Gaois

An Nollaig

Blog post is available in Irish only

Agus aimsir na Nollag ar na bacáin is tráthúil breathnú ar na tuiscintí agus ar na gnásanna a bhain leis an Nollaig ag dul siar agus go deimhin an chaoi a gcuirtear in iúl iad i mBailiúchán na Scol. Is díol suntais é go bhfuil cuid mhaith de na gnásanna seo fós le haireachtáil i saol na freacnairce – daoine ag baint cuilinn agus é á chrochadh sa teach mar aon le daoine óga ag dul ó theach go teach lá an Dreoilín.

Lá an Dreoilín

Ceann de na téamaí is coitianta a thagann chun cinn sa bhailiúchán faoi cheist na Nollag is ea oíche Nollag féin agus nósanna an phobail ina taobh. Deirtear i riar mhaith scéalta nár cheart glas a chur ar an doras ná dallóg a chur ar an bhfuinneog oíche Nollag ar fhaitíos go mbeadh an Mháthair Bheannaithe agus an leanbh Íosa ag lorg dídine an oíche sin.

Lastaí dhá choinneal déag sa teach agus dhá nó trí cinn a bheith ar lasadh i ngach fuinneog oíche Nollag i dtreo is go bhfeicfeadh an strainséir nó an taistealaí an solas agus go dtiocfadh sé isteach le bia agus dídean a fháil, dá mbeadh a leithéid ag teastáil uaidh. Deirtear gurbh é an duine is óige sa teach a lasadh na coinnle go hiondúil oíche Nollag.

Téama eile a ndéantar plé air sa bhailiúchán is ea Oíche Chinn Bliana. Dhéanadh bean an tí císte mór milis agus ar bhuille meánoíche bhuailtí an císte sin leis an doras chun an t-ocras a choinneáil amach ar feadh na bliana a bhí le teacht.

Tá a lán piseog faoi Lá Cinn Bliana mar a léirítear i scéal as an mBaile Glas Theas in oirthear na Gaillimhe. Sa scéal úd, deirtear má tá tú ag gol ar an lá sin go mbeidh tú ag gol gach lá ar feadh na bliana. Más bean an chéad duine a thagann isteach sa teach an lá sin beidh mí-ádh ar an teach sin. Ar Oíche Chinn Bliana fanann na daoine ina suí cois tine chun fáilte a chur roimh an mbliain úr.

Deirtear go dtagann deireadh leis an Nollaig ar oíche chinn an dá lá dhéagNollaig Bheag mar a thugtaí air. Ba nós leis na páistí coinnle feaga a dhéanamh as luachra agus dhéanadh bean an tí cáca in éindí leo ansin, cáca a gcuirtí na coinnle ina seasamh air ina dhiaidh sin. Luaití gach duine sa teach le ceann amháin do na coinnle a bhíodh ar lasadh ar an gcáca agus a thúisce agus a mhúchtaí an chéad choinneal, deirtí gurbh é an duine gur leis/léi í an chéad duine a gheobhaidh bás.