Gaois

Díolaim Beathaí 1916 ar Ainm.ie

Blog post is available in Irish only

Cuireadh rannóg nua ar Ainm.ie roimh an Nollaig – Díolamaí. Tá sé beartaithe go gcuirfear rogha beathaí ón mBunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge a bhaineann le himeachtaí, le téamaí nó le tréimhsí áirithe sa rannóg nua seo. Is í an chéad díolaim atá á foilsiú ná Díolaim Beathaí 1916.

'Birth of the Irish Republic' le Walter Paget

Is é atá i nDíolaim Beathaí 1916 ná liosta beathaí in ord aibítre atá luaite ar bhealaí éagsúla le hÉirí Amach 1916. Áirítear ann rannpháirtithe a ghlac páirt sa troid i gcaitheamh sheachtain na Cásca, daoine nár éirigh leo a bheith páirteach sna heachtraí agus daoine eile a raibh baint acu leis an Éirí Amach ar bhealach amháin nó ar bhealach eile. Tá beathaí luaite ar an liosta a bhaineann leo siúd a nocht tuairim láidir i dtaobh an Éirí Amach, tuairim dhiúltach i gcásanna áirithe.

Anuas ar na beathaí a luaitear sa rannóg seo, áirítear roinnt gearraistí ar théamaí éagsúla a bhaineann leis an tréimhse chéanna agus a foilsíodh ar bhlag Gaois.ie i gcaitheamh 2016: Frongoch — Ollscoil na Réabhlóide, Ról na mBan in Éirí Amach na Cásca agus Beatha agus Bás i ndiaidh Éirí Amach na Cásca. Tá léarscáil idirghníomhach sa rannóg úr seo chomh maith. Faightear an áit a raibh daoine áirithe lonnaithe um Cháisc 1916 sa chás go bhfuil ionad sonrach luaite i dtéacs na beatha. Is féidir zúmáil isteach a dhéanamh ar an mapa chun áit ar leith a chuardach.

Is féidir Díolaim Beathaí 1916 a chuardach ag an nasc seo agus cuirfear tuilleadh díolamaí leis an suíomh de réir a chéile.