Gaois

Tá Focal.ie 10 mbliana ar an bhfód an mhí seo!

Is i mí Eanáir 2005 a cuireadh tús leis an obair ar an mBunachar Náisiúnta Téarmaíochta, Focal.ie, le maoiniú ón AE agus Foras na Gaeilge. Chaith Fiontar an chéad chúpla bliain úd ag forbairt bunachair sonraí agus ag ionchur na mílte téarma as liostaí Word a bhí curtha le chéile ag an gCoiste Téarmaíochta. Cuireadh eolas breise leis na téarmaí sin, ar nós noda gramadaí, réimsí eolais agus foirmeacha infhillte.

Cuireadh an chéad leagan den bhunachar poiblí ar líne i mí an Mhárta 2006, agus rinneadh 10,000 cuardach an chéad mhí úd. D’fhás sé seo go tapa, agus faoi cheann bliana (i mí an Mhárta 2007) bhí os cionn 380,000 cuardach sa mhí á ndéanamh - agus déantar suas le milliún sa mhí sa lá inniu.

Tháinig Focal nuair a bhí athrú suntasach ag teacht ar ghairm an aistritheora, agus acmhainní ar líne is bogearraí aistriúcháin ag teacht in ionad na bhfoinsí cló. (Má tá spéis agat sa scéal, tá tuilleadh eolais faoi stair focal.ie ar fáil anseo.)

Ar ndóigh níor stop an obair ó shin i leith, agus is iomaí tionscadal agus fothionscadal a d’fhás as an mbuntasc digitithe úd: eagarthóireacht agus forbairtí nua ar an ábhar; bealaí nua lena sheachadadh (trí liostaí TBX, go móibíleach, ar CD-ROM, agus trí chórais eile ar nós EuroTermBank [nasc]), agus tionscadail eile ar fad a thóg ar an saineolas teicniúil agus teanga a d’fhás, de réir a chéile, in Fiontar. Tháinig scata foilseachán as, chomh maith, agus dhá thráchtas PhD.

Tá muid ag treabhadh linn: tá Gaois.ie á forbairt againn mar ardán d’acmhainní teanga agus téarmeolaíochta Fiontar, agus beidh bunachar nua téarmaíochta, do théarmaí as foinsí reachtúla, mar shampla, ar fáil ansin (ach tuilleadh faoi sin i bpostáil eile!).

Agus breithlá Focal.ie á cheiliúradh againn, ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le Foras na Gaeilge, ár bpáirtithe agus ár maoinitheoirí san obair seo, agus leis an bhfoireann uile a d’oibrigh ar Focal.ie thar na blianta. Agus libhse, na húsáideoirí, ar ndóigh!

An fhoireann i 2005

Na baill foirne a ghlacann páirt in obair Focal.ie ar a seal i 2014 (agus tá triúr seanfhondúirí fós ann: Caoilfhionn Nic Pháidín, Michal Boleslav Měchura agus Úna Bhreathnach)