Gaois

Dhá acmhainn nua curtha le gaois.ie

Blog post is available in Irish only

Cuireadh dhá acmhainn nua le Gaois le déanaí. Ar an gcéad dul síos, cuireadh leagan ailínithe de Rialacha na nUaschúirteanna leis an mórchnuasach téacsanna reachtúla atá sa chorpas comhthreomhar. Is Ionstraim Reachtúil fhada é seo a leagann amach na rialacha a bhaineann leis an gCúirt Uachtarach, an Chúirt Achomhairc agus an Ardchúirt. Foilsíodh an leagan Béarla den Ionstraim i 1986 ach níor aistríodh go Gaeilge í go dtí 2017. B’é an Dr Micheál Ó Cearúil sa Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais a chóirigh an leagan Gaeilge.

Chun an leagan ailínithe a chruthú ba ghá an leagan Béarla agus an leagan Gaeilge a chur le chéile abairt ar abairt nó clásal ar chlásal, próiseas atá mionchúiseach go leor, go háirithe i gcás na bhfoirmeacha agus na táblaí atá le fail i bhfoscríbhinní na Rialacha. Is é toradh na hoibre seo ná go bhfuil fáil anois den chéad uair ar fhoireann iomlán Rialacha Cúirte na hÉireann i riocht ailínithe. Rinne foireann Gaois ailíniú ar na Rialacha Cúirte Cuarda agus na Rialacha Cúirte Dúiche tamall de bhlianta ó shin agus anois is féidir leo siúd a úsáideann bogearraí aistriúcháin ríomhchuidithe ar nós Trados comhad mór TMX dar teideal Rialacha Cúirte na hÉireann a íoslódáil anseo. Maidir le gnáthúsáideoirí an tsuímh, beidh torthaí ó Rialacha Cúirte na hÉireann, Rialacha na nUaschúirteanna san áireamh, le fáil sa chorpas comhthreomhar feasta.

An chéad chéim eile sa tionscadal seo ná téarmaíocht Rialacha na nUaschúirteanna a iniúchadh trí scagadh a dhéanamh ar an téacs nua-ailínithe. Beifear ag díriú go háirithe ar théarmaí a aithint nach bhfuil cláraithe in aon fhoinse eile. Cuirfear na téarmaí a aimseofar leis an téarmaíocht a baineadh ó na Rialacha Cúirte Cuarda agus Cúirte Dúiche cheana agus foilseofar an t-iomlán mar bhailiúchán ar leith i mbunachar téarmaíochta Gaois. Tá foireann Gaois buíoch den Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta a chuir maoiniú ar fáil don togra seo.

Baineann an dara hacmhainn a cuireadh le Gaois le gairid leis an mbunachar téarmaíochta, is é sin liosta cuimsitheach de ghearrtheidil Achtanna an Oireachtais ó 1922 go dtí an lá atá inniu ann. Chuir Rannóg an Aistriúcháin an liosta seo ar fáil d’fhoireann Gaois ionas go mbeadh an pobal in ann teacht air go saoráideach. Cé nach téarmaí iad na teidil seo sa chiall is cruinne, creidimid go bhfeileann siad níos fearr don bhunachar téarmaíochta ná don chorpas comhthreomhar. Tá muid an-bhuíoch den Rannóg as an mbailiúchán seo agus as ábhar luachmhar eile a roinnt linn thar na blianta.

Tá téarmaíocht ar leith le fáil i dteidil na nAchtanna, agus is minic brí éagsúil ag focal nó frása coitianta sa chomhthéacs reachtúil, cuir i gcás ‘an tAcht Leithreasa’.

Ní mór do lucht dréachtaithe reachtaíochta cloí leis na focail agus na frásaí céanna agus iad ag tagairt do na nithe céanna ó cháipéis go cáipéis. Sin an fáth a bhfaightear leaganacha nach bhfuil sna gnáthchúrsaíocht a thuilleadh sa reachtaíocht ó am go chéile, féach mar shampla, ‘An tAcht um Thrácht Cuartaíochta’, ar a dtabharfaí ‘An tAcht um Thrácht Turasóireachta’, is dócha, de réir nósanna an lae inniu. Is fiú a lua, chomh maith, go mbaineann roinnt mhaith de na teidil sa bhailiúchán seo leis an ré réamhchaighdeánach agus dá bhrí sin nach bhfuil an litriú atá ar fhocail áirithe ag teacht le gnásanna litrithe an Chaighdeáin Oifigiúil e.g. ‘An tAcht Groighe Náisiúnta, 1945’. An focal graí atá i gceist anseo, ar ndóigh.