Gaois

Beathaí Ainm agus ceisteanna comhionannais inscne

Is léir don dall go bhfuil easpa ban in ainm.ie agus go deimhin tarraingíodh aird ar an gceist nuair a foilsíodh na beathaí is déanaí ar an suíomh i mí na Samhna: ochtar a bhfuil áit tuillte go maith acu, go cinnte, ach gan bean ina measc.

Fadhb aitheanta í i gcúrsaí beathaisnéise go mbíonn gannionadaíocht i gceist le grúpaí áirithe sna cnuasaigh chanónacha náisiúnta. Is é croí na faidhbe ná an tuiscint a bhí ag lucht déanta na gcnuasach seo ar cad is ‘beatha tábhachtach’ ann. B’ionann sin go minic agus beatha fir ón aicme cheannais a bhain clú áirithe amach sa saol poiblí. D’fhág sé seo mná agus grúpaí mionlaigh áirithe faoi mhíbhuntáiste toisc nach raibh na deiseanna céanna acu a lorg a fháil ar shaol poiblí an náisiúin. I gcás an Dictionary of Irish Biography, mar shampla, is mná iad 10.14% de na beathaí; i gcás Ainm is 10% atá i gceist. Tá an ráta seo ar aon dul le cnuasaigh beathaisnéisí náisiúnta eile ar nós an Oxford Dictionary of National Biography (10%) agus an Australian Dictionary of Biography (11.64%). Fadhb í a d’aithin na bunúdair, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. ‘Rinneamar’, a deir siad, ‘gach dícheall cur le lion na mban.’

Líon na mban (glas) vs líon na bhfear (gorm) i mbunachar Ainm (Samhain 2019)

Ní miste a rá go bhfuil líon na mban in Ainm ag dul in airde, más go mall féin é. Mná iad 22.4% de na beathaí a scríobhadh ó 2013 i leith, mar shampla. Creideann muid go rachaidh an ráta seo in airde de réir a chéile.

Líon na mban mar chéatadán de réir dáta báis, 1880-2019 (níl ach 6 bhean a bhfuil dáta báis acu roimh 1880)

Tá tionscadail éagsúla beathaisnéisí tar éis aghaidh a thabhairt ar an gceist trí thaighde breise a dhéanamh ar bheathaí a fágadh ar lár sna bunfhoilseacháin agus trí imleabhair bhreise nó forlíontáin a fhoilsiú chun cuid de na heasnaimh seo a chúiteamh. Úsáidtear an téarma Missing Persons (‘daoine ar iarraidh’) le cur síos ar na beathaí seo. Dar linn gur chóir do thionscadal beathaisnéisí na Gaeilge bheith i lár an aonaigh leis seo. Tá muid ag faire amach do na mná sin atá ar iarraidh agus tá súil againn a mbeathaí a chur á scríobh de réir a chéile. Fáiltíonn foireann Ainm roimh mholtaí i gcónaí. Déan teagmháil linn ag ainm@dcu.ie.