Gaois

Beathaí nua curtha le ainm.ie

Cuireadh seacht mbeatha nuascríofa leis an mBunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge, www.ainm.ie le deireanas. Tá breis agus 1,700 beathaisnéis ó 1560 sa chnuasach beathaisnéisí ar líne anois. Tá cuntais ar Mháire Stafford (1923–2014), aisteoir agus léiritheoir a thabhaigh an teideal ‘Banríon na Taibhdheirce’ mar aon leis an scríbhneoir, scoláire agus saineolaí focal Diarmaid Ó Muirithe (1935–2014), a mbíodh an-tóir ar a cholún nuachtáin.

Máire Stafford

Diarmaid Ó Muirithe

Ina theannta sin, tá cuntais ar Dhóirín Mhic Mhurchú (1930–2014), iriseoir agus tráchtaire a bhíodh le cluinstin go mion minic ar chláir spóirt Raidió na Gaeltachta; ar Úna Uí Lachtnáin (1935–2014) a raibh baint aici leis an iliomad eagraíochtaí Gaeilge idir áitiúil agus náisiúnta; agus ar an díograiseoir teanga as Co. an Chláir, Seán Ó Ceallaigh (1934–2014), a bhíodh go síoraí ag cur na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh chun cinn ina chontae dúchais.

Dóirín Mhic Mhurchú

Úna Uí Lachtnáin

Seán Ó Ceallaigh

De bhreis air sin, tá cuntais ar Douglas Sealy (1929–2013), fear ildánach as Baile Átha Cliath, agus garmhac le Dubhghlas de hÍde, a scríobh idir dhánta agus aistí critice; agus ar Mháire Uí Mhaicín (1949–2013), léachtóir agus scríbhneoir a chuir spéis i bhfoghlaim, sealbhú agus múineadh na Gaeilge agus a chaith a saol ina ball de choistí agus de ghníomhaireachtaí éagsúla teanga.

Douglas Sealy

Máire Uí Mhaicín

Tá an tionscadal beathaisnéisí Gaeilge seo á fhorbairt ó 2009 i leith ag Fiontar, DCU, i gcomhar le Cló Iar-Chonnacht agus le Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú, údair na naoi n-imleabhar a d’fhoilsigh An Clóchomhar idir 1986 agus 2007 faoin teideal Beathaisnéis. Tá 1.3 milliún focal i gcló sna himleabhair chlóite Beathaisnéis. Rinne Fiontar digitiú ar an ábhar seo agus cruthaíodh bunachar sonraí as. Foilsíodh ar líne é nuair a seoladh www.ainm.ie in 2011.

Bunaíodh painéal comheagarthóirí in Eanáir 2013 faoi stiúir Cló Iar-Chonnacht le cuid de na seanbheathaisnéisí a nuashonrú agus le cinn úra a scríobh. Ba iad Éilis Ní Anluain, Mártan Ó Ciardha, Regina Uí Chollatáin agus Ciara Ní Éanacháin a sholáthair na cuntais seo ar bheathaí na ndaoine thuasluaite. Is féidir tuilleadh eolais ar fáil ó ainm@dcu.ie(01) 700 6577.