Gaois

Díolaim Amhránaíocht ar an Sean-Nós ar ainm.ie

Blog post is available in Irish only

Cuireadh rannóg úr ar ainm.ie i dtreo dheireadh 2016 – Díolamaí. Ba í Díolaim Beathaí 1916 an chéad díolaim a cuireadh leis an rannóg seo agus tá an dara díolaim ar amhránaíocht ar an sean-nós ar fáil ann anois. Tugtar léargas ar chúlra agus ar fhréamhacha an traidisiúin sa chur síos a dhéanann an Dr Síle Denvir sa díolaim nua seo.


Séamus Ennis, bailitheoir ceoil, le Colm Ó Caoidheáin, amhránaí ó Ghlinsce, Maíros, Co. na Gaillimhe (© Cnuasach Bhéaloideas Éireann)

Faightear spléachadh ar na bailitheoirí amhrán “a chaomhnaigh oidhreacht luachmhar cheol agus amhránaíocht na Gaeilge” agus is féidir an nasc chuig beathaisnéis an bhailitheora chuí a luaitear sa díolaim a roghnú más spéis leat breis eolais a fháil ina thaobh.

Déantar cur síos ar thréithe suntasacha na n-amhrán mar aon leis na cineálacha amhrán sean-nóis atá ann chomh maith. Tá léarscáil idirghníomhach sa rannóg seo chomh maith. Taispeántar áiteanna breithe na n-amhránaithe ar ainm.ie agus is féidir zúmáil isteach a dhéanamh ar an mapa chun áit ar leith a chuardach. Tá an díolaim iomlán ar fáil le léamh anseo.