Gaois

Corpas comhthreomhar Béarla-Gaeilge de théacsanna reachtúla

Is é atá sa chorpas comhthreomhar ná bailiúchán téacsanna reachtaíochta i bhformáid dhigiteach. Téacsanna ailínithe is ea iad inar féidir cuardach a dhéanamh ar théama nó ar fhrása i nGaeilge nó i mBéarla. Gintear liosta torthaí bunaithe ar an gcuardach corpais agus is féidir torthaí an chuardaigh a fheiceáil le hais a chéile ar an scáileán mar atá léirithe thíos.

Tá timpeall 9 milliún focal sa chorpas ar fad, 4.5 milliún i nGaeilge agus 4.5 milliún i mBéarla agus tá bailiúcháin éagsúla reachtaíochta ar fáil ar an suíomh. Tá gach eolas maidir le foinsí an chorpais ar fáil ag an nasc seo. Is féidir liosta na dtorthaí a scagadh de réir bailiúcháin, mar shampla, rogha a dhéanamh idir Reachtaíocht Phríomha na hÉireann, Reachtaíocht an Aontais Eorpaigh, Bunreacht na hÉireann, etc.

Is féidir cuardaigh shonracha a dhéanamh ar fhocail nó ar fhrása ar leith i mBéarla nó i nGaeilge tríd an mbosca cuí a roghnú. Gintear liosta torthaí agus is féidir an focal nó an frása cuardaigh a feiceáil i gcomhthéacs a úsáide. Tugann an sampla comhthéacsúil cuidiú don úsáideoir brí agus míniú an fhocail nó an fhrása a thuiscint. Feictear go n-áirítear réimse leathan reachtaíochta sa chorpas agus pléitear roinnt samplaí spéisiúla anois.

Téarmaí cuardaigh: ‘proportional representation’ nó ‘single transferable vote

Leagan Gaeilge Leagan Béarla Foinse
Is de réir na hionadaíochta cionúire agus ar mhodh an aonghutha inaistrithe a thoghfar na comhaltaí. The members shall be elected on the system of proportional representation by means of the single transferable vote. Bunreacht na hÉireann 1937
Beidh an toghchán de réir an chórais ionadaíochta cionmhaire, vóta singil soaistrithe... The election shall be by the proportional representation system, single transferable vote... Ionstraimí Reachtúla: I.R. 1978
Is le rúnbhallóid agus ar bhonn phrionsabal na hionadaíochta cionmhaire trí vóta inaistrithe amháin a dhéanfar vótáil. Voting shall be by secret ballot and on the basis of proportional representation by means of a single transferable vote. An tAcht um Iascach Intíre 2010

Téarma cuardaigh: ‘signed by

Leagan Gaeilge Leagan Béarla Foinse
Ní foláir gach achainí den sórt sin a bheith i scríbhinn agus í a bheith faoi láimh an lucht achainí agus ní foláir a sínithe sin a bheith fíoraithe ar an modh a ordaítear le dlí. Every such petition shall be in writing and shall be signed by the petitioners whose signatures shall be verified in the manner prescribed by law. Bunreacht na hÉireann 1937
... beidh sé sínithe ag an gcoinsíneoir nó thar a cheann... ... be signed by or on behalf of the consignor... Ionstraimí Reachtúla: 1980
... píosaí aonair criadóireachta a rinne ealaíontóir go hiomlán agus a shínigh an t-ealaíontóir... ... individual pieces of ceramics executed entirely by an artist and signed by the artist... An tAcht Comhdhlúite Cánach Breisluacha, 2010
Comhaontuithe a shínigh na Ballstáit idir an 1 Nollaig 2009 agus an 9 Eanáir 2013. Agreements signed by the Member States between 1 December 2009 and 9 January 2013. Rialachán (AE) Uimh. 1219/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 lena mbunaítear socruithe idirthréimhseacha le haghaidh comhaontuithe déthaobhacha infheistíochta idir na Ballstáit agus tríú tíortha

Téarma cuardaigh: ‘respect

Leagan Gaeilge Leagan Béarla Foinse
Beidh urraim ag an Stát dá ainm, agus bhéarfaidh oirmhidin agus onóir do Chreideamh. It shall hold His Name in reverence, and shall respect and honour religion. Bunreacht na hÉireann 1937
Ráthaíonn an Stát gan cur isteach lena dhlíthe ar chearta pearsanta aon saoránaigh, agus ráthaíonn fós na cearta sin a chosaint is a shuíomh lena dhlíthe sa mhéid gur féidir é. The State guarantees in its laws to respect, and, as far as practicable, by its laws to defend and vindicate the personal rights of the citizen. Bunreacht na hÉireann 1937
Dualgas ar údarás inniúil maidir le hurraim a thabhairt don Choinbhinsiún. Duty of competent authority concerning respect for Convention. An tAcht Uchtála 2010
Déanfar urraim ar na cearta maidir le cosaint aon duine atá cúisithe a ráthú. Respect for the rights of the defence of anyone who has been charged shall be guaranteed. Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (2010)

De bhreis ar an gcorpas féin a chuardach, tá reachtaíocht na hÉireann as an gcorpas comhthreomhar ar fáil anseo le híoslódáil i bhfoirm liosta. Is féidir le haistritheoirí a úsáideann bogearraí aistriúcháin ríomhchuidithe an liosta seo a iompórtáil sna bogearraí sin chun a gcuid oibre a éascú. Tá gach eolas maidir leis an áis seo ar fáil ag an nasc seo.