh an teach agus muintir an tí istigh ann, agus leanbh óg ina measc. Is féidir tuilleadh a léamh anseo.

Scéal Wildgoose Lodge in Traits and stories of the Irish peasantry le William Carleton

Ó thaobh an naomhsheanchais de, tá baint ag Naomh Bríd le Fochaird agus is féidir léamh anseo faoi bhunús Chros Bhríde. Tá scéal anseo fosta faoi shruthán Bhríde agus an chumhacht atá ann. Tá baint ag Ard Pádraig le Naomh Pádraig féin agus le Naomh Oilibhéar Pluincéad chomh maith. Tá scéal anseo faoin dóigh ar éalaigh sé ó shaighdiúirí Sasanacha agus go ndeachaigh sé i bhfolach i gcrann sa cheantar sin.

Tá neart scéalta eile ann: finscéalta a bhaineann leis an Bhóinn, cosúil leis an cheann seo, agus an ceann seo a bhaineann le Fionn agus an Bradán Feasa. Agus ar ndóigh, ní bheadh bailiúchán scéalta ina cheart gan bithiúnach míchlúiteach – isteach le Cromail agus neart scéalta anseo faoina dhrochghníomhartha i nDroichead Átha. Níl anseo ach blaiseadh de scéalta ó Chontae Lú. Níl le déanamh ach súil a thabhairt ar an mbailiúchán ar fad ag an nasc seo chun teacht ar bhreis scéalta suimiúla!