Gaois

Béaloideas Chontae na hIarmhí

Tá ábhar cuardaigh as formhór na gcontaetha in Éirinn le fáil in dúchas.ie anois agus dírítear ar scéalta a bhaineann le Contae na hIarmhí sa bhlagmhír seo. Is minic a dhéantar tagairt do logainmneacha áitiúla sna scéalta i mBailiúchán na Scol agus tá cur síos breá le fáil sa scéal seo ar bhéaloideas Fhiodh an Átha i gCo. na hIarmhí. Ina theannta sin, is féidir léamh faoi chuid de na heachtraí stairiúla a thit amach sa cheantar céanna, mar shampla, cur síos ar an gceantar roimh theacht na Normannach sa scéal seo agus i ndiaidh theacht na Normannach sa scéal seo. Ní hamháin sin, ach faightear léargas sa scéal seo ar Chath Fhiodh an Átha le linn aimsir Chromail. Tá clú agus cáil bainte amach ag Myles O’Reilly nó ‘The Slasher’ mar a thugtaí air sa cheantar agus tá neart scéalta le fáil faoin laoch úd a fuair bás ag iarraidh droichead Fhiodh an Átha a chosaint. Is féidir a thuilleadh a léamh faoin Raghailleach cáiliúil sa scéal seo.

Leacht cuimhneacháin in omós do Myles O’Reilly

Níl anseo ach blaiseadh beag de roinnt de na scéalta a bhaineann le ceantar ar leith i gCo. na hIarmhí ach déan cuardach ar áiteanna eile sa chontae anseo chun a thuilleadh scéalta a léamh.

Anuas ar an ábhar scríofa, tá cúpla grianghraf ann chomh maith, agus léiriú maith ar an méid sin is ea an t-imleabhar ó scoil na mbuachaillí i mBaile na gCros ina bhfuil grianghraif áille de phríomhchearnóg an bhaile sin agus de Chaisleáin Thulaigh an Eallaigh sa cheantar máguaird.

Mar aon le grianghraif is léir go bhfuil muintir na hIarmhí chomh ealaíonta céanna lena gcomharsan i gCo. Ros Comáin a ndearnadh cur síos orthu sa bhlagmhír seo le déanaí. Feictear sin sa tarraingt álainn seo de shéala an Mhuilinn Chearr.

Tugtar léiriú dúinn san ábhar ón scoil chéanna sa Mhuileann gCearr faoi thionscadal na grúdaireachta sa bhaile sin le linn an 19ú haois. Deir an scéalaí go raibh éileamh mór ar fhuisce agus ar phórtar sa bhaile ó ba rud é gur bhaile míleata a bhí ann. De bhreis air sin, déantar cur síos ar sheancheirdeanna sa chontae agus ar an dá theanús a bhíodh sa Mhuileann gCearr sa scéal seo.

Tá roinnt amhrán le feiceáil in ábhar na hIarmhí, agus tá véarsaí le fáil faoi fhear a cuireadh go Críoch Van Diemen sa cheann seo mar aon le hamhrán eile faoi shaol an phríosúnaigh i bpríosún an Mhuilinn Chearr sa cheann seo.

Déan cuardach anois agus léigh a thuilleadh scéalta faoi do cheantar féin!