Gaois

Cuardaigh éagsúla sa chorpas comhthreomhar

Tá breis agus 45 mhilliún focal, 23 mhilliún sa Ghaeilge agus 22 mhilliún sa Bhéarla, curtha leis an gcorpas comhthreomhar ar gaois.ie go n-uige seo. Is éard atá i gceist leis an gcorpas comhthreomhar ná bailiúchán téacsanna reachtaíochta i bhformáid dhigiteach. Tá na téacsanna seo go léir ailínithe le gur féidir cuardach a dhéanamh ar théarma nó ar fhrása sa Ghaeilge nó sa Bhéarla. Déantar liosta torthaí a ghiniúint bunaithe ar an gcuardach corpais agus taispeántar na torthaí cuardaigh i dteannta a chéile ar an scáileán.

Is féidir faisnéis bhreise a léamh faoi fhoinsí an chorpais anseo. Cuireadh Achtanna an Oireachtais leis i mbliana agus bogadh na cáipéisí a bhaineann le ‘Riar Oibre Dháil Éireann’ ón mBunachar Téarmaíochta ar shuíomh gaois.ie go dtí an corpas comhthreomhar. Mar aon leis na foinsí sin, tá cnuasach Ionstraimí Reachtúla dátheangacha ann le fada chomh maith le reachtaíocht an Aontais Eorpaigh a ndéantar nuashonrú uirthi dhá uair in aghaidh na bliana. Ina theannta sin, tá sé de rún againn Rialacha na nUaschúirteanna a chur leis an gcorpas faoi dheireadh na bliana seo. Clúdófar sa bhailúchán seo, rialacha ón gCúirt Uachtarach, ón gCúirt Achomhairc agus ón Ardchúirt. Tá Rialacha na Cúirte Cuarda agus Rialacha na Cúirte Dúiche san áireamh cheana i measc na nIonstraimí Reachtúla.

Ag brath ar a bhfuil uait, is féidir cuardaigh bheachta agus neamhbheachta araon a dhéanamh sa chorpas le scagairí éagsúla, atá ar fáil ar thaobh deas an scáileáin, chun do chuardach a theorannú de réir foinse ar leith. Anuas air seo, is féidir focal nó téacs sa Ghaeilge nó sa Bhéarla a chuardach trí na cnaipí cuí faoi bhun an bhosca cuardaigh a chliceáil. Seo thíos roinnt samplaí de na cineálacha cuardaigh is féidir a dhéanamh sa chorpas.

Téarma a chuardach: Brexit

Frása beacht a chuardach: the impact of …

Frása neamhbheacht a chuardach: weather climate change

De bhreis ar an gcorpas féin a chuardach, tá reachtaíocht na hÉireann as an gcorpas comhthreomhar ar fáil le híoslódáil i liostaí TMX anseo. Is féidir le haistritheoirí a úsáideann bogearraí aistriúcháin ríomhchuidithe na liostaí seo a iompórtáil chuig na bogearraí sin chun a gcuid oibre a éascú.

Údar: Jamie Murphy (Eagarthóir Taighde)