Gaois

Déanann Eolaí Óg cur síos ar an úsáid a bhain sí as dúchas.ie

Blog post is available in Irish only

Seo thíos blagmhír ó Kate Bagnall, buaiteoir Eolaí Óg na Bliana sa rannóg Eolaíochtaí Iompraíochta agus Sóisialta, agus buaiteoir Gradam Speisialta ón Chomhairle um Thaighde in Éirinn.

Kate Bagnell agus Bobbi Beattie, kingshospital.ie

Kate Bagnall is ainm dom. Rinne mé tionscnamh eolaíochta le mo chara Bobbi Beattie le haghaidh Chomórtas Eolaí Óg na Bliana 2019. Is an é an teideal a bhí ar an tionscamh ná “Using Statistics to Investigate Changing Use of Language in Irish Primary Students’ Writing after 80 Years”.

Tháinig an bunsmaoineamh le haghaidh an tionscnaimh seo ó na scéalta béaloidis a bhailigh mo shin-seanaintín, Julia Clancy in 1937 nuair a bhí sí sa bhunscoil in Uachtar Ard, Co. na Gaillimhe.

D’fhreastail mise ar Bhunscoil Bhaile Cheant (Kentstown), Co. na Mí agus mar sin roghnaíomar na scéalta a bailíodh in 1937-8 ó na páistí sa scoil sin. Rinneamar tras-scríobh ar na scéalta nach raibh tras-scríofa cheana féin. D’úsáideamar mata agus staitisticí chun patrúin agus úsáid focal a lorg sna scríbhinní a fuaireamar ar shuíomh dúchas.ie. Ansin chuamar go dtí Rang a 5 agus Rang a 6 sa scoil agus d’iarramar ar na páistí scéalta béaloidis a scríobh faoin cheantar. D’iarramar orthu gan scéalta a lorg as leabhair ná ar líne - bhí orthu dul chuig muintir na háite chun scéalta a fháil.

Foinse: Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0684, Leathanach 342

Nuair a fuaireamar na scéalta nua chuireamar ar an ríomhaire iad. Roghnaíomar 29 scéal go randamach ó bhailiúchán 1937-8 ó Bhunscoil Bhaile Cheant. Chuireamar na seanscéalta agus na scéalta nua-bhailithe i gcomparáid lena chéile. Le himeacht aimsire agus athruithe sa daonra, athraíonn an teanga a úsáidimid. Fuaireamar amach go raibh go leor focal a bhain leis an dúlra, cúrsaí bia, cúrsaí feirme agus cúrsaí aimsire imithe as úsáid i measc daltaí scoile in 2019. Fuaireamar amach maidir le húsáid teanga dhaltaí an lae inniu gur bhain siad níos mó úsáide as focail a bhaineann le slite beatha (teacher, politician) agus go raibh scéalta náisiúnta béaloidis i gceist níos mó acu, áit a ndearna daltaí in 1937 níos mó tagairte do scéalta áitiúla béaloidis.

Chuireamar an tionscnamh isteach ar an gcomórtas Eolaí Óg na Bliana sa rannóg Eolaíochtaí Iompraíochta agus Sóisialta. Bhaineamar an chéad áit amach sa rannóg chomh maith le Gradam Speisialta ón Chomhairle um Thaighde in Éirinn.

Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do shuíomh dúchas.ie as Bailiúchán na Scol a chur ar líne mar is deis iontach í chun staidéar a dhéanamh ar an úsáid teanga.

Údar: Kate Bagnall, Scoil Ospidéal an Rí, Baile Átha Cliath