Gaois

Cúpla logainm spéisiúil

Agus muid i mbun na hoibre, tagaimid ar logainmneacha spéisiúla, greannmhara (nó an dá rud) go minic. Bhaineamar an-sult as an alt seo a scríobh Nós agus bhíomar lán-sásta lámh bheag chúnta a thabhairt i dtaca leis. Mar sin, bheartaíomar cúpla ceann eile a roinnt libh a thaitníonn linn – idir shuimiúil agus…gháirsiúil.

Buaile na Nollag

Sheas an áit seo amach de bharr an dara mír den logainm agus nóta mínithe a ghabhann leis. Is é seo an t-aon logainm in Éirinn, go bhfios dúinn, a luann an focal ‘Nollaig’.

An Tóin Mhór

Thiocfadh leis an gceann seo a bheith maslach nó plámásach ag brath ar cén tuiscint a bhaineann tú ón bhfocal ‘mór’! Má thagann tú le tuairim Sheáin Uí Dhonnabháin (féach na taifid scanta agus téacs ar an suíomh), is duine flaithiúil tú.

Clochán an Aifir

Ceann de háiteanna is spéisiúla agus is cáiliúla in Éirinn, chuireamar leis an liosta seo é mar gheall ar an méid leaganacha éagsúla atá air. Tá sé deacair fiú míniú cruinn a thabhairt ar an leagan oifigiúil. Seans go dtagann an mhír ‘aifir’ ó leagan amháin atá luaite sna taifid scanta ar an suíomh, ‘Clochán na bhFomhórach’. Seans go gciallaíonn sé díreach mar atá luaite in FGB, ‘aifear’ = ‘aifirt’ = rebuke, reproach’. I dteannta na leaganacha sin, luaitear ‘Tóchar na dTréan-Fhear’ in Éigse agus feictear ‘Casán an Fhathaigh’ etc in áiteanna eile. Murar chaith tú súil ar nótaí cartlainne an Bhrainse Logainmneacha go dtí seo, molaimid iad a léamh.

Bréantrá

An leanfá na comharthaí bóthair chuig an áit seo mura raibh cur amach agat ar an mbaile? Is sampla é d’áit ina bhfuil codarsnacht shuimiúil idir an dá leagan den logainm. ‘Unionhall’ an t-ainm Béarla air, níos cairdiúla ar an tsrón pé scéal é.

Ringrash More

Fágfaimid an ceann seo gan trácht.