Gaois

Cóipleabhair nua ó Scéim na Scol ar fáil do bhreis agus 70 scoil ar www.duchas.ie

Blog post is available in Irish only

Scoil Chluain Tuaiscirt, Co. na Gaillimhe

Tá cóipleabhair ar fáil anois do scoileanna áirithe a ghlac páirt i Scéim na Scol agus nach raibh san áireamh sna himleabhair a seoladh cheana féin ar Dúchas.ie mar chuid de Bhailiúchán na Scol.

Tá breis agus 70 scoil i gceist sa bhaisc seo agus baineann na cóipleabhair leis na contaetha seo a leanas: Gaillimh, Maigh Eo, Ros Comáin, Corcaigh, Tiobraid Árann, An Clár, Cill Dara, Cill Chainnigh agus Dún na nGall. Baineann formhór acu le Co. Mhaigh Eo - tá breis agus 30 scoil eile ón gcontae sin ar fáil anois. I gcás Cho. na Gaillimhe, tá cóipleabhair ann anois d’Inis Meáin agus do na Forbacha.

Is féidir teacht orthu tríd an liosta scoileanna anseo nó tríd an mbosca cuardaigh anseo. Bíonn litir ag na cóipleabhair mar aon le huimhir; baineann 0002C le hInis Meáin mar shampla. Bealach eile le teacht ar scoil ar leith is ea an áis brabhsála ‘Áiteanna’ anseo.

Ábhar béaloidis a thaifead daltaí scoile idir 1937 agus 1939 is ea Bailiúchán na Scol, cuid thábhachtach de Chnuasach Bhéaloideas Éireann. Ghlac thart ar 5,000 bunscoil páirt i Scéim na Scol agus chuir siad beagnach leathmhilliún leathanach ar fáil atá in imleabhair cheangailte i gcartlann an Chnuasaigh in UCD ó shin. Tá na himleabhair uile as Bailiúchán na Scol foilsithe ar Dúchas.ie ó dheireadh 2016.

Scoil Choill na Lathach, Co. Thiobraid Árann