Gaois

Beathaí nua curtha le ainm.ie

Cuireadh dornán beathaí nuascríofa le ainm.ie le deireanas.

Ina measc, tá cuntais ar an sárscoláire P.L. Henry (1918–2011); ar Neans Uí Bhraonáin (1936–2013) ón Rinn a raibh an-chur amach aici ar chultúr agus ar oidhreacht an cheantair sin; ar an pholaiteoir Ruairí Ó Brádaigh (1932–2013); ar Fheardorcha Ó Colla (1942–2013), an ceannródaí craoltóireachta agus gníomhaí pobail as Gaoth Dobhair; ar an seanchaí cáiliúil as Rann na Feirste, Seán Ó Duibheannaigh (John Ghráinne) (1920–2013); ar Thom Bheartla Ó Flaithbheartaigh (1926–2013), seanchaí clúiteach as Cois Fharraige; agus ar Mháirtín Ó Gacháin (1882–1959), ón bhFód Dubh, múinteoir taistil le Conradh na Gaeilge a chuir an Ghaeilge chun cinn i dTír Eoghain agus i Ros Comáin.

Ba iad Mártan Ó Ciardha agus Fionntán de Brún a sholáthair na cuntais seo ar bheathaí na ndaoine thuasluaite.